Gréasán Monatóireachta ar Thais Ithreach na hÉireann (ISMON)

Stáisiún Monatóireachta ar Thais Ithreach ag Feirm Thaispeántais Thulach Mhór, Co. Uíbh Fhailí, inar seoladh ISMON 5 Dheireadh Fómhair 2021. Ar thaobh na láimhe deise Braiteoir Neodróin Gha Cosmaigh le painéal gréine, sa lár an lógálaí sonraí, teirmiméadar aeir agus féir, agus braiteoir taise coibhéisigh, agus ar thaobh na láimhe clé tomhais báistí chun frasaíocht a thomhais. I bhfad feictear sa bhosca cumair suíomh na dtóireadóirí taise ithreach. Grianghraf ag Tamara Hochstrasser 5 Dheireadh Fómhair 2021.

Stáisiún Monatóireachta ar Thais Ithreach ag Feirm Thaispeántais Thulach Mhór, Co. Uíbh Fhailí, inar seoladh ISMON 5 Dheireadh Fómhair 2021. Ar thaobh na láimhe deise Braiteoir Neodróin Gha Cosmaigh le painéal gréine, sa lár an lógálaí sonraí, teirmiméadar aeir agus féir, agus braiteoir taise coibhéisigh, agus ar thaobh na láimhe clé tomhais báistí chun frasaíocht a thomhais. I bhfad feictear sa bhosca cumair suíomh na dtóireadóirí taise ithreach. Grianghraf ag Tamara Hochstrasser 5 Dheireadh Fómhair 2021.

 

Gréasán Monatóireachta ar Thais Ithreach na hÉireann (ISMON)

Táthar ag bunú Gréasáin Monatóireachta ar Thais Ithreach nua (ISMON). Fógraíodh é le AgMet, Comhghrúpa Oibre ar Mheitéareolaíocht Thalmhaíochta. Tugadh maoiniú ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Muirí (DAFM) faoi Chiste Cáin Carbóin náisiúnta chun gréasán 10 suíomh trealmhaithe le teicneolaíocht úrnua chun monatóireacht a thabhairt ar choinníollacha ithreach i bhfíor-am sa fadtéarma. Clúdóidh na suíomhanna sin na cineálacha ithir, úsáideanna talún agus réimeanna aeráide is coitianta in Éirinn. Tá UCD, Met Éireann agus Teagasc le chéile i gceannas ar an tionscadal seo.

Is príomh-thiomántóir é tais ithreach (an méid uisce san ithir) le go leor próisis ithreach a imríonn tionchar ar thorthaí talmhaíochta agus comhshaoil. Mar shampla, is minic a bhíonn caidreamh láidir idir fhás plandaí (tál na mbarr) le coinníollacha taise ithreach i dtréimhsí tais agus tirim araon agus faigheann an riosca astuithe gáis ceaptha teasa nó caillteanais cothaithigh le uisce a ghabhann le úsáid leasacháin tionchar ó choinníollacha taise ithreach. Imreoidh coinníollacha taise ithreach tionchar láidir freisin ar na próisis carntha nó caillteanais carbóin san ithir.

Dúirt Dr. Paul Murphy, Léachtóir Cúnta in Eolaíocht Ithreach, UCD: “Ós rud é go dtiocfaidh athraitheacht níos mó agus coinníollacha foircneacha leis an athrú aeráide in Éirinn, beidh sé níos tábhachtaí tuiscint agus réamhaisnéis fheabhsaithe a bheith againn ar choinníollacha taise ithreach a bhaineann le ithir agus aeráid na hÉirinn go sonrach. Chuir “géarchéimeanna fodair” le déanaí béim ar leochaileacht chórais feirmeoireachta na hÉireann ar chuid de na athruithe aeráide measta. Is riachtanach, dá bharr, feabhas a chur ar ár dtuiscint ar dhinimic taise ithreach chun athrú aeráide a mhaolú agus dul in oiriúint leis freisin sa todhchaí.”

