Alternative low-bandwidth version Skip to main content

Tá seachtain fhuar amach romhainn

Tá tréimhse d’aimsir níos fuaire ná mar a bhíonn de ghnáth an tráth seo bliana romhainn in Éirinn an deireadh seachtaine seo, agus beidh na teochtaí i rith an lae go maith faoi bhun na meánteochtaí agus beidh roinnt oícheanta an-fhuar amach romhainn mar aon le sioc forleathan.
Bhí an méid seo a leanas le rá ag Emer Flood, meitéareolaí le Met Éireann: “Tá tréimhse fhuar eile amach romhainn an deireadh seachtaine seo ó tharla go mbeidh tionchar aermhais artach le brath ar fud na tíre ar an Aoine, mar aon le ceathanna geimhriúla anseo agus ansiúd d’fhlichshneachta, clocha sneachta agus sneachta i rith an deireadh seachtaine. Inniu (Dé hAoine, an 9ú lá) beidh na teochtaí idir 6 agus 10 Celsius, beidh an oíche an-fhuar agus beidh sioc forleathan de bhrí go laghdóidh na teochtaí go dtí thart ar -3 in áiteanna thar oíche.
“Beidh an Satharn fuar freisin agus beidh na teochtaí idir 5 agus 9 Celsius, agus titfidh siad go dtí thart ar -3 in áiteanna thar oíche agus beidh sioc forleathan agus d’fhéadfadh go mbeadh paistí oighir in áiteanna.”

 

An chairt réamhaisnéise don Satharn, an 10 Aibreán, ar a dtaispeántar aershreabh thuaisceartach fhuar trasna na hÉireann (dathanna gorma) a bheidh mar bhonn le teochtaí faoi bhun an mheáin, mar aon leis an seans go dtitfidh múrtha geimhriúla d’fhlichshneachta, clocha sneachta agus sneachta.

Mar aon le tréimhsí geala gréine i rith an deireadh seachtaine, d’fhéadfadh go mbeadh aermhais fhuar an Atlantaigh mar bhonn le ceathanna geimhriúla d’fhlichshneachta agus de chlocha sneachta anseo agus ansiúd ar an Satharn.  Chomh maith leis sin, beidh baol stoirmeacha toirní ann, mar aon le ceathanna sneachta ar chnoic agus ar shléibhte. Beidh na ceathanna níos éadroime agus ní bheidh siad chomh fairsing céanna ar an Domhnach.

D’fhéadfadh sioc forleathan an t-am seo bliana fadhbanna a chruthú do gharraíodóirí, rud a chiallaíonn gur cheart plandaí leochaileacha a chlúdach agus a chosaint ó dhamáiste seaca. Chomh maith leis sin, d’fhéadfadh an aimsir fhuar deacrachtaí a chruthú d’fheirmeoirí agus dá bharr sin táimid ag moladh d’fheirmeoirí súil a choinneáil ar ár réamhaisnéis feirmeoireachta. 

Bhí an méid seo a leanas le rá ag an meitéareolaí Emer Flood le linn di a bheith ag trácht ar an tseachtain seo chugainn: “Ní bheidh sé chomh fuar céanna níos déanaí ar an Domhnach, de bhrí go mbeidh gaotha aniar níos séimhe le brath seachas na gaotha aduaidh.  Beidh níos mó scamall sa spéir ar an Luan agus leathfaidh an bháisteach ó iarthar chuig formhór na tíre i rith an lae.  Beidh na teochtaí beagán níos airde ná mar a bhí i rith an deireadh seachtaine freisin, idir 7 agus 10 Celsius.”


Beag beann ar an gcineál aimsire a bheidh ann, lean an chomhairle sláinte poiblí agus cabhraigh le gach duine a choinneáil sábháilte ó COVID-19.

Má theastaíonn an réamhaisnéis 7-lá, gach uair an chloig is beaichte agus is cothroime le dáta uait le haghaidh do cheantair áitiúil ar Oileán na hÉireann tabhair cuairt ar met.ie. Tá na treoracha agus na rabhaidh aimsire is déanaí d’Éirinn le fáil ar leathanach Rabhaidh Met Éireann. Tá na seirbhísí seo agus tuilleadh seirbhísí nach iad le fáil ar ár n-aip saor in aisce – atá ar fáil ar an App store le haghaidh an iPhone, agus ar an Play store le haghaidh Android. Leann muid ar  Twitter agus Facebook má theastaíonn eolas breise uait maidir le cúrsaí aimsire agus aeráide.

You are here: