Arna fhoilsiú 18ú Samhain 2026
De réir mar a thugann an Eoraip aghaidh ar rioscaí aeráide, slándála agus eacnamaíocha atá ag fás, conas is féidir faisnéis aimsire, aeráide agus uisce a chomhtháthú ar bhealach níos fearr i gcinnteoireacht agus i seachadadh beartais?
Bhí an cheist sin i gcroílár Idirphlé Ardleibhéil AE maidir leis an Aimsir, an Aeráid agus Athléimneacht Straitéiseach, a chomhordaigh Met Éireann ag Parlaimint na hEorpa sa Bhruiséil an 29 Meán Fómhair 2026, faoi Uachtaránacht na hÉireann ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh.
Bhí an t-imeacht mar chuid de chlár Uachtaránacht na hÉireann agus léiríodh ann an t-aitheantas atá ag méadú go bhfuil faisnéis aimsire, aeráide agus uisce ag dul i dtábhacht níos mó agus níos mó chun tacú le hathléimneacht, ullmhacht, slándáil agus iomaíochas na hEorpa.

Léaráid 1 – Ionadaithe ón gcoiste meitéareolaíochta Eorpach roimh an imeacht, taobh amuigh d’fhoirgnimh de chuid Pharlaimint na hEorpa.
Mar gheall ar an Idirphlé, tháinig lucht déanta beartas agus ionadaithe ó phobal meitéareolaíochta agus hidreolaíochta na hEorpa le chéile chun iniúchadh a dhéanamh ar conas is féidir le dlúthchomhar tacú le cinntí agus gníomhartha níos eolasaí.
Ag an imeacht, a chomhordaigh Met Éireann thar ceann na Seirbhísí Meitéareolaíochta agus Hidreolaíochta Náisiúnta (SMHNanna) ar fud na hEorpa, bhí ionadaithe ón gCoimisiún Eorpach, Feisirí de Pharlaimint na hEorpa, SMHNanna Eorpacha, eagraíochtaí meitéareolaíochta Eorpacha, an Eagraíocht Meitéareolaíochta Dhomhanda, lena n-áirítear Ard-Rúnaí EMD an tOll. Celeste Saulo, an Banc Eorpach Infheistíochta agus páirtithe leasmhara eile.

Léaráid 2 – Ard-Rúnaí na hEagraíochta Meitéareolaíochta Domhanda an tOll. Celeste Saulo ag labhairt leis an gcruinniú.
Comhroinn rannpháirtithe dearcthaí ó bheartas, taighde, seirbhísí oibríochtúla, infheistíocht agus bainistíocht géarchéime, rud a leag béim ar leas coiteann maidir le hullmhacht agus athléimneacht na hEorpa a neartú.
Éiceachóras láidir Eorpach meitéareolaíochta
San Idirphlé, cuireadh béim ar ról sainiúil na Seirbhísí Meitéareolaíochta agus Hidreolaíochta Náisiúnta. Forbraíonn na hinstitiúidí sin atá cuntasach go poiblí eolaíocht ar thús cadhnaíochta, soláthraíonn siad fíorshuíomhanna chun teicneolaíochtaí nua a thástáil agus a úsáid, ceanglaíonn siad torthaí taighde le beartas agus cuireann siad seirbhísí oibríochtúla iontaofa ar fáil a chabhraíonn chun daoine agus réadmhaoin a chosaint.
Tacaíonn a gcuid oibre le cinntí thar an tsochaí. Trí chomhpháirtíochtaí le húdaráis éigeandála agus cosanta sibhialta, seirbhísí sláinte, oibritheoirí iompair, talmhaíocht, soláthraithe fuinnimh, údaráis réigiúnacha agus eagraíochtaí eile, cabhraíonn seirbhísí náisiúnta le gníomh phraiticiúil a dhéanamh d’fhaisnéis aimsire, aeráide agus uisce.
In éineacht le líonraí agus eagraíochtaí idir-rialtais ceannródaíocha sa domhan mór –– an Lárionad Eorpach do Réamhaisnéisí Aimsire Meánraoin (ECMWF), an Eagraíocht Eorpach chun Sochar a Bhaint as Satailítí Meitéareolaíochta (EUMETSTAT) agus an líonra de na Seirbhísí Meitéareolaíochta Eorpacha Náisiúnta (EUMETNET) –– tá seirbhísí náisiúnta ina gcuid d’éiceachóras láidir Eorpach meitéareolaíochta.
I dteannta a chéile, chabhraigh na heagraíochtaí sin le ceannaire domhanda a dhéanamh den Eoraip maidir le réamhaisnéisiú na haimsire, seirbhísí aeráide, faire na Cruinne agus córais luathrabhaidh.

