An tríú earrach ba theo ó cuireadh tús leis na taifid. Fliuch san Iarthar, níos tirime sa Deisceart agus san Oirthear
Bhí Earrach2026 thar a bheith te agus tá sé ar cheann de na hearraigh ba theo a ndearnadh taifead fadtéarmach air, agus bhí an bháisteach gar don ghnáthleibhéal ar an iomlán. Bhí Márta séimh agus sách fliuch. Bhí Aibreán séimh agus measartha grianmhar. Bhí Bealtaine séimh agus tirim, agus thug cruinneachán teasa teochtaí arda a sháraigh taifid ag teannadh le deireadh an tséasúir.
Príomhfhigiúirí:
- B’ionann meánteocht samhraidh náisiúnta 2026 (agus tacar sonraí Oileán na hÉireann á úsáid*) agus 10.14 °C, 1.77 °C os cionn MFT 1961-1990 agus 1.02 °C os cionn MFT 1991-2020.
- Is é Earrach 2026 an tríú earrach ba theo ó 1900 i leith.
- Tharla seacht gcinn de na deich n-earrach ba theo ó 2001 i leith. In ord íslitheach is iad sin: 2025, 2026, 2024, 2017, 2023, 2007 agus 2011.
- Bhí meánbháisteach ghreille náisiúnta an earraigh 2026 103% den MFT 1991–2020 (257.5 mm), rud a fhágann gurbh é an 32ú earrach ba fhliche ó 1941 é.

Bhí Earrach 2026 níos séimhe ná an meán. Bhí sé níos fliche ná an meán san Iarthar, agus níos tirime ná an meán sa Deisceart agus san Oirthear. Bhí Márta séimh agus sách fliuch ar an iomlán, cé go raibh sé níos tirime sa Deisceart. Le lagbhrú san iarthuaisceart agus ardbhrú san oirdheisceart, bhí córas Atlantaigh gluaisteach ar feadh an chuid ba mhó den mhí agus bhí gaotha aneas agus gaotha aniar ann den chuid ba mhó. Mar thoradh air sin, bhí tréimhsí báistí nó ceathanna fronta in amanna, a bhí trom ó am go ham, ach tréimhsí freisin inar raibh roinnt laethanta tirime agus taitneamh gréine cineálta an earraigh le hiomairí ardbhrú sealadacha. Bhí Aibreán séimh agus measartha grianmhara ar an iomlán. Bhí sé fliuch san Iarthar, tirim san Oirthear. Bhí lagbhrú Atlantaigh i réim le linn an chéad dá thrian de mhí Aibreáin. Chuaigh Stoirm Dave, a d’ainmnigh Met Office na Ríochta Aontaithe, trasna thuaisceart thiar na hÉireann go déanach Dé Sathairn, an 4 Aibreán. Bhí sí ar cheann de roinnt córas brú íseal neamhghnách domhain a chuaigh gar d’iarthuaisceart na hÉireann i dtús na míosa. Bhí brú ard ó thuaidh i réim sa tríú cuid dheireanach den mhí, rud a thug aimsir i bhfad níos tirime agus níos grianmhara le sruth aeir ón oirthear. Bhí Bealtaine séimh agus tirim ar an iomlán. Bhí an chéad dá thrian den mhí measartha fuar, de réir mar a threoraigh brú ard san iarthar maiseanna aeir Artacha thar Éirinn. Sa tríú cuid dheireanach den mhí, thug mais aeir thrópaiceach ilchríochach an-te, in éineacht le limistéar dian ardbhrú ar a dtugtar cruinneachán teasa, teochtaí ba mhó riamh do mhí na Bealtaine agus don earrach, chomh maith le neart gréine.
Báisteach: Os cionn an mheáin san Iarthar, sa Tuaisceart agus i Lár na Tíre, faoi bhun an mheáin, sa Deisceart agus san Oirthear
Bhí an chuid is mó de na hiomláin báistí séasúracha os cionn a Meáin Fhadtéarmaigh (MFT) 1991-2020. Bhí an céatadán de na luachanna báistí shéasúraigh idir 60% (99.4 mm) ag Aeradróm Mhic Easmainn Co. Baile Átha Cliath agus 127% (305.5 mm) ag Baile Átha an Rí, Co. na Gaillimhe. Bhí na hiomláin báistí séasúracha idir 99.4mm (60% dá MFT) ag Aeradróm Mhic Easmainn, Co. Bhaile Átha Cliath agus 373.4mm (117% dá MFT) ag Réadlann Dhairbhre, Co. Chiarraí. Ba é an t-iomlán titime báistí laethúla b’airde ná 38.6 mm ag Béal an Mhuirthead, Co. Mhaigh Eo Dé Sathairn, an 4 Aibreán. Bhí líon na laethanta báistí* idir 39 lá ag Páirc an Fhionnuisce agus Aerfort Bhaile Átha Cliath, Co. Bhaile Átha Cliath araon agus 67 lá ag Baile Uí Fhiacháin, Co. Mhaigh Eo. Bhí líon na laethanta fliucha* idir 25 lá ag Páirc an Fhionnuisce, Co. Bhaile Átha Cliath agus 53 lá ag Baile Uí Fhiacháin, Co. Mhaigh Eo. Bhí líon na laethanta an-fhliuch* idir 2 lá ag Baile an Phaghanaigh, Co. Cheatharlach agus ag Aerfort Bhaile Átha Cliath, Co. Bhaile Átha Cliath araon agus 11 lá ag Réadlann Dhairbhre, Co. Chiarraí.
Tharla tréimhsí tirime aeráide san Oirthear i rith mhí Aibreáin agus mhí na Bealtaine. Bhí triomach iomlán* a mhair 22 lá, idir an 19 Aibreán agus an 10 Bealtaine, agus triomach páirteach* a mhair 32 lá, idir an 11 Aibreán agus an 12 Bealtaine, ag dhá stáisiún – Páirc an Fhionnuisce agus Aeradróm Mhic Easmainn, Co. Bhaile Átha Cliath. Bhí tréimhsí tirime* a mhair 25 lá agus 20 lá, faoi seach, idir an 18 Aibreán agus an 12 Bealtaine, ag Aerfort Bhaile Átha Cliath agus Dún Samhnaí, Co. na Mí. Ba é an t-earrach ba fliche le 7 mbliana anuas é, i gcodanna den Iarthuaisceart é agus ba é an t-earrach ba thirime le 6 bliana i gcodanna den Oirthear é.

Aimhrialtachtaí báistí míosúla greillithe sealadacha le haghaidh 2026 go dtí seo (% de MFT 1991-2020) mar aon le hiomláin báistí míosúla i milliméadair (míonna san earrach sa ghlas)

Iomláin charnacha báistí séasúracha ag Baile Átha an Rí, Co. na Gaillimhe (ar chlé) agus ag Aeradróm Mhic Easmainn, Co. Bhaile Átha Cliath (ar dheis) in earrach 2026, i gcoibhneas leis an meán fadtéarmach séasúrach (ag léiriú an chodarsnachta idir an tIarthar fliuch agus an tOirthear tirim).
Teocht: Os cionn an mheáin i ngach áit, ba iad Deisceart agus Oirthear na tíre na réigiúin ba theo
Bhí meánteocht an aeir ar fud na tíre os cionn a MFT don séasúr. Bhí diallais ón mheánteocht aeir idir +0.5°C (meánteocht 9.9°C) ag Béal an Mhuirthead, Co. Mhaigh Eo, agus +1.3°C ag Aerfort Bhaile Átha Cliath, Co. Bhaile Átha Cliath (meánteocht 9.7°C) (an dara earrach ba theo riamh ar taifead, taobh thiar de 1990, le fad taifid de 84 bliain), agus ag Páirc an Fhionnuisce, Co. Bhaile Átha Cliath (meánteocht 10.3°C). Bhí meánteochtaí an tséasúir idir 8.9 °C (1.0 °C os cionn a MFT) ag Aerfort Chnoc Mhuire, Co. Mhaigh Eo agus 10.7 °C (0.9 °C os cionn a MFT) ag Inis Arcáin, Co. Chorcaí agus Aerfort na Sionainne, Co. an Chláir. Taifeadadh an teocht is airde den séasúr ag stáisiún sionoptach ag Aerfort na Sionainne, Co. an Chláir, Dé Máirt an 26 Bealtaine, le teocht de 30.6°C (an uasteocht laethúil is airde riamh don earrach a taifeadadh ag stáisiún sionoptach, faoi réir fíoraithe). Taifeadadh íosteocht aeir ab ísle an tséasúir Dé hAoine an 6 ag Marcréidh, Co. Shligigh, arbh ionann í agus -3.8 °C, agus bhí an íosteocht féir ab ísle a tuairiscíodh cothrom le -8.6 °C ag Aerfort Bhaile Átha Cliath, Co. Bhaile Átha Cliath Dé Máirt, an 3 Márta.
Thuairiscigh gach stáisiún sioc talún i rith an tséasúir. Bhí líon na laethanta nuair a bhí sioc talún ann idir 3 lá i gCorcaigh agus 45 lá ag Páirc an Fhionnuisce, Co. Bhaile Átha Cliath. Thuairiscigh níos mó ná leath na stáisiún sioc aeir. Bhí líon na laethanta nuair a bhí sioc aeir ann idir náid lá ag Ceann Mhása, Co. na Gaillimhe agus 13 lá ag Marcréidh, Co. Shligigh agus ag Cluain Creamha, Co. Ros Comáin araon. Leag 18 stáisiún taifid nua dá n-uasteocht aeir don earrach idir Dé Domhnaigh, an 24 Bealtaine, agus Dé Céadaoin, an 27 Bealtaine. Bhí an tríú earrach is teo riamh ar taifead ag dhá stáisiún, Baile an Phaghanaigh, Co. Cheatharlach, áit a raibh meánteocht de 10.2°C (fad taifid 19 mbliana), agus Dún Samhnaí, Co. na Mí, le meánteocht de 9.5°C (fad taifid 33 bliana).

Na 10 Earraigh Shealadacha Is Teo d’Éirinn (1900-2026 san áireamh). An tsraith Teocht Fadtéarmach Oileán na hÉireann (°C).

Aerfort Bhaile Átha Cliath, Co. Bhaile Átha Cliath Teocht: Athrú i meánteocht laethúil ón MFT don Earrach 2026 bunaithe ar luachanna Uas/Íosteochta 09-09 uair
Taitneamh na Gréine: Níos grianmhara san Oirthear agus sa Tuaisceart
Bhí beagnach na hiomláin taitnimh gréine ar fad a bhí ar fáil os cionn an MFT don séasúr. Bhí an céatadán de na luachanna taitnimh gréine idir 106% (484.9 uair an chloig) ag Aerfort na Sionainne, Co. an Chláir agus 122% (553.4 uair an chloig) ag Aeradróm Mhic Easmainn, Co. Bhaile Átha Cliath. Bhí na hiomláin taitnimh gréine is ísle ag Réadlann Dhairbhre, Co. Chiarraí ag 411.8 uair an chloig (níl comparáid MFT ar fáil*). Ba é 15.2 uair an chloig ag Caisleán Bhaile Sheáin, Co. Loch Garman, Dé Máirt an 26 Bealtaine an líon is airde uaireanta an chloig gréine laethúla a taifeadadh an séasúr seo. Bhí líon na laethanta gruama* idir 5 lá ag Aeradróm Mhic Easmainn, Co. Bhaile Átha Cliath agus 21 lá ag Réadlann Dhairbhre, Co. Chiarraí.
Gaoth: Tuairiscíodh gaotha fórsa stoirme le linn stoirm Dave
Bhí meánluas séasúrach na gaoithe idir 6.4 muirmhíle san uair (11.9 km/u) sa Chloch Liath, Co. Chorcaí agus 15.1 muirmhíle san uair (28.0 km/u) ag Ceann Mhása, Co. na Gaillimhe. Bhí gálaí ann ar go leor laethanta, agus tuairiscíodh gálaí láidre ar ocht lá i rith an tséasúir. Tuairiscíodh gálaí láidre ar an 11ú, 12ú, 13ú, 15ú, 24ú agus 25ú Márta, ar an 4 Aibreán le linn Stoirm Dave, agus ar an 11 Aibreán. Tuairiscíodh gaotha fórsa stoirme Dé Céadaoin an 25 Márta ag Cionn Mhálanna, Co. Dhún na nGall, agus Dé Sathairn an 4 Aibreán ag Rinn an Róistigh, Co. Chorcaí, le linn Stoirm Dave. Bhí líon na laethanta le gálaí idir, gan aon lá a bheith ann ag cúpla stáisiún go 15 lá i gCeann Mhása, Co na Gaillimhe. Bhí líon na laethanta ina raibh gaotha suas le gálaí láidre idir náid lá ag formhór na stáisiún agus 6 lá ag Ceann Mhása, Co. na Gaillimhe.
Tuairiscíodh meánluas gaoithe 10 nóiméad an tséasúir ag Rinn an Róistigh, Co. Corcaigh ar an Satharn an 4 Aibreán le linn stoirm Dave agus ag Cionn Mhálanna, Co. Mhaigh Eo ar an gCéadaoin 25 Márta, faoi seach, le 48 muirmhíle san uair (89 km/u). Ba é 62 muirmhíle san uair (115 km/u) an séideán is airde, a tuairiscíodh ag Cionn Mhálanna, Co. Mhaigh Eo, ar an gCéadaoin an 25 Márta.

