Ráiteas Aeráide le haghaidh mhí na Samhna

Fliuch san iomlán. An chéad leath an-shéimh, an dara leath ní b’fhionnuaire

Ba í mí na Samhna 2025 5ú mí na Samhna ba fhliche le 85 bliain de thaifid d’Éirinn, agus mí eile ní ba theo ná an meán, agus bhí tionchair Stoirm Claudia agus seal gearr seaca agus ceathanna geimhridh ann freisin ar feadh na tréimhse, de réir an Ráitis Aeráide is déanaí ó Met Éireann.

Príomhfhigiúirí:

  • De bharr meánteocht aeir náisiúnta 8.61°C (agus tacar sonraí Oileán na hÉireann á úsáid*) ba í mí na Nollag 2025 21ú mí na Nollag ba theo le 126 bliain.
  • 8.61 °C 1.54 °C os cionn MFT 1961-1990 agus 0.65 °C os cionn MFT 1991-2020 is déanaí.
  • Maidir le deich mí na Nollag ba theo, tharla cúig cinn ó bhí 2001 ann (an mhí ab airde ar dtús 2011, 2015, 2022, 2002 agus 2024). Níor tharla aon mhí de dheich mí na Samhna b’fhionnuaire ó bhí 2001 ann.
  • Rangaíodh an mheánbháisteach ghreillithe náisiúnta 189 mm mar an báisteach ba fhliche le 85 bliain agus 136% de MFT 1991-2020.
  • Tharla mí na Samhna ba fhliche in 2009 (278.8 mm) agus an ceann ba thirime in 1942 (33.2 mm).
  • Maidir le deich mí na Samhna ba fhliche, tharla ceithre cinn ó bhí 2001 ann (an mhí ab airde ar dtús 2009, 2015, 2002 agus 2025).

 

November Climate Statement highlights

Buaicphointí Ráitis Aeráide le haghaidh mhí na Samhna

Bhí an chéad leath den mhí an-shéimh agus bhí an dara leath ní b’fhionnuaire. Lean an téama gluaisteach Atlantaigh, ó dheireadh mhí Dheireadh Fómhair, de bheith i réim ar feadh an chéad dá sheachtain de mhí na Samhna, agus bhí aimsir an-shéimh agus fliuch go minic ann den chuid ba mhó.

Stad Stoirm Claudia, a d’ainmnigh Gníomhaireacht Meitéareolaíochta na Spáinne (AEMET), siar ó dheas ó Éirinn idir Dé Máirt an 11 agus Dé Domhnaigh an 16, rud ba chúis le haermhais mhuirí thrópaiceach the, chomh maith leis an iliomad frontaí aimsire gníomhaí agus babhtaí báistí troime, a chuaigh ó thuaidh trasna na tíre. Dé hAoine an 14 agus Dé Sathairn an 15, de réir mar a bhog ardbhrú ar an taobh thuaidh d’Éirinn ó dheas, bhain aermhais fhuar Artach den aermhais mhuirí thrópaiceach the a bhí thar Éirinn agus thar an Ríocht Aontaithe, rud a chruthaigh ardú breise feadh zón fronta stadta thar dheisceart na tíre agus a theann na hiseabair. Dá bhrí sin tháinig dianbháisteach, go háirithe san Oirdheisceart, agus gaotha an-láidir anoir aduaidh.

Bhí an chuid eile den tríú seachtain ní ba thirime agus ní b’fhuaire de réir mar a tháinig ardbhrú siar ó thuaidh chun cinn agus a dhírigh sé aermhais fhuar Artach ó dheas thar an tír. Dá bhrí sin tháinig roinnt laethanta an-fhuar agus bhí sioc forleathan i rith na hoíche chomh maith le ceathanna geimhridh, go háirithe san Iarthar agus san Iarthuaisceart.

Bhris frontaí aimsire Atlantacha isteach aniar go déanach Dé hAoine an 21, rud ba chúis le seal báistí agus teochtaí ní ba shéimhe. Sa chuid eile den mhí, bhí ardbhrú Atlantaigh ó thuaidh, rud ba chúis le tréimhsí báistí nó ceathanna in amanna, agus sealanna ardbhrú ó dheas, rud ba chúis le tréimhsí gearra dálaí ní ba shoiléire, ní b’fhionnuaire agus ní ba thirime.

Báisteach: Os cionn an mheáin sa chuid ba mhó d’áiteanna, ba fhliche i Lár na Tíre, sa Deisceart agus san Oirthear

Bhí na hiomláin bháistí i mí na Samhna 2025 os cionn a Meáin Fhadtéarmaigh (MFT) don tréimhse 2025 1991-2020 ag formhór na stáisiún. Bhí an céatadán de na luachanna báistí míosúla idir 89% (116.4 mm) ag Marcréidh, Co. Shligigh agus 206% (b’ionann iomlán báistí míosúil ab airde na míosa agus 237.2 mm) ag Caisleán Bhaile Sheáin, Co. Loch Garman (mí na Nollag ba fhliche ar taifead ann (fad 84 bliain)). Bhí na hiomláin báistí míosúla ab ísle ag Baile an Phaghanaigh, Co. Cheatharlach ag 110.1 mm (119% dá MFT). Taifeadadh an lá ba fhliche sa mhí freisin ag Caisleán Bhaile Sheáin, Co. Loch Garman, áit a raibh 66.9 mm Dé hAoine an 14, a bhain le stoirm Claudia (an titim laethúil ab airde i mí na Samhna ar taifead).
Bhí líon na laethanta báistí* idir 23 lá ag Páirc an Fhionnuisce, Co. Bhaile Átha Cliath agus 28 lá ag roinnt stáisiún. Bhí líon na laethanta fliucha* idir 17 lá ag Páirc an Fhionnuisce, Co. Bhaile Átha Cliath agus 27 lá ag Clár Chlainne Mhuiris, Co. Mhaigh Eo. Bhí líon na laethanta an-fhliuch* idir 2 lá ag Marcréidh, Co. Shligigh agus 9 lá ag Réadlann Dhairbhre, Co. Chiarraí. Ba í mí na Samhna ba fhliche ó bhí 2009 ann ag Aerfort Chorcaí, agus mí na Samhna ba fhliche ó bhí 2015 ann ag sé stáisiún.

Rainfall % of 1991 – 2020 Monthly Average for November 2025 (Provisional) Total Monthly Rainfall (mm) for November 2025 (Provisional)

% Báistí de Mheán Míosúil 1991 – 2020 le haghaidh mhí na Samhna 2025 (Sealadach) Iomlán Báistí Míosúla (mm) le haghaidh mhí na Samhna 2025 (Sealadach)

Teocht: Os cionn an mheáin i ngach áit, ba theo sa Deisceart agus san Oirthear

Bhí an mheánteocht aeir ar fud na tíre os cionn a MFT le haghaidh na míosa. Bhí athruithe ó mheánteocht an aeir idir +0.3 °C ag Béal an Mhuirthead, Co. Mhaigh Eo, Fionnúir, Co. Dhún na nGall agus Baile Uí Fhiacháin, Co. Mhaigh Eo (meánteochtaí 9.1 °C 8.3 °C, 8.8 °C faoi seach) agus +1.0 °C ag Aeradróm Mhic Easmainn, Co. Bhaile Átha Cliath agus ag Baile an Phaghanaigh, Co. Cheatharlach (meánteocht 8.3 °C , 8.4 °C faoi seach). Bhí meánteochtaí le haghaidh na míosa idir 7.0 °C (0.6 °C os cionn a MFT) ag Aerfort Chnoc Mhuire, Co. Mhaigh Eo agus 10.3 °C (0.7 °C os cionn a MFT) ag Inis Arcáin, Co. Chorcaí.
Taifeadadh an teocht ab ísle sa mhí Dé hAoine an 21 agus tuairiscíodh an íosteocht aeir -4.5 °C ag Cluain Creamha, Co. Ros Comáin agus an íosteocht féir ab ísle -8.6 °C ag Marcréidh, Co. Shligigh. Tuairiscíodh an uasteocht ab airde 17.5 °C Dé Céadaoin an 5, ag Dún Samhnaí, Co. na Mí agus Déardaoin an 6 ag Páirc an Fhionnuisce Co. Bhaile Átha Cliath.
Thuairiscigh gach stáisiún sioc talún i rith na míosa. Bhí líon na laethanta nuair a bhí sioc talún ann idir 2 lá ag Aerfort Chnoc Mhuire, Co. Mhaigh Eo agus 18 lá ag Páirc an Fhionnuisce, Co. Bhaile Átha Cliath. Thuairiscigh níos mó ná leath na stáisiún sioc aeir. Ní raibh aon laethanta ann go raibh sioc aeir ag sé stáisiún cósta ach bhí 8 lá den sórt sin ag an gCloch Liath, Co. Chorcaí.

Oak Park, Co Carlow Temperature: Daily mean departure from LTA for November 2025 based on 09-09hr Max/Min values.

Teocht ag Baile an Phaghanaigh, Co. Cheatharlach: Athrú ar mheánteocht laethúil ó MFT le haghaidh mhí na Samhna 2025 bunaithe ar luachanna Uasta/Íosta 09-09 uair.

Belmullet, Co Mayo Temperature: Daily mean departure from LTA for November 2025 based on 09-09hr Max/Min values.

Teocht ag Béal an Muirthead, Co. Mhaigh Eo: Athrú ar mheánteocht laethúil ó MFT le haghaidh mhí na Samhna 2025 bunaithe ar luachanna Uasta/Íosta 09-09 uair.

Taitneamh Gréine: Os cionn an mheáin, ní ba ghrianmhaire san Oirthear

Bhí gach iomlán taitnimh gréine atá ar fáil os cionn a MFT. Bhí an céatadán de na luachanna taitnimh gréine mhíosúil idir 125% (84.2 uair) ag Aeradróm Mhic Easmainn, Co. Bhaile Átha Cliath agus 127% (79.0 uair) ag Aerfort na Sionainne, Co. an Chláir. Bhí na hiomláin taitnimh gréine mhíosúil idir 48.4 uair an chloig (Níl comparáid MFT ar fáil*) ag Béal an Mhuirthead, Co. Mhaigh Eo agus 91.7 uair an chloig (Níl comparáid MFT ar fáil*) ag Aerfort Bhaile Átha Cliath, Co. Bhaile Átha Cliath.
Ba é an líon ab airde uaireanta taitnimh gréine laethúil a taifeadadh an mhí seo ná 8.2 uair an chloig ag Aerfort Chorcaí, Co. Chorcaí Dé Luain an 17. Bhí líon na laethanta gruama* idir 8 lá ag Aerfort na Sionainne, Co. an Chláir agus 13 lá ag Réadlann Dhairbhre, Co. Chiarraí agus ag Béal an Mhuirthead, Co. Mhaigh Eo araon.

Hours of Bright Sunshine observed at nine stations for each day of the month of November 2025, grouped by province relative to the highest number of hours possible by end of month (shaded box).

Uaireanta Taitnimh Gréine Ghil a breathnaíodh ag naoi stáisiún gach lá de mhí na Samhna 2025, curtha le chéile de réir cúige i gcoibhneas leis an líon is airde uaireanta is féidir faoi dheireadh na míosa (bosca scáthlínithe).

Gaoth: Tuairiscíodh gálaí láidre

Bhí meánluasanna gaoithe míosúla idir 5.4 muirmhíle san uair (10.0 km/u) ag an gCloch Liath Co. Chorcaí agus 17.6 muirmhíle san uair (32.6 km/u) ag Cionn Mhálanna, Co. Dhún na nGall. Tuairiscíodh gálaí ar 11 lá i rith na míosa agus tuairiscíodh gaotha láidre fórsa gála Dé Domhnaigh an 23 ag Ceann Mhása, Co. na Gaillimhe agus Déardaoin an 27 ag Ceann Mhása, Co. na Gaillimhe agus ag Cionn Mhálanna, Co. Dhún na nGall. Bhí líon na laethanta a raibh gálaí ann idir náid lá ag cúpla stáisiún agus 8 lá ag Cionn Mhálanna, Co. Dhún na nGall. Ní raibh aon laethanta nuair a bhí gaoth suas le gálaí láidre ann ag formhór na stáisiún ach bhí 2 lá den sórt sin ag Ceann Mhása, Co. na Gaillimhe agus lá amháin ag Cionn Mhálanna, Co. Dhún na nGall. Tuairiscíodh séideán agus meánluas gaoithe 10 nóiméad ab airde na míosa ag Cionn Mhálanna, Co. Dhún na nGall Déardaoin an 27. Ba é an séideán ab airde ná 62 muirmhíle san uair (115 km/u) agus ba é an meánluas gaoithe 10 nóiméad ab airde ná 45 muirmhíle (83 km/u).

Airmass Analysis chart 12 UTC 14 November 2025: Storm Claudia to the southwest steered numerous active weather fronts across the country from the south.

Cairt Anailíse Aermhaise 12 AUL 14 Samhain 2025: Dhírigh Stoirm Claudia a bhí siar ó dheas an iliomad frontaí aimsire gníomhaí trasna na tíre aneas.

Tá tuarascáil PDF agus cairteacha ina n-iomláine ar fáil anseo

Extreme values for November 2025 at synoptic stations.

Luachanna foircneacha le haghaidh mhí na Samhna 2025 ag stáisiúin shionoptacha.

Notes to Editor:

  • *Issued by Met Éireann on Tuesday 2nd December 2025. This report is based on available preliminary data from 25 principal weather stations operated by Met Éireann. Synoptic station data is midnight to midnight UTC. Long-Term Averages (LTAs) and “average” refer to the period 1991-2020 unless stated.
  • A rain day is a day on which 0.2 mm or more of rainfall is measured. A wet day is a day with 1.0 mm or more of rainfall. A dull day is a day with less than 0.5 hours of sunshine. A very wet day is a day with 10.0 mm or more of rainfall.
  • Climatological dry periods – An absolute drought is a period of 15 or more consecutive days to none of which is credited 0.2 mm or more of precipitation. A partial drought is a period of at least 29 consecutive days, the mean daily rainfall of which does not exceed 0.2 mm. A dry spell is a period of 15 or more consecutive days to none of which is credited 1.0 mm or more of precipitation (i.e. daily tot < 1.0 mm).
  • A heatwave occurs where there are 5 consecutive days or more with maximum temperature over 25°C (that is, a daily maximum screen air temperature > 25° C).
  • The ‘Island of Ireland’ dataset is 125 years long and runs between 1900 and 2023. For this dataset the long term averages from the 1961-1990 reference period are used for comparison as is standard for long-term climate change assessments.
  • Sunshine data is from the Autosol Network. LTAs for these sites are currently not used for comparison purposes.
  • For more information or interview opportunities with a Met Éireann spokesperson, please contact us at enq@met.ie.