Rabhaidh Aimsire

Is é Met Éireann Seirbhís Náisiúnta Meitéareolaíochta na hÉireann agus ar cheann de na róil is tábhachtaí atá aige tá réamhaisnéisí agus rabhaidh aimsire a eisiúint d’Éirinn. Is é an sainordú príomha atá ag an tSeirbhís Aimsire Phoiblí ná beatha a chosaint agus sábháilteacht na saoránach a chinntiú. Tacaíonn an tseirbhís freisin le gníomhaíochtaí na saoránach agus gníomhaireachtaí eile chun damáiste do mhaoin a mhaolú agus chun cur isteach ar ghníomhaíocht gheilleagrach a laghdú agus sa chaoi sin tacú le cinntí a dhéanamh maidir le teagmhais aimsire.
Eisíonn Met Éireann a phríomhshraith rabhadh idir 10am agus meán lae agus déantar iad a nuashonrú más gá de réir mar a bhíonn faisnéis nua ar fáil. Go ginearálta, ní eiseofar rabhaidh níos mó ná 48 uair an chloig roimh an drochaimsir a bhfuiltear ag súil leis ach eisítear comhairle faoi ghuaiseacha a d’fhéadfadh a bheith ann suas le seachtain roimh ré.
Braitheann tionchair ghaoithe, báistí agus sneachta srl. ar shuíomh na háite, ar chúrsaí aimsire a bhí ann le déanaí, ar an bhail atá ar an talamh, an t-am den bhliain atá ann agus fad an teagmhais. Go háirithe, is féidir le huainiú agus leis an áit ina dtarlaíonn ag teagmhas millteach drochaimsire dul i bhfeidhm go mór ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith aige ar an tsochaí nó ar an ngeilleagar.
Tá an códú datha a úsáideann Met Éireann ag teacht go hiomlán le dea-chleachtas idirnáisiúnta agus le córas Meteoalarm na hEorpa (www.meteoalarm.eu)

 

Buí Ní bheidh aimsir neamhghnách ann. Contúirt logánta.
Flannbhuí Annamh. Contúirteach/a chuirfidh isteach go mór ar chúrsaí
Dearg Fíorannamh. Thar a bheith contúirteach/millteach

Grúpa Náisiúnta Comhordaithe Éigeandála (GNCÉ)

Is iad na hÚdaráis Áitiúla na príomhghníomhaireachtaí chun comhordú a dhéanamh ar an bhfreagra a bhíonn le tabhairt ar éigeandálaí drochaimsire. Sa chás go meastar go mbeidh tionchar ag éigeandálaí aimsire ar shábháilteacht an phobail ar an leibhéal náisiúnta, glaonn an Oifig Pleanála Éigeandála ar an Ionad Náisiúnta Comhordaithe Éigeandálaí (NECG) ar iarratas ón Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta. Is í sin an Phríomhroinn Rialtais a dhéileálann le héigeandálaí aimsire.

Grúpa Náisiúnta Comhordaithe Éigeandála (GNCÉ)

Soláthraíonn Met Éireann na mionteagaisc aimsire don NECG, trína dtugtar le chéile gach Roinn Rialtais agus gníomhaireachta agus eagraíocht ábhartha, chun tacú leis an bhfreagra a thabharfar go háitiúil agus chun comhordú a chinntiú ar fud an “Rialtais Uile” le linn na héigeandála.

Comhairlí Aimsire

Eisítear Comhairlí Aimsire suas le seachtain roimh ré chun faisnéis luath a sholáthar maidir le drochaimsir a d’fhéadfadh a bheith baolach. Is féidir iad a eisiúint freisin nuair a chruthaíonn dálaí éagsúla aimsire guais shuntasach agus iad ag gníomhú le chéile, m.sh. gaoth nach gcruthódh guais ann féin ach a d’fhéadfadh baol tuilte a chruthú dá shéidfeadh sí nuair a bheadh taoidí arda agus borradh farraige ann. D’fhéadfaí comhairle aimsire a eisiúint freisin le faisnéis a thabhairt faoi threo agus luas na gaoithe nuair a bheadh baol ann maidir le luaithreamhán bolcánach teacht ar an ngaoth. D’fhéadfaí iad a eisiúint freisin chun comhairle a thabhairt maidir le méideanna móra báistí a bhfuiltear ag súil leo sa mheántéarma le linn tréimhse an-athraitheach aimsire, nuair is eol go bhfuil ithreacha báite le huisce cheana féin. Is faoi bhreithiúnas Meitéareolaithe/Réamhaisnéiseoirí Met Éireann a bhíonn sé i gcónaí rabhaidh aimsire agus comhairlí aimsire a eisiúint.

