Ráiteas Aeráide do Mhí Bealtaine 2026

Sáraíodh an Taifead Náisiúnta d’Uasteocht Mhí na Bealtaine le breis agus 2°C

De réir an ráitis aeráide is déanaí ó Met Éireann, sáraíodh an taifead náisiúnta d’uasteocht Mhí na Bealtaine an mhí seo caite le breis agus 2°C. Bhí limistéar dian ardbhrú, i dteannta mais aeir thrópaicí neamhghnách the don tráth seo den bhliain, ina chúis le teochtaí thar a bheith arda idir Dé Luain, an 25 Bealtaine, agus Dé Céadaoin, an 27 Bealtaine. Sáraíodh an taifead náisiúnta roimhe seo de 28.4°C, a socraíodh in Ard Fhearta, Co. Chiarraí, in 1997, ag roinnt stáisiún aeráide Dé Luain, an 25 Bealtaine. An lá dár gcionn, Dé Máirt, an 26 Bealtaine, thaifead líon níos mó stáisiún aeráide teochtaí os cionn 30.6°C.

  • Mainistir na Féile, Co. Luimnigh le 30.9°C
  • Cluain Meala, Co. Thiobraid Árann le 30.9°C
  • Oileán Ciarraí, Co. Chiarraí le 30.8 °C
  • Darú, Co. Laoise le 30.8 °C
  • Cill Chainnigh (Greenshill), Co. Chill Chainnigh le 30.8°C
  • Cill Airne (Teach Mhucrois), Co. Chiarraí le 30.7°C
  • Fiodh Ard (Parsonshill), Co. Thiobraid Árann le 30.7°C

Déanfar imscrúdú agus fíorú cuimsitheach anois ar na stáisiúin uile, idir stáisiúin shionoptacha agus stáisiúin aeráide, chun a chinneadh cén taifead nua oifigiúil d’uasteocht aeir Mhí na Bealtaine in Éirinn a bheidh ann.

Príomhfhigiúirí:

  • B’ionann an mheánteocht náisiúnta i mí Bealtaine agus 12.54 °C, rud a fhágann gurbh í seo an mí Bealtaine ba theo ó 1900 í.
  • 12.54 °C 1.99 °C os cionn MFT 1961-1990 agus 1.21 °C os cionn MFT 1991-2020.
  • Tharla ocht gcinn de na deich mí Bealtaine ba theo ó 2001 i leith, agus níor tharla aon cheann de na deich mí Bealtaine ba fhuara le blianta beaga anuas.
  • I mí Bealtaine 2026 bhí báisteach ní ba thirime ná mar a bhí de ghnáth, agus 79% de MFT 1991-2020 (62.7mm) ann, agus tá sí rangaithe mar 31ú mhí Bealtaine is tirime ó bhí 1941 ann.
  • Ba é an t-iomlán báistí laethúil ab airde ná 21.1 mm ag Cluain Creamha, Co. Ros Comáin Dé Máirt an 19 Bealtaine.

 

May Climate Statement highlights.

Buaicphointí Ráitis Aeráide le haghaidh mhí Bealtaine.

 

Bhí Bealtaine 2026 séimh ar an iomlán. Tar éis an chéad dá thrian den mhí a bheith sách fionnuar, bhí an tríú cuid dheireanach den mhí thar a bheith te. Bhí an mhí tirim i bhformhór na gceantar, go háirithe san Oirthear. Thosaigh an chéad seachtain le brú íseal siar ó dheas d’Éirinn, rud a thug tréimhsí scaipthe báistí nó ceathanna, agus tréimhsí tirime eatarthu. Ar an Luan, an 4 Bealtaine, thug córas ardbhrú bacainne siar san Atlantach Láir mais aeir Artacha isteach ón tuaisceart, rud a d’fhág an aimsir níos fuaire. Le linn an dá sheachtain ina dhiaidh sin, threoraigh an t-ardbhrú céanna maiseanna aeir Artacha eile isteach ón tuaisceart, rud a choinnigh an aimsir fionnuar. Ag deireadh na tréimhse sin, bhog báisteach nó ceathanna anuas ón iarthuaisceart ó am go chéile. Ar an Luan, an 18 Bealtaine, thug brú íseal Atlantach báisteach fhronta ghníomhach trasna na tíre ón iardheisceart agus thug sé mais aeir Atlantaigh níos séimhe isteach. D’fhan an brú íseal gar d’Éirinn go dtí Déardaoin, an 21 Bealtaine, agus bhí tuilleadh báistí agus ceathanna. Ina dhiaidh sin, thosaigh córas ardbhrú san oirdheisceart ag leathnú ó thuaidh thar Éirinn.
Bhí an chuid dheireanach den mhí faoi cheannas limistéir láidre ardbhrú sna sraitheanna íochtaracha agus uachtaracha den atmaisféar, a chlúdaigh cuid mhór d’iarthar agus de lár na hEorpa, Éire san áireamh. Ar an Domhnach, an 24 Bealtaine, leathnaigh mais aeir ilchríochach thrópaiceach neamhghnách the ó dheas thar Éirinn. Mar thoradh air sin, taifeadadh teochtaí thar a bheith arda do mhí na Bealtaine idir Dé Luain, an 25 Bealtaine, agus Dé Céadaoin, an 27 Bealtaine. Bhris stoirmeacha toirní amach sa Deisceart go déanach Dé Céadaoin, an 27 Bealtaine, sular tháinig mais aeir Atlantaigh níos fuaire isteach don chuid dheireanach den mhí. Mar thoradh air sin d’fhill báisteach fhronta agus ceathanna, agus tréimhsí tirime eatarthu.

