Caint de chuid CMÉ – Weather Wanderings From Around the World – 23 Meitheamh 7pm

Seimineár ar Zoom de chuid Chumann Meitéareolaíochta na hÉireann (CMÉ)

Seimineár ar Zoom de chuid Chumann Meitéareolaíochta na hÉireann (CMÉ)

 

Óstálfaidh Cumann Meitéareolaíochta na hÉireann caint ar an Déardaoin an 23 Meitheamh ag 7pm darb ainm “Weather wanderings (of an Irishman) from around the world”. Cuirfidh an Dr Eddy Graham ó Ollscoil na nGarbhchríocha agus na nOileán an chaint i láthair. Is seantacadóir den chumann é an Dr Graham. Sa chaint neamhfhoirmeálta seo, cuirfidh Eddy in iúl conas mar a chabhraigh a ghrá d’aimsir agus tírdhreach na hÉireann (rudaí a chonaic sé agus é ina leanbh in Éirinn) leis dul chun cinn a dhéanamh ar réimse níos leithne na meitéareolaíochta agus na clíomeolaíochta idirnáisiúnta inniu, sa taighde agus sa teagasc araon.

Ba fhaisnéiseoir aimsire an-tógtha é Eddy ó haois óg, agus bhí sé gníomhach i gCumann Meitéareolaíochta na hÉireann (CMÉ) ó bhí sé ina dhéagóir i rith na 1980idí. Ghlac sé ról ar choiste CMÉ (mar Eagarthóir Nuachtlitir CMÉ freisin) ar feadh tréimhse sna 1990idí luatha. Rinne Eddy staidéar ar na hEolaíochtaí Nádúrtha i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, roimh a d’fhág sé Éire i 1994 chun MSc sa Mheitéareolaíocht Fheidhmeach a dhéanamh in Ollscoil Reading. Tar éis oibriú ar feadh roinnt mhaith blianta mar mheitéareolaí san RA, chuaigh sé ar imirce chuig Ceanada in 2000, áit a d’oibrigh sé le Environment Canada ar atógáil aeráide stairiúil. In 2002 bhog sé ar ais chun na hEorpa, agus thosaigh sé ag obair ar PhD in Ollscoil Fribourg (san Eilvéis). D’úsáid sé athanailís ar thacair shonraí dhomhanda chun dálaí suímh réalteolaíocha ar fud an domhain a thuar. Tá Eddy fós bainteach le tionscadail chosúla inniu i monatóireacht ar dhálaí aeráide ag suíomhanna teileascóip reatha agus amach anseo sa Chéinia, san Afraic Theas, sna hOileáin Chanáracha, i gCalifornia, sa tSile agus i Haváí. Is léachtóir é Eddy ó 2009 sna hEolaíochtaí, sa Tíreolaíocht agus i bhForbairt Inbhuanaithe ag Ollscoil na nGarbhchríocha agus na nOileán ar Oileán Leódhais.

Chomh maith leis sin, is Príomheagarthóir é ar iris aimsire na mball ‘Weather’ de chuid an Chumainn Mheitéareolaíochta Ríoga, ról a bhí aige ó 2019.

Cláraigh chun breathnú ar an seimineár seo ar Chumann Meitéareolaíochta na hÉireann