Cathain a eiseofar Rabhaidh Aimsire?

Go ginearálta eiseofar Rabhaidh Aimsire nuair a bheifear ag súil le dálaí aimsire a chomhlíonann na tairseacha mionsonraithe thíos laistigh de thréimhse 48 uair an chloig. Beidh ar an réamhaisnéiseoir cinneadh a dhéanamh faoi dhéine fhéideartha na ndálaí aimsire agus an dóchúlacht go dtarlóidh siad. D’fhéadfadh sé a bheith riachtanach uaireanta Rabhaidh Aimsire a eisiúint maidir le tréimhse níos faide ná na 48 uair an chloig (mar shampla i gcás deireadh seachtainí, tréimhsí saoire), má bhíonn dóthain cinnteachta le fáil faoin scéal ó scrúdú na gcairteacha aimsire. De ghnáth, áfach, bainfear úsáid as Comhairle Aimsire (féach thuas) chun drochaimsir a fhógairt i leith tréimhse níos faide ná 48 uaire an chloig agus ní bhainfidh siad ach le guaiseacha aimsire “Flannbhuí” nó “Dearg”.

Ós rud é go ndírítear sna Rabhaidh Aimsire ar “Thionchair” aimsire a d’fhéadfadh a bheith ann seachas ar na luachanna uimhriúla atá ag gnéithe éagsúla na haimsire iad féin, d’fhéadfadh sé a bheith oiriúnach uaireanta rabhaidh a eisiúint ag leibhéal níos airde ná mar a bhfuiltear ag súil leis go cinnte. Mar shampla, nuair a bhítear ag súil le báisteach throm nach sásódh go díreach na critéir maidir le “Rabhaidh Flannbhuí” ach a d’fhéadfadh tuilte suntasacha a chruthú toisc go bhfuil an talamh báite le huisce cheana féin, nó toisc go mbeadh báisteach, gaoth agus taoide ard ann ag an am céanna cois cósta.

Critéir maidir le Rabhaidh Aimsire

Tá na critéir maidir leis na leibhéil éagsúla rabhaidh (Buí, Flannbhuí agus Dearg) agus na gnéithe éagsúla aimsire leagtha amach sna táblaí thíos. Is treoirlínte láidre iad na critéir uimhriúla seo ach braitheann tionchair ghaoithe, báistí agus sneachta srl. ar shuíomh na háite, ar chúrsaí aimsire le déanaí, ar an bhail atá ar an talamh, an t-am den bhliain atá ann agus fad an teagmhais.

 

 

STÁDAS BUÍ

Ní chruthaíonn an aimsir baol don phobal i gcoitinne ach d’fhéadfadh sí a bheith contúirteach i gceantair ar leith.

Bí ar an eolas faoi na dálaí meitéareolaíochta agus seiceáil an bhfuil tú i mbaol de bharr do chineál gníomhaíochta nó an suíomh faoi leith ina bhfuil tú. Ná cuir tú féin i mbaol más féidir leat é a sheachaint.

An Ghaoth
Meánluas: 10 nóiméad
Séideán: 1 nóiméad
Meánluasanna go forleathan idir 50 agus 65km/u
Séideáin forleathana idir 90 agus 110km/u
Rabhaidh Ghaoithe Cois Cósta
Meánluasanna suas le 30 muirmhíle amach ón gcósta
Fórsa Gála 8 go Fórsa Gála Láidir 9.
Báisteach
Is féidir suas lena dhá oiread
báistí titim ar fhánaí níos airde ar
thaobh na gaoithe agus
braithfidh an tionchar ar rudaí
mar thaise na talún.
20mm – 30mm i 6 uaire nó níos lú.
30mm – 40mm i 12 uair nó níos lú.
30mm – 50mm i 24 uair an chloig
Sneachta/Oighear 3cm nó níos mó i 24 uair an chloig
Teocht Íseal/Oighear Táthar ag súil gurb é lúide 3C nó lúide 4C an teocht aeir is ísle thar limistéar leathan (beidh luachanna níos ísle i gceantair ar leith).
Dromchlaí contúirteacha mar gheall ar oighear agus/nó sneachta ina luí orthu. Cúrsaí ag feabhsú.
Teocht Ard >27/15/>27
Táthar ag súil le huasmhéideanna os cionn 27C agus íosmhéideanna os cionn 15C thar tréimhse 36 uair an chloig.
Stoirm Thóirní Stoirmeacha toirní in áiteanna/tintreach/báisteach throm.
Ceo (nó ceo seaca) Ceo trom thar limistéar leathan nó paistí ceo seaca in áiteanna.