Báisteach: Tirim i bhformhór na gceantar, go háirithe san Oirthear

Bhí formhór na n-iomlán titime báistí faoin Meán Fadtéarmach (MFT) ó 1991-2020 don mhí. Bhí an céatadán de na luachanna báistí míosúla idir 34% (b’ionann iomlán báistí ab ísle na míosa agus 19.8 mm) ag Aeradróm Mhic Easmainn, Co. Bhaile Átha Cliath agus 111% (72.7 mm) ag Béal Átha hÉis, Co. an Chabháin. Bhí na hiomláin báistí míosúla chomh hard le 81.0 mm (86% dá MFT) ag Réadlann Dhairbhre, Co. Chiarraí. Ba é an t-iomlán báistí laethúil ab airde ná 21.1 mm ag Cluain Creamha, Co. Ros Comáin Dé Máirt an 19 Bealtaine. Bhí líon na laethanta báistí idir 11 lá ag Páirc an Fhionnuisce, Co. Bhaile Átha Cliath agus 22 lá ag Cionn Mhálanna, Co. Dhún na nGall, agus Fionnúir, Co. Dhún na nGall. Bhí líon na laethanta fliucha idir 7 lá ag Baile an Phaghanaigh, Co. Cheatharlach agus 16 lá ag Marcréidh, Co. Shligigh agus Fionnúir, Co. Dhún na nGall. Bhí líon na laethanta an-fhliucha idir náid lá ag Páirc an Fhionnuisce, Co. Bhaile Átha Cliath, agus 3 lá ag Átha hÉis, Co. an Chabháin. agus Inis Arcáin, Co, Chorcaí. Lean tréimhsí tirime de réir na sainmhínithe clíomeolaíochta ó mhí Aibreáin go dtí Dé Máirt, an 12 Bealtaine, san Oirthear. Bhí triomach iomlán* a mhair 22 lá, idir an 19 Aibreán agus an 10 Bealtaine, agus triomach páirteach* a mhair 32 lá, idir an 11 Aibreán agus an 12 Bealtaine, ag dhá stáisiún – Páirc an Fhionnuisce agus Aeradróm Mhic Easmainn, Co. Bhaile Átha Cliath. Bhí tréimhsí tirime* a mhair 25 lá agus 20 lá, faoi seach, idir an 18 Aibreán agus an 12 Bealtaine, ag Aerfort Bhaile Átha Cliath agus Dún Samhnaí, Co. na Mí.

Rainfall % of 1991 – 2020 Monthly Average for May 2026 (Provisional). Total Monthly Rainfall (mm) for May 2026 (Provisional).

% Báisteach de 1991 – 2020 Meán Míosúil 2021 i mí na Bealtaine 2026 (Sealadach). Báisteach Iomlán Mhíosúil (mm) do Bhealtaine 2026 (Sealadach).