Dúirt Dr. Tamara Hochstrasser, Léachtóir Cúnta, UCD: “Bhí Teagasc, Met Éireann agus DAFM in ann ISMON a chur le chéile i ngeall ar chomhoibriú idir ollscoileanna. Ceadóidh na sonraí nua dúinn tuiscint a fháil ar éiceachórais agus talaimh feirme i mbealaí nach raibh indéanta dúinn go dtí seo, agus iad a bhainistiú ar bhealach níos éifeachtaí le linn aeráide ag athrú.”

Cuirfidh ardán breathnóireachta feabhas suntasach ar ár dtuiscint as timthriall an uisce. Cuirfidh faisnéis bheacht ar choinníollacha taise ithreach ó ISMON a thuilleadh feabhais ar réamhaisnéis aimsire sa ghearr agus fadtéarma. Beidh an mhonatóireacht agus múnlú sin, agus uirlisí comhairleacha agus tacaíochta ar chinntí gaolmhara (DST) níos tábhachtaí i gcomhair raon leathan feidhmeanna fíor-shaoil, amhail cosaint ithreach agus caighdeán uisce agus maolú ar astuithe gháis ceaptha teasa san fheirmeoireacht agus foraoiseacht agus réamhaisnéis dóiteáin agus bainistíocht ar rioscaí.

Dúirt Stiúrthóir Met Éireann Eoin Moran “Tabharfaidh tomhais ar thais ithreach iarbhír sonraí bailíochtaithe riachtanacha do shamhlacha réamhaisnéise ar thais ithreach agus méadóidh sé iontaofacht trí phromhadh leanúnach. Áireofar leis sin réamhaisnéis fheabhsaithe ar athrú aimsire dian agus athrú aeráide fadtéarma agus a thionchar ar acmhainní comhshaoil agus uisce.”  Lean Eoin: “Agus muid ag breathnú ar éifeachtaí an athraithe aeráide a fhásann de réir a chéile, is riachtanach measúnú cruinn a bheith againn do thais ithreach ar bhealach cuimsitheach ar fud na tíre, i gcomhair réamhaisnéise aimsire, réamhaisnéise ar thuilte, measúnú ar thriomach, bainistíocht ar acmhainní uisce agus riosca falscaí.”

Chuir Stiúrthóir Teagasc, an tOllamh Frank O’Mara, fáilte roimh bhunaíocht ISMON agus dúirt sé: “Ceadóidh tomhais agus réamhaisnéis feabhsaithe ar thais ithreach d’fheirmeoirí comhairle feirmeoireachta a shaincheapadh, amhail leasachán agus am aoiligh, coinníollacha a sheachaint a eascraíonn in éifeachtacht níos lú agus a chuidíonn le caillteanas comhshaoil. Beidh léarscáiliú feabhsaithe ar thais ithreach in ann talmhaíocht bheacht a éascú chun cleachtais bainistíochta a chur in oiriúint, ó thaobh ama agus spáis araon, agus éifeachtacht is inbhuanaitheacht a fheabhsú.”

Beidh deich stáisiún ar fud na hÉireann ina ndéanfar monatóireacht ar choinníollacha taise ithreach le gréasán sraitheanna tóireadóirí agus braiteoir neodróin gha cosmaigh úrnua atá in ann coinníollacha taise ithreach a thomhais thar achar mór (timpeall 0.6 heicteár). Le ISMON beidh Éire ceannródaíoch ar thaighde agus cleachta monatóireachta agus samhlaithe ar choinníollacha ithreach agus i gcur i bhfeidhm na faisnéise seo, go hidirnáisiúnta.

Cuideoidh an gréasán breathnóireachta nua seo le gréasán stáisiúin aimsire reatha Met Éireann, agus gréasáin monatóireachta reatha eile amhail Clár Dobharcheantair Talmhaíochta Teagasc agus gréasáin nua-bhunaithe agus suíomhanna amhail gréasán Faireaclainne Carbóin Ithreach Talmhaíochta Náisiúnta (NASCO), tionscadal AI tír-raoin, Ardán Féaraigh Fadtéarma UCD ag Feirm Taighde Lyons UCD agus Feirm Taispeántais Thulach Mhór Irise Feirmeoirí na hÉireann. I go leor cás, táthar ag comh-shuí uirlisí ó na gréasáin agus suíomhanna difriúla sin chun sochar féideartha a uasmhéadú ó raon ithreach, aimsire agus paraiméadair eile faoi mhonatóireacht.