 

STÁDAS FLANNBHUÍ

Dálaí aimsire contúirteacha, neamhchoitianta a d’fhéadfadh beatha agus maoin a chur i mbaol.

Ullmhaigh tú féin chuige ar bhealach cuí ag brath ar do shuíomh agus ar do ghníomhaíocht. D’fhéadfaí tionchar suntasach a imirt ar gach duine agus maoin sna limistéir a bhuailfear.

Seiceáil do ghníomhaíocht/an rud atá beartaithe agus cuir siar é nó cur ar ceal é de réir mar is cuí.

An Ghaoth
Meánluas: 10 nóiméad
Séideán: 1 nóiméad
Meánluasanna go forleathan idir 65 agus 80km/u
Séideáin fhorleathana idir 110 agus 130km/u
Rabhaidh Ghaoithe Cois Cósta
Meánluasanna suas le 30 muirmhíle amach ón gcósta
Stoirm Fórsa 10
Báisteach
Is féidir suas lena dhá oiread
báistí titim ar fhánaí níos airde
ar thaobh na gaoithe agus
braithfidh an tionchar ar rudaí
mar thaise na talún.
30mm – 50mm i 6 uaire nó níos lú.
40mm – 60mm i 12 uair nó níos lú.
50mm – 80mm i 24 uair an chloig
Sneachta/Oighear 3cm nó níos mó i 6 uaire
5cm nó níos mó i 12 uair
10cm nó níos mó i 24 uair an chloig
Low Temperature/Ice Táthar ag súil le híosteocht aeir ó lúide 5C go lúide 10C (nó níos ísle) thar limistéar leathan.
Dromchlaí contúirteacha mar gheall ar oighear agus/nó sneachta ina luí orthu/báisteach sheaca. Cúrsaí seasmhach
Teocht Íseal/Oighear >30/20/>30/20/>30
Uasmhéideanna os cionn 30C ar feadh trí lá agus íosmhéideanna 20C ar feadh dhá oíche (i ndiaidh a chéile)
Stoirm Thóirní Stoirmeacha forleathana toirní/an-tintreach/báisteach
throm/déanfaidh clocha móra sneachta damáiste
Ceo (nó ceo seaca) Leanfaidh ceo trom/ceo seaca ar aghaidh thar
limistéar leathan a chruthóidh guais shuntasach,
fhorleathan tiomána ar phríomhbhealaí náisiúnta.

 

STÁDAS DEARG

Dálaí aimsire neamhchoitianta agus an-chontúirteach de bharr feiniméin dhiana mheitéareolaíochta.

Déan rud éigin chun tú féin agus do mhaoin a chosaint.

Lean na treoracha agus an chomhairle a thugann na húdaráis i ngach cás agus bí réidh le haghaidh bearta eisceachtúla.

An Ghaoth
Meánluas: 10 nóiméad
Séideán: 1 nóiméad
Meánluasanna forleathana os cionn 80km/u
Séideáin fhorleathana os cionn 130km/u
Rabhaidh Ghaoithe Cois Cósta
Meánluasanna suas le 30 muirmhíle amach ón gcósta
Stoirm Fhoréigneach Fórsa 11/Hairicín fórsa 12
Báisteach
Is féidir suas lena dhá oiread báistí titim
ar fhánaí níos airde ar thaobh na gaoithe agus
braithfidh an tionchar ar rudaí mar thaise na talún.
Níos mó ná 50mm i 6 uaire nó níos lú.
Níos mó ná 60mm i 12 uair an chloig nó níos lú.
Níos mó ná 80mm i 24 uair an chloig nó níos lú
Sneachta/Oighear 10cm nó níos mó i 6 uaire
15cm nó níos mó i 12 uair an chloig
30cm nó níos mó i 24 uair an chloig
Teocht Íseal/Oighear Íosteocht aeir de lúide 10C (nó faoina bhun) ar feadh trí oíche as a chéile nó níos faide. Uasteocht de lúide 2C.
Dromchlaí contúirteacha mar gheall ar oighear agus/nó sneachta ina luí orthu/báisteach sheaca. Is cosúil go rachaidh an scéal in olcas
Teocht Ard Mar atá i gcas critéir flannbhuí, ach leanfaidh
sé ar aghaidh ar feadh cúig lá agus oíche as a chéile
Stoirm Thóirní Eisceachtúil
Ceo (nó ceo seaca) Eisceachtúil

Cairt Aimsire Crua