Ráiteas Aeráide do Mhí an Mheithimh 2022

Mí Meithimh le cúpla bliain anuas in Éirinn:

  • 2016: Bhí dhá thrian de luachanna Mheánleibhéil Fhadtéarmaigh (MLFT) na titime báistí os cionn an mheáin. Thuairiscigh gach stáisiún meánteochtaí aeir os cionn an mheáin agus bhí luachanna MLFT an taitnimh gréine athraitheach.
  • 2017: Athraitheach, luaineach agus gruama. Thuairiscigh formhór na stáisiún iomláin mhíosúla titime báistí os cionn an mheáin agus meánteochtaí aeir os cionn an mheáin, agus bhí dhá thrian d’iomláin an taitnimh gréine a bhí ar fáil faoina MLFT.
  • 2018: Dálaí toinne teasa i mórán áiteanna. Bhí teochtaí aeir agus luachanna taitnimh gréine os cionn an mheáin i ngach áit agus bhí iomláin na titime báistí faoin MLFT. Chuaigh Stoirm Henry thar an iarthuaisceart ar an 13 agus an 14 Meitheamh.
  • 2019: Fionnuar agus luaineach ar an iomlán; bhí deireadh na míosa te. Bhí formhór iomláin mhíosúla na titime báistí os cionn an mheáin, bhí meánteochtaí aeir faoin meán agus bhí luachanna taitnimh gréine athraitheach.
  • 2020: Athraitheach, gruama agus gaofar. Bhí formhór iomláin mhíosúla na titime báistí os cionn an mheáin. Bhí teochtaí cóngarach don mheán, agus bhí luachanna taitnimh gréine faoin meán i ngach áit.
  • 2021: Tirim i ngach áit, grianmhar agus te sