Ainmníodh Met Éireann mar Eagraíocht Earnála Poiblí na Bliana ag Gradaim Cheannaireachta na hÉireann maidir leis an Athrú Aeráide (GCÉAA) 2025 (ICCLA).
Dé Céadaoin, 8 Deireadh Fómhair
Déanann ócáid bhliantúil GCÉAA ceiliúradh ar éachtaí suntasacha a baineadh amach in inbhuanaitheacht agus gníomhaíocht aeráide thar réimse earnálacha agus tugadh aitheantas do Met Éireann as an ról atá aige maidir le heolaíocht aeráide a chur chun cinn in Éirinn agus seirbhísí aeráide a fhorbairt a thacaíonn le cinnteoireacht náisiúnta agus a chuidíonn le todhchaí atá níos athléimní ó thaobh na haeráide de a chruthú.

Baill d’fhoireann na Rannóige Seirbhísí Aeráide leis an duais ‘Eagraíocht Earnála Poiblí na Bliana’ ag Gradaim Cheannaireachta na hÉireann maidir leis an Athrú Aeráide
Ag labhairt dó tar éis an gradam a fháil, dúirt Keith Lambkin, Ceannaire na Rannóige Seirbhísí Aeráide: “Gabhaimid buíochas mór lenár gcomhpháirtithe iomadúla sa bhaile agus thar lear, atá ag cabhrú linn faisnéis speisialaithe aeráide a fhorbairt agus a sholáthar, chun tacú le beartas, pleanáil agus gníomhaíocht aeráide ar fud gach earnála in Éirinn.”
Mar fhreagra ar na rioscaí aeráide atá ag dul i méid in Éirinn, tá a sainordú leathnaithe ag Met Éireann chun ról ceannaireachta lárnach a ghlacadh maidir le hathléimneacht agus oiriúnú aeráide a spreagadh in Éirinn.
Agus a bPlean Straitéiseach 2024–2034 mar threoir acu, tá seirbhísí aeráide curtha i gcroílár a chuid oibre ag Met Éireann. Trí Rannóg thiomnaithe Seirbhísí Aeráide a bhunú, an Creat Náisiúnta do Sheirbhísí Aeráide (CNSA) a fhorbairt agus rannpháirtíocht leanúnach trasna earnálacha an rialtais, tá an eagraíocht ag obair lena chinntiú go ndéantar athléimneacht aeráide a chomhtháthú go straitéiseach agus go hoibríochtúil sa phleanáil náisiúnta. Is bunchloch den obair seo é TRANSLATE an chéad tacar sonraí réamh-mheastachán aeráide caighdeánaithe ardtaifigh in Éirinn.

Keith Lambkin ag labhairt tar éis dó an duais ‘Eagraíocht Earnála Poiblí na Bliana’ a ghlacadh thar ceann Met Éireann ag Gradaim Cheannaireachta na hÉireann maidir leis an Athrú Aeráide 2025
Oibríonn Met Éireann go dlúth freisin le húdaráis áitiúla, le comhlachtaí bainistíochta éigeandála agus le comhlachtaí earnála chun réamhaisnéisí agus treoir maidir le tuilte, measúnachtaí ar leochaileacht bonneagair, agus rabhaidh aimsire a bhfuil tionchar mór ag baint leo a chur ar fáil. Úsáidtear a chuid seirbhísí trasna earnálacha éagsúla, lena n-áirítear uisce, fuinneamh, oidhreacht, talmhaíocht agus airgeadas.
Maidir leis an CNSA
Trí fhorbairt an Chreata Náisiúnta do Sheirbhísí Aeráide (CNSA), tá sásra bunaithe ag Met Éireann a nascann táirgeoirí sonraí aeráide le húsáideoirí deiridh i réimsí an bheartais, na pleanála agus an bhonneagair.
Cinntíonn an CNSA go bhfeidhmíonn gach earnáil in Éirinn bunaithe ar thuiscint chomhtháite, fhianaisebhunaithe ar riosca aeráide, rud a chuireann ar chumas na tíre oiriúnú náisiúnta a dhéanamh sa deireadh. Aithníodh na hiarrachtaí seo go hidirnáisiúnta i dtuarascáil na Náisiún Aontaithe 2024 maidir le Staid na Seirbhísí Aeráide inar luadh CNSA na hÉireann mar shampla den scoth de sholáthar seirbhísí náisiúnta comhordaithe.
Maidir le TRANSLATE
Cuireann TRANSLATE na chéad réamh-mheastacháin chaighdeánaithe ardtaifigh d’Éirinn ar fáil. Forbraíodh é i gcomhar le hOllscoil na Gaillimhe–Ionad na hÉireann um Ríomhaireacht Ardleibhéil (IÉRA) agus le Coláiste na hOllscoile, Corcaigh–Ionad Taighde FEÉ (Fondúireacht Eolaíochta Éireann) um Fhuinneamh, Aeráid agus Muir (MaREI), agus fuair sé tacaíocht ó chlíomeolaithe de chuid Met Éireann. Tacaíonn TRANSLATE le príomhstraitéisí náisiúnta, lena n-áirítear an Plean Gníomhaithe ar son na hAeráide, an Creat Náisiúnta um Oiriúnú, Pleananna Oiriúnaithe Earnála agus an Measúnú Náisiúnta ar Rioscaí Athraithe Aeráide.
Chabhraigh tionscadal TRANSLATE cheana féin le beartas don fhíorshaol a mhúnlú. Mar shampla, i gcomhar le Bonneagar Iompair Éireann (BIÉ), thacaigh Met Éireann le staidéar a léirigh go bhféadfadh nach mbeadh na caighdeáin reatha draenála bóithre leordhóthanach i bhfianaise na gcoinníollacha báistí a bheidh ann sa todhchaí. Mar thoradh air seo, rinneadh athbhreithniú náisiúnta ar na treoirlínte bonneagair, rud a léirigh oiriúnú bunaithe ar ghníomh.
Chun tuilleadh eolais a fháil faoin CNSA, faoi TRANSLATE, nó faoi aon tionscnaimh eile de chuid na Rannóige Seirbhísí Aeráide, déan teagmháil le enquiries@met.ie