Caint ar líne de chuid Chumann Meitéareolaíochta na hÉireann - “Réamhaisnéis Braisle: Dóchúlachtaí, Anord agus Féileacáin”

Tabharfaidh an Dr. Alan Hally a chaint “Réamhaisnéis Braisle: Dóchúlachtaí, Anord agus Féileacáin” ag an gcéad sheimineár ar Zoom eile ar an 24 Feabhra ag 7pm. Tá sé saor in aisce clárú, agus tá na sonraí ar fáil anseo.

Úsáideann réamhaisnéiseoirí aimsire treoir ó shamhlacha Tuair Uimhriúil Aimsire (TUA) ina gcuid dualgas réamhaisnéise laethúla. Is éard atá i réamhaisnéis braisle ná cúpla rith comhreathacha de shamhail TUA a dhéanamh, gach ceann acu le leagan amach beagáinín difriúil óna chéile. Tugann Córais Tuair Braisle (CTBanna) smaoineamh dúinn ar an dóchúlacht go dtarlódh dálaí aimsire ar leith, chomh maith leis an raon de thodhchaíochtaí aimsire féideartha.

Dr. Alan Hally

Dr. Alan Hally

Is meitéareolaí taighde é an Dr. Alan Hally ag Met Éireann. Tá céim aige san Fhisic agus sa Réalteolaíocht ó Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, tá máistreacht aige sa Mheitéareolaíocht ó COBÁC agus tá PhD aige san Fhisic Atmaisféarach ó Université Paul Sabatier Toulouse III. Is ball é ar fhoireann Met Éireann a chinntíonn táirgeadh pras de shamhlacha réamhaisnéise TUA agus tá freagracht aige as Córas Tuair Braisle i Réigiún na hÉireann (CTBRÉ). Sular tháinig sé go Met Éireann d’oibrigh Alan mar thaighdeoir in ionad taighde Météo France in Toulouse.

Ensemble Probability Forecast map - Wind and Gust.

Mapa Réamhaisnéise Dóchúlachta Braisle – Gaoth agus Séideán.