Briseadh taifead náisiúnta uasteochta aeir Mhí na Bealtaine in Éirinn agus Iarthuaisceart na hEorpa faoi thionchar cruinneacháin láidir ardbhrú (Heat Dome)
Eisithe: Dé Máirt 26 Bealtaine 2026
Dé Luain, an 25 Bealtaine 2026, sáraíodh go sealadach an taifead náisiúnta d’uasteocht aeir Mhí na Bealtaine ag roinnt stáisiún aimsire de chuid Met Éireann ar fud na tíre. Bhí seans láidir ann freisin go ndéanfaí teocht níos airde fós a thaifeadadh i gcodanna áirithe den tír inniu (Dé Máirt).
- As 25 stáisiún Met Éireann, shroich Aerfort na Sionainne, Co. an Chláir, 28.6°C, rud a sháraigh an taifead náisiúnta roimhe seo de 28.4°C, a socraíodh in Ard Fhearta, Co. Chiarraí, ar an 31 Bealtaine 1997.
- As stáisiúin CAMP (Clár Monatóireachta Aeráide agus Uathoibríoch), sháraigh trí stáisiún eile an sean-taifead:
Cill Airne (Teach Mhucrois) 29.1 °C
Cluain Meala WWTP 29.1 °C
AN GLEANN GARBH (Ilnacullin) 29.2 °C
(Tá na luachanna seo sealadach agus faoi réir athbhreithnithe agus fíoraithe).
- Sháraigh naoi stáisiún eile a dtaifid áitiúla d’uasteocht Mhí na Bealtaine freisin.
Cad is cúis leis na teochtaí arda seo?
Tá iarthuaisceart na hEorpa, Éire san áireamh, faoi láthair faoi thionchar córas dian ardbhrú atá ag síneadh tríd an atmaisféar, agus an scairdsruth suite níos faide ó thuaidh. Cruthaíonn sé seo aer atá ag dul síos trí shraitheanna uile an atmaisféir. De réir mar a théann an t-aer síos, comhbhrúitear é agus éiríonn sé níos teo ó lá go lá. Sháraigh tíortha eile in iarthuaisceart na hEorpa, amhail an Fhrainc agus an Ríocht Aontaithe, a dtaifid náisiúnta d’uasteocht Mhí na Bealtaine inné freisin, agus ceaptar go n-ardóidh na teochtaí tuilleadh inniu.
Dúirt an clíomeolaí Paul Moore: “Nuair a bhíonn córas an-láidir ardbhrú againn atá ag síneadh tríd an atmaisféar agus aer ag dul síos ar feadh roinnt laethanta, féadfaidh na huasteochtaí a bhaintear amach a bheith níos airde ná mar a bhí i gcásanna cosúla san am atá thart, mar gheall ar an téamh cúlra méadaithe atá á chruthú ag an athrú aeráide..”

Cairt Anailíse Aermhaise 18 AUL 25 Bealtaine 2026: Tá ardbhrú i gceannas ar iarthuaisceart na hEorpa, agus mais aeir an-te ag síneadh thar Éirinn.

Léiríonn cairteacha uachtaracha ECMWF (300 hPa agus 500 hPa) seo go bhfuil an córas ardbhrú ag síneadh trí shraitheanna éagsúla an atmaisféir.
An bhfuil an t-athrú aeráide ina chúis leis?
- Tá méadú tagtha ar mhinicíocht agus ar dhéine imeachtaí aimsire foircní mar gheall ar an athrú aeráide. De réir mar a ardaíonn teocht an domhain, is dóichí go mbeidh tréimhsí teasa foircní níos teo agus níos minice.
- Tá meánteocht na hÉireann tar éis méadú thart ar 1.1°C ó 1900.
- Cé go bhfuil an Eoraip ag téamh faoi dhó chomh tapa leis an meán domhanda, níl Éire ag téamh chomh tapa céanna mar gheall ar thionchar leanúnach an Aigéin Atlantaigh.
- Ba é an uair dheireanach a taifeadadh teochtaí os cionn 25°C go forleathan in Éirinn ná an 12 agus an 13 Lúnasa 2025. Ba í 28.1°C an teocht ab airde le linn na tréimhse sin, a taifeadadh ag Aerfort na Sionainne, Co. an Chláir, Dé Máirt, an 12 Lúnasa.
- Táthar ag súil go leanfaidh meánteocht na hÉireann ag ardú amach anseo mar thoradh ar an athrú aeráide. Méadóidh sé sin an baol go mbeidh imeachtaí teasa foircní níos minice agus níos déine.

Teochtaí aeir agus aimhrialtachtaí teochta ag stáisiúin Dé Luain, an 25 Bealtaine 2026