Mar chuid den chomhoibriú leanúnach idir Met Éireann agus Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, suiteáladh gléas nuálach uathoibrithe tomhais pailine bunaithe ar theicneolaíocht léasair an-tapa ar dhíon Cheanncheathrú Met Éireann i nGlas Naíon.
Fíor 1-2: An t-aonad léasair nua, “SwissensPoleno Jupiter”, suiteáilte ar dhíon Cheanncheathrú Met Éireann i nGlas Naíon.

Fíor 3: An bealach ‘traidisiúnta’ chun pailin a thomhas. Is éard atá i gceist leis seo ná iontógáil aeir ar scannán greamaitheach a bhailítear gach 7 lá, agus ansin caithfear anailís a dhéanamh air i saotharlann.
Tá an modh reatha tomhais pailine bunaithe den chuid is mó ar theicneolaíocht a forbraíodh sna 1950idí, agus is modh mall, casta agus dian ar shaothar atá ann, a sholáthraíonn torthaí am ar bith idir trí agus naoi lá tar éis an tomhas a dhéanamh. Chun bogadh ar aghaidh ón modheolaíocht seo atá as dáta anois, is féidir le teicneolaíochtaí léasair nua cáithníní pailine a aithint láithreach, rud a chiallaíonn gur féidir réamhaisnéis i bhfad níos cruinne a fhorbairt.
Tá ailléirge pailine de chineál éigin ag suas le 30% de dhaonra reatha na hEorpa (Lake et al., 2017), agus tá leitheadúlacht ailléirge méadaithe go suntasach le blianta beaga anuas, mar gheall ar athruithe aeráide go príomha. Mar thoradh air sin, táthar ag súil go méadófar faoi dhó nó níos mó líon na ndaoine atá ag fulaingt le hailléirge faoin mbliain 2060 (Beggs et al., 2017; Lake et al., 2017) [1]. Tá an ceathrú ráta is airde ar domhan de dhaoine atá ag fulaingt le hailléirge aeriompartha in Éirinn, agus bíonn tionchar aige ar idir 25% agus 40% den daonra. Bíonn tionchar aige seo ar chórais sláinte phoiblí agus phríobháideacha chomh maith le tionchair shocheacnamaíocha ar an tsochaí i gcoitinne.
Gach bliain le linn an tséasúir pailine, cuireann Met Éireann seirbhís réamhaisnéise pailine ar fáil ar a shuíomh gréasáin agus ar a aip don trí lá amach romhainn, ach is é an ©tAonad Náisiúnta Taighde Pailine agus Aeraibhitheolaíochta, Ollscoil Worcester, an Ríocht Aontaithe, a sholáthraíonn an réamhaisnéis seo. Dá mbeadh réamhaisnéis an-chruinn bunaithe ar Éirinn ar fáil, bheadh deis ag daoine atá ag fulaingt le hasma agus le hailléirge díriú ar an úsáid a bhaineann siad as frith-hiostaimíní, agus bheadh buntáistí suntasacha folláine agus eacnamaíochta ag baint lena leithéid.
Agus é sin ar fad á chur san áireamh, rinne Met Éireann & an Dr David O’Connor in Ollscoil Chathair BÁC, áiteamh le haghaidh gréasán náisiúnta de léasair speisialaithe, uathoibrithe phailine.
Tá an chéad gharsprioc a bhaineann leis an ngréasán seo díreach curtha i gcrích – suiteáladh aonad “SwissensPoleno Jupiter” ar dhíon cheanncheathrú Met Éireann i nGlas Naíon. Is féidir leis an léasar tomhais cáithníní optúla úrscothach seo pailin agus raon truailleán agus spór aeriompartha san atmaisféar a thomhas. Tá an t-aonad ag rith taobh le haonad níos traidisiúnta ionas gur féidir torthaí a chur i gcomparáid lena chéile go héasca. Is féidir le hIntleacht Shaorga (IS) laistigh den aonad na cáithníní aonair a aithint, a méid a shoiléiriú agus iad a chomhaireamh agus na torthaí a chur isteach i samhlacha scaipthe más gá, beagnach láithreach.
Bhí an méid seo a leanas le rá ag Sarah Gallagher, Ceann na Rannóige Breathnóireachta in Met Éireann:: “Cúis áthais do Met Éireann comhoibriú ar an tionscadal tábhachtach seo chun feabhas a chur ar mhonatóireacht agus ar thuar pailine agus bithaerasól in Éirinn. Tiocfaidh athrú nuálach ar an mbealach a gcuirimid seirbhísí pailine ar fáil don phobal agus d’earnálacha ábhartha sna blianta amach romhainn.”
Má éiríonn le céim 1 den tionscadal (“an céim chosáin”), beidh rolladh amach náisiúnta aonad monatóireachta pailine ar fud na tíre i gceist i rith chéim 2. Is é an plean atá ann ná thart ar chúig láithreán déag a bhunú ar fud na tíre, i suímh straitéiseacha, chun faisnéis maidir le cineálacha difriúla pailine a bhailiú. D’fhéadfadh gréasán den sórt sin sonraí iontaofa a chur ar fáil go héasca do shamhaltóirí scaipthe agus cabhrú go mór leo siúd atá ag fulaingt le hailléirgí aeriompartha.
Fíor 4-5 : An taobh istigh den aonad léasair nua, “SwissensPoleno Jupiter”, suiteáilte ar dhíon Cheanncheathrú Met Éireann i nGlas Naíon”
[1] https://www.epa.ie/publications/research/environment–health/Research_Report_420.pdf



