El Niño agus Éire

Tá feiniméan aeráide ar a dtugtar El Niño tar éis aird mhór na meán a tharraingt le cúpla lá anuas. Sa mhír seo, míníonn saineolaithe Met Éireann cad is El Niño ann agus cén tionchar a bhíonn aige ar aimsir agus ar aeráid na hÉireann.

Cad is El Niño?

Tagraíonn El Niño don téamh a thagann ar uiscí dromchla san Aigéan Ciúin trópaiceach thoir. Tugadh an feiniméan seo faoi deara den chéad uair na céadta bliain ó shin nuair a chuir sé isteach ar stoc éisc a bhí ríthábhachtach d’iascairí i bPeiriú. Tagann an t-ainm ón bhfocal Spáinnise ar ‘bhuachaill’. Tugtar La Niña ar an bhfeiniméan contrártha, ina n-ardaíonn uiscí fuara atá saibhir i gcothaithigh go dromchla an Aigéin Chiúin thrópaicigh thoir; is é sin an focal Spáinnise do ‘chailín’.

Snapshot of eastern Pacific sea surface temperatures, showing temperature pattern for a typical La Niña event, with equatorial cold temperatures and wave-like structure west of the Galapagos Islands simulated by a high-resolution climate model. Blue to red colour shading indicates transition from colder to warmer surface conditions. The amplitude of La Niña and El Niño conditions can intensify in response to global warming and the succession of these extremes will also become more regular

Fíor 1: Léargas ar theocht dhromchla na farraige san Aigéan Ciúin Thoir, ag léiriú an ghnáthphatrúin teochta le linn imeacht La Niña, le huiscí fuara feadh an mheánchiorcail agus struchtúr tonnúil siar ó Oileáin Galapagos, mar a léirítear i múnla aeráide ardtaifigh. Léiríonn an scáthú ó ghorm go dearg an t-athrú ó dhálaí dromchla níos fuaire go dálaí níos teo. Is féidir déine imeachtaí La Niña agus El Niño a mhéadú mar thoradh ar an téamh domhanda, agus d’fhéadfadh na himeachtaí foircneacha sin tarlú níos minice de réir a chéile

I gcomhthéacs na haeráide, tagraíonn muid d’fheiniméan El Niño mar an ascalú idir dálaí teo dhromchla na farraige san Aigéan Ciúin trópaiceach thoir (El Niño) agus dálaí fuara dhromchla na farraige san Aigéan Ciúin trópaiceach thoir (La Niña). Bíonn tionchar ag an luaineacht nádúrtha seo ar an aimsir agus ar an aeráid ar fud an domhain, agus féadfaidh timthriall iomlán an ascalaithe maireachtáil suas le cúpla bliain.

Tionchar ar aimsir agus ar aeráid dhomhanda agus na hÉireann

Is gnách go mbíonn meánteocht dhomhanda níos airde ná an gnáth faoi dhálaí El Niño, de ghnáth le moill cúpla mí. Tá an El Niño láidir atá ag forbairt faoi láthair in ann, in éineacht leis an treocht bhunúsach téimh dhomhanda, cur le taifid nua don mheánteocht dhomhanda sa dara leath de 2026 agus le linn 2027, chomh maith le méadú ar imeachtaí aimsire foircní.
Cé go mbíonn tionchar soiléir ag El Niño ar go leor réigiún ar fud an domhain trí theilicheangail (mar shampla ar chórais mhonsúin), tá a thionchar ar Éirinn agus ar an Eoraip sách lag, an-athraitheach agus níl sé láidir faoi dhálaí aeráide an lae inniu.
Tagann an nuashonrú séasúrach aeráide domhanda ón Eagraíocht Dhomhanda Mheitéareolaíochta (WMO) ar an gconclúid chéanna, is é sin nach bhfuil aon fhianaise shoiléir ann go mbeidh téamh breise in Éirinn an samhradh seo mar thoradh sonrach ar El Niño. De réir staidéar le déanaí, d’fhéadfadh tionchar níos mó a bheith ag El Niño ar aeráid na hÉireann agus na hEorpa amach anseo, ach is dócha nach dtiocfadh sé sin chun cinn go dtí an dara leath den chéid seo faoi chásanna ina mbeadh astaíochtaí gás ceaptha teasa níos airde.

Chun tuilleadh eolais a fháil tabhair cuairt ar: Rannchuidíonn Met Éireann le foilseachán maidir le forbairt El Niño amach anseo agus a thábhacht don Eoraip