Aerfort Bhaile Átha Cliath, Co. Bhaile Átha Cliath, agus Ceann Mhása, Co. na Gaillimhe: Gaothrósanna le haghaidh an Earraigh 2026.
Tá tuarascáil PDF agus cairteacha ar fáil anseo ((roghnaigh an t-Earrach ar an roghchlár anuas le haghaidh na míosa).

Luachanna foircneacha ag stáisiúin shionoptacha d’Earraigh 2026.
Nótaí don Eagarthóir:
- * Eisithe ag Met Éireann Déardaoin an 4 Meitheamh 2026. Tá an tuarascáil seo bunaithe ar réamhshonraí atá ar fáil ó 25 príomhstáisiún aimsire arna n-oibriú ag Met Éireann. Is í meán oíche go meán oíche AUL an tréimhse a chlúdaíonn sonraí stáisiúin shionoptacha. Tagraíonn Meánleibhéil Fhadtéarmacha (MLFTanna) agus “meán” don tréimhse 1991-2020, mura luaitear a mhalairt.
- Is lá báistí é lá le 0.2 mm nó níos mó de thitim báistí. Is lá fliuch é lá le 1.0 mm nó níos mó de thitim báistí. Is lá gruama é lá le níos lú ná 0.5 uair an chloig de thaitneamh gréine. Is lá an-fhliuch é lá le 10.0 mm nó níos mó de thitim báistí.
- Tréimhsí tirime aeráideolaíochta – Sainmhínítear dearbhthriomach mar thréimhse 15 lá as a chéile nó níos mó nach mbíonn aon lá aonair a bhfuil 0.2 mm nó níos mó de fhrasaíocht ann. Is é páirt-triomach tréimhse 29 lá as a chéile nuair nach bhfuil an meántitim báistí laethúil níos mó ná 0.2 mm. Sainmhínítear tréimhse thirim mar thréimhse 15 lá as a chéile nó níos mó, nach bhfaigheann aon cheann acu 1.0 mm nó níos mó de fhrasaíocht (i.e., an t-iomlán laethúil níos lú ná 1.0 mm).
- Tarlaíonn tonn teasa nuair a bhíonn 5 lá as a chéile nó níos mó ann a bhfuil an uasteocht os cionn 25°C (is é sin, uasteocht laethúil an aeir scáthláin > 25° C).
- Tá an tacar sonraí ‘Oileán na hÉireann’ 125 bliain ar fad agus clúdaíonn sé an tréimhse ó 1900 go 2023. Úsáidtear meáin fhadtéarmacha na tréimhse tagartha 1961-1990 mar bhonn comparáide don tacar sonraí seo, mar is gnách i measúnuithe fadtéarmacha ar an athrú aeráide.
- Tagann sonraí gréine ón Líonra Autosol. Ní úsáidtear MLFTanna do na suímh seo faoi láthair chun críocha comparáide.
- Le haghaidh tuilleadh eolais nó chun agallamh a eagrú le hurlabhraithe Met Éireann, déan teagmháil le enq@met.ie.