Gach bliain, cuireann an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara (RTBM) i gcomhar le Met Éireann, UCD, Teagasc agus Sláinte Ainmhithe Éireann comhairle ar fheirmeoirí faoin riosca a bhfuiltear ag súil leis go mbeidh ag galar leithe uisce, de bharr na leithphéiste (Fasciola hepatica), i mbeostoc don gheimhreadh sin. Tá tábhacht eacnamaíoch ag baint le galar leithe uisce in eallach, caoirigh agus gabhair. Tá réamhaisnéis na bliana seo bunaithe ar shonraí meitéareolaíochta a bhailigh Met Éireann idir mí na Bealtaine agus mí Dheireadh Fómhair 2023.
Baineann Met Éireann úsáid as sonraí meitéareolaíochta chun innéacs Ollerenshaw a ríomh, samhail thuarthach a úsáidtear chun meastóireacht a dhéanamh ar na dálaí aeráide i séasúr a théann i bhfeidhm ar fhorbairt leithe uisce. Úsáideann an tsamhail meastacháin mhíosúla ar iomláin imghalaithe féideartha agus titime báistí thomhaiste, mar aon le líon na laethanta báistí (laethanta le báisteach 0.2 mm) chun an rannchuidiú míosúil le hinnéacs an tséasúir a dhéanamh amach:
Sa chás go bhfuil luach innéacs Ollerenshaw níos mó ná 100 (mar atá i mí fhliuch) tugtar uasluach 100 dó. Glactar leis go mbeidh céim forbartha an tseilide óstaigh níos moille i mí na Bealtaine agus i mí Dheireadh Fómhair mar gheall ar theochtaí níos ísle, laghdaítear an luach uasta do na míonna seo i.e. 50. Is é 500 an luach uasta don innéacs samhraidh. Tá an t-innéacs roinnte i dtrí chatagóir de mhinicíocht ghalair:
- Iomlán < 300 = Beagán galair nó gan aon ghalar,
- 300 <= Iomlán <= 400 = Caillteanais Ócáideacha
- Iomlán > 400 = Leitheadúlacht ard ghalair
Achoimre ar Réamhaisnéis Galair
Tuarann Innéacs Samhraidh Ollerenshaw 2023 go mbeidh ionfhabhtú forleathan i ngach ceantar in Éirinn seachas i ndeisceart Laighean, áit a bhfuil an baol galair beagán níos ísle (Fíor 1). Tá luachanna arda an innéacs mar gheall ar na coinníollacha teo, fliucha a tharla i mí Iúil, Lúnasa, Meán Fómhair agus Deireadh Fómhair.
Faireachán ar Ghalar
Is gnách go mbíonn ionfhabhtú leithe uisce ainsealach in eallach, rud as a n-eascraíonn drochshláinte agus feidhmíocht bhocht ainmhithe. Cé gur féidir le caoirigh galar ainsealach a bheith acu freisin, d’fhéadfadh comharthaí cliniciúla níos géire a bheith mar thoradh ar ionfhabhtuithe freisin, agus bás tobann i gcásanna infhabhtuithe dúshlánacha troma.
Ba chóir d’úinéirí beostoic a bheith airdeallach maidir le haon chomharthaí breoiteachta ina n-ainmhithe agus dul i gcomhairle lena gcleachtóir tréidliachta príobháideach (CTP) má tá imní orthu. I gcásanna nach bhfuil cúis an bháis soiléir, moltar go ndéanfadh CTP conablaigh a atreorú chuig an tSaotharlann Tréidliachta Réigiúnach áitiúil le haghaidh scrúdú iarbháis.
Is foinse luachmhar faisnéise d’úinéirí beostoic iad taifid seamlais ar stoc ramhraithe a díoladh roimhe seo maidir le leitheadúlacht ionfhabhtaithe leithe uisce ar a bhfeirm féin nó maidir le héifeachtúlacht a gclár rialaithe.
Tá tuilleadh sonraí faoi mhinicíocht galar leithe uisce in 2023 agus faoi chóireáil agus rialú ar fáil i bpreasráiteas RTBM: https://www.gov.ie/en/press-release/ec21e-liver-fluke-forecast-november-2023/