Teocht: Os cionn an mheáin i ngach áit, thuairiscigh ocht stáisiúin déag na huasteochtaí laethúla is airde riamh de Bhealtaine

Bhí an mheánteocht aeir ar fud na tíre os cionn an MFT don mhí. Bhí athruithe ó mheánteocht an aeir idir +0.4 °C (meánteocht 12.4 °C) ag Baile Uí Fhiacháin, Co. Mhaigh Eo agus +1.9 °C (meánteocht 12.6 °C) ag Aerfort Bhaile Átha Cliath, Co. Bhaile Átha Cliath. Bhí meánteochtaí na míosa idir 11.3 °C (0.8C agus 1.1 °C os cionn a MFT) ag Cionn Mhálanna, Co. Dhún na nGall, Aerfort Chnoc Mhuire, Co. Mhaigh Eo agus 13.4 °C (1.2 °C os cionn a MFT)) ag Aerfort na Sionainne, Co. an Chláir. Ba í 30.6°C an teocht ba airde a taifeadadh ag stáisiún sionoptach le linn na míosa. Taifeadadh í ag Aerfort na Sionainne, Co. an Chláir, Dé Máirt, an 26 Bealtaine. Ba í seo an uasteocht laethúil ba airde riamh do mhí na Bealtaine ag stáisiún sionoptach. Tá an luach seo, agus luachanna cosúla ó stáisiúin aeráide réigiúnacha, fós faoi athbhreithniú chun an taifead náisiúnta nua d’uasteocht Mhí na Bealtaine a dheimhniú.
Taifeadadh an íosteocht aeir agus féir ab ísle don mhí ag Cluain Creamha, Co. Ros Comáin, agus an teocht aeir is ísle á tuairisciú Dé Chéadaoin an 6 le -1.3 °C, agus an íosmhéid féir ab ísle ná -7.5 °C a tuairiscíodh Dé Dhomhnaigh an 10. Thuairiscigh níos mó ná leath na stáisiún sioc talún. Bhí líon na laethanta nuair a bhí sioc talún ann idir náid lá ag cúpla stáisiún agus 10 lá ag Páirc an Fhionnuisce, Co. Bhaile Átha Cliath. Thuairiscigh níos lú ná leath de na stáisiúin sioc aeir. Bhí líon na laethanta nuair a bhí sioc aeir ann idir náid lá cuid mhaith stáisiún agus 2 lá ag Marcréidh, Co. Shligigh agus ag Cluain Creamha, Co. Ros Comáin araon. Bhain 18 stáisiún taifid nua amach dá n-uasteocht aeir do mhí na Bealtaine idir Dé Domhnaigh, an 24 Bealtaine, agus Dé Céadaoin, an 27 Bealtaine.

Synoptic stations new May maximum temperature records compared to previous station records. 7 synoptic stations also broke the previous National May maximum temperature record.

Taifid nua d’uasteocht Mhí na Bealtaine ag stáisiúin shionoptacha (príomhstáisiúin), i gcomparáid leis na taifid stáisiúin roimhe seo. Sháraigh 7 stáisiún sionoptacha an taifead náisiúnta roimhe seo d’uasteocht Mhí na Bealtaine freisin.

Oak Park, Co Carlow. Temperature: Daily mean departure from LTA for May 2026 based on 09-09hr Max/Min values.

Baile an Phaghanaigh, Co. Cheatharlach. Teocht: Athrú ar mheánteocht laethúil ó MFT i mí Bealtaine 2026 bunaithe ar luachanna Uasta/Íosta 09-09 uair.

Taitneamh na Gréine: Os cionn an mheáin san Oirthear, níos scamallaí sa Deisceart agus san Iarthar

Bhí céatadán na luachanna taitnimh gréine MFT athraitheach (nuair a bhí siad ar fáil) ar fud na tíre. Bhí an céatadán de na luachanna míosúla taitnimh gréine idir 96% (177.0 uair an chloig) ag Aerfort na Sionainne, Co. an Chláir agus 108% (207.0 uair an chloig) ag Aeradróm Mhic Easmainn, Co. Bhaile Átha Cliath. Bhí an taitneamh gréine míosúil ba ísle, 150.3 uair a chloig ag Aerfort Chorcaigh, Co. Chorcaigh (Níl aon chomparáid MFT ar fáil). B’ionann 15.2 uair an chloig ag Caisleán Bhaile Sheáin, Co. Loch Garman Dé Máirt an 26 agus an líon ab airde uaireanta taitnimh gréine laethúil a taifeadadh an mhí seo. Bhí líon na laethanta gruama* idir 2 lá ag Cionn Mhálanna, Co. Dhún na nGall agus Réadlann Dhairbhre, Co. Chiarraí, agus 5 lá ag Aerfort Chorcaí.