Léaráid. 3 – Plé painéil tráthnóna ar Shlándáil agus Iomaíochas i nDomhan Riosca Aeráide agus Virginie Schwarz mar chathaoirleach air, agus an Dr Hans Das (DG ECHO), Grazyna Piesiewicz (DG CNECT), Christoph Kautz (DG DEFIS), Phil Evans (EUMETSAT) agus an tOll. Florian Pappenberger (ECMWF) san áireamh.
“Tá acmhainn aimsire, aeráide agus hidreolaíochta den chéad scoth ag an Eoraip cheana féin, atá bunaithe ar bhunús láidir saineolais eolaíochta, seirbhísí náisiúnta iontaofa agus traidisiúin fhada comhair. Is é an dúshlán atá romhainn anois ná a chinntiú go ndéantar cinntí níos fearr, ullmhacht níos láidre agus athléimneacht níos mó go córasach den acmhainn sin.”
“Trí eolas eolaíochta agus taithí oibríochtúil a thabhairt le chéile le forbairt agus seachadadh beartais, is féidir linn beart a dhéanamh d’fhaisnéis aimsire, aeráide agus uisce a chosnaíonn daoine, a thacaíonn le gníomhaíocht eacnamaíoch agus a neartaíonn athléimneacht, slándáil agus iomaíochas na hEorpa.” a dúirt Eoin Moran, Stiúrthóir Met Éireann.
Eolaíocht, beartas agus beart a thabhairt le chéile
Sna pléití, cuireadh béim ar an tábhacht atá ag dul i méid a bhaineann le hathléimneacht agus le hullmhacht laistigh de chlár oibre beartais na hEorpa. Chuir rannpháirtithe i dtábhacht arís agus arís eile go mbaineann feabhas eolaíochta an luach is mó amach nuair a dhéantar cinntí oibríochtúla, bearta ullmhachta agus cur chun feidhme beartais éifeachtach de. Leag rannpháirtithe béim ar an ngá atá ann lena chinntiú go ndéantar eolas do chinntí tráthúla agus do bheart praiticiúil le réamhaisnéisí údarásacha, rabhaidh, seirbhísí aeráide agus comhairle shaineolaíoch.
Is féidir le faisnéis aimsire, aeráide agus uisce a bheith mar thaca le raon leathan tosaíochtaí Eorpacha, ó ullmhacht éigeandála agus bainistíocht riosca go cosaint an bhonneagair chriticiúil agus neartú iomaíochais eacnamaíoch.
![[RO3.1]Morning panel discussion on Climate Risk, Policy Delivery and Resilience, with the panellists seated engaged in conversation.](https://www.met.ie/cms/assets/uploads/2026/11/5W8A3089-1024x683.jpg)
Léaráid 4 – Plé painéil ar maidin ar Riosca Aeráide, Seachadadh Beartais agus Athléimneacht agus an tOll. Maarten van Aalst mar chathaoirleach air, agus Nancy Saich (EIB), an Dr Joanna Drake (DG RTD,) an Dr Jan Dusík (DG CLIMA), an tOll. Sarah Jones (DWD) agus an Dr Stephen Davies (DG MARE) san áireamh.
Le plé níos dlúithe agus níos rialta idir lucht déanta beartas Eorpach agus an pobal meitéareolaíochta, d’fhéadfadh rochtain a bheith ag institiúidí ar shaineolas eolaíochta agus oibríochtúil agus beartas á fhorbairt, á chur chun feidhme agus á mheas acu. Chomh maith leis sin, is féidir leis cabhrú le seirbhísí náisiúnta agus lena gcomhpháirtithe Eorpacha tuiscint níos fearr a fháil ar riachtanais bheartais atá ag teacht chun cinn agus a n-acmhainní agus a seirbhísí a chur in oiriúint dá réir.
Trí nasc a dhéanamh idir cuspóirí beartais Eorpacha agus eolas náisiúnta, saineolas oibríochtúil agus seachadadh, is féidir le plé dá leithéid cabhrú leis an Eoraip freagairt ar bhealach níos éifeachtaí do rioscaí aeráide, socheacnamaíocha agus slándála atá ag éirí níos casta.
Leanúint leis an idirphlé
Sa deireadh, bhí an plé dírithe ar chuspóir simplí: úsáid a bhaint as faisnéis aimsire, aeráide agus uisce ar bhealach níos éifeachtaí chun pobail a chosaint, tacú le gníomhaíocht eacnamaíoch agus cinnteoireacht a fheabhsú ar fud na hEorpa.
Ag an imeacht, léiríodh an luach a bhaineann le lucht déanta beartas agus an pobal meitéareolaíochta Eorpach a thabhairt le chéile chun dul i ngleic le deiseanna agus dúshláin choiteanna. Chuir rannpháirtithe béim ar na tairbhí a bhaineann le plé leanúnach agus rialta chun a chinntiú go léirítear faisnéis aimsire, aeráide agus uisce i gcónaí i bhforbairt beartais Eorpach, pleanáil ullmhachta agus cinntí infheistíochtaí. Tá an Ráiteas ar Idirphlé Ardleibhéil iomlán ar fáil ag an nasc seo:
Tá Met Éireann ag súil le tacú leis an tSeirbhís Meitéareolaíochta Náisiúnta Heilléanach trí imeacht leantach a reáchtáil le linn Uachtaránacht na Gréige ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh sa dara leath de 2027.