Tá sé ag éirí níos fuaire de réir a chéile an deireadh seachtaine seo agus an tseachtain seo chugainn
Déantar réamhaisnéis le go dtiocfaidh athrú mór ar an aimsir sna laethanta amach romhainn de réir mar a thagann dálaí i bhfad níos fuaire in ionad na haimsire measartha cineálta le seachtainí beaga anuas.
Deir an meitéareolaí Matthew Martin, “Tar éis mhí na Samhna a bhí chomh cineálta, bainfidh an seal fuar atá le teacht geit as mórán daoine. Beidh seans maith ann an deireadh seachtaine seo ullmhúcháin a dhéanamh d’aimsir an gheimhridh. Tá go leor faisnéis agus comhairle úsáideach le fáil ar an suíomh gréasáin faoi ullmhúcháin don gheimhreadh https://www.gov.ie/en/campaigns/aa78b9-be-winter-ready/ .”
Tá an t-aistriú go haimsir níos fuaire ar siúl faoi láthair agus tosaíonn ardbhrú atá ag síneadh ón Rúis go dtí an Chríoch Lochlann ag dul siar i dtreo na Graonlainne, rud a fhágann go mbeidh aershreabh fuar anoir in Éirinn an deireadh seachtaine seo.
(Aermhais á tuar le bogadh ar fud na hÉireann sna laethanta amach romhainn)
Titfidh uasteochtaí i rith an lae siar go figiúirí aonair thar an deireadh seachtaine agus tá seans méadaithe ann go mbeidh sioc ann. Beidh roinnt ceathanna fearthainne freisin, go háirithe i gcontaetha thoir Dé Domhnaigh, agus cith trom fearthainne a bheidh i gceist le roinnt acu agus tá seans ann go mbeidh clocha sneachta agus toirneach ann agus go mbeidh sneachta ann ar thalamh ard.
An tseachtain seo chugainn, tá an chuma air go n-éireoidh sé níos fuaire arís. Tar éis aimsire geimhridh measartha cineálta a bheith ann Dé Luain agus Dé Máirt ina raibh go leor gréine agus gan ach roinnt ceathanna fearthainne, tá sé tuartha faoi láthair go mbeidh aershreabh i bhfad níos fuaire soir ó thuaidh in Éirinn faoi Dé Céadaoin.
(Uasteochtaí á dtuar ar fud na hEorpa Dé Déardaoin an 8 Nollaig 2022)
Cé go bhfuil roinnt neamhchinnteachta fós ann maidir le mionsonraí réamhaisnéise, tá muinín ag méadú go n-éireoidh sé an-fhuar ó Dé Céadaoin go laethanta deiridh na seachtaine seo chugainn. Táthar ag súil le ceathanna geimhriúla cloch sneachta, flichshneachta agus sneachta uaireanta chomh maith leis an bhféidearthacht go mbeidh sioc agus oighear trom ann. Tá sé tuartha go mbeidh an teocht i rith an lae sna figiúirí aonair ísle agus go mbeidh teochtaí faoin reophointe faoin oíche.
Athróidh mionsonraí réamhaisnéise ó lá go lá, mar sin bain úsáid as an uirlis chuardaigh suímh réamhaisnéise ar shuíomh gréasáin/Aip Met Éireann le haghaidh mionsonraí faoin aimsir i do cheantar áitiúil a fháil 10 lá roimh ré www.met.ie .