Hours of Bright Sunshine observed at nine stations for each day of the month of May 2026, grouped by province relative to the highest number of hours possible by end of month (shaded box).

Uaireanta Faoi Iomlán Gréine a tugadh faoi deara ag gach stáisiún do gach lá de mhí Bealtaine 2026, curtha le chéile de réir cúige i gcoibhneas leis an líon is airde uaireanta is féidir faoi dheireadh na míosa (bosca scáthlínithe).

Gaoth: Gálaí tuairiscithe ag stáisiún amháin

Bhí meánluasanna na gaoithe míosúla idir 5.4 muirmhíle san uair (10.0 km/u) i mBéal Átha hÉis, Co. an Chabháin agus 12.6 muirmhíle san uair (23.3 km/u) ag Ceann Mhása, Co. na Gaillimhe. Tuairiscíodh gálaí ag stáisiún amháin Dé Céadaoin, an 13 Bealtaine. Bhí líon na laethanta le gaotha fórsa gála idir náid lá ag an gcuid is mó de na stáisiúin go dtí lá amháin ag Rinn an Róistigh, Co. Chorcaí. Níor tuairiscíodh aon ghála láidir ná stoirmeacha an mhí seo. Tuairiscíodh an séideán ab airde den mhí ag Fionnúir, Co. Dhún na nGall Dé Mháirt an 12 Bealtaine agus Cionn Mhálanna, Co. Dhún na nGall, Dé Céadaoin an 13 Bealtaine faoi seach, le 47 muirmhíle san uair (87 km/u). Ba é an luas gaoithe 10 nóiméad is airde ná 35 muirmhíle san uair (65 km/u) a tuairiscíodh ag Rinn an Róistigh, Co. Chorcaí, Dé Céadaoin an 13 Aibreán.

Wind roses for May 2026, sustained 10-min mean and gust.

Gaothrósanna le haghaidh mhí Bealtaine 2026, meán leanúnach 10 nóiméad agus séideán.

Tá tuarascáil iomlán PDF agus cairteacha ar fáil anseo

Extreme values for May 2026 at synoptic stations.

Luachanna foircneacha ag stáisiúin shionoptacha do Bhealtaine 2026.

Notes to Editor:

  • Eisithe ag Met Éireann dé Céadaoin 3 Meitheamh 2026. Tá an tuarascáil seo bunaithe ar réamhshonraí atá ar fáil ó 25 príomhstáisiún aimsire arna n-oibriú ag Met Éireann. Is í meán oíche go meán oíche AUL an tréimhse a chlúdaíonn sonraí stáisiúin shionoptacha. Tagraíonn Meánleibhéil Fhadtéarmacha (MLFTanna) agus “meán” don tréimhse 1981-2010.
  • A rain day is a day on which 0.2 mm or more of rainfall is measured. Is lá fliuch é lá le 1.0 mm nó níos mó de thitim bháistí. Is lá gruama é lá le níos lú ná 0.5 uair an chloig de thaitneamh gréine. Is lá an-fhliuch é lá le 10.0 mm nó níos mó de thitim bháistí.
  • Tréimhsí tirime aeráideolaíochta – Sainmhínítear dearbhthriomach mar shraith 15 lá as a chéile nó níos mó nach dtaifeadann aon lá aonair 0.2 mm nó níos mó de fhrasaíocht. Is é páirt-triomach tréimhse 29 lá nuair nach mó an mheántitim báistí laethúil agus ná 0.2 mm. Sainmhínítear tréimhse thirim mar thréimhse 15 lá as a chéile nó níos mó, nach bhfaigheann aon cheann acu 1.0 mm nó níos mó de fhrasaíocht (i.e., an t-iomlán laethúil níos lú ná 1.0 mm).
  • Tarlaíonn tonn teasa nuair a bhíonn 5 lá as a chéile nó níos mó ann a bhfuil an uasteocht os cionn 25°C (is é sin, uasteocht laethúil an aeir scáthláin > 25° C).
  • The ‘Island of Ireland’ dataset is 125 years long and runs between 1900 and 2023. For this dataset the long term averages from the 1961-1990 reference period are used for comparison as is standard for long-term climate change assessments.
  • *Tagann sonraí gréine ón Líonra Autosol. Ní úsáidtear MLFTanna do na suímh seo faoi láthair chun críocha comparáide.
  • For more information or interview opportunities with a Met Éireann spokesperson, please contact us at enq@met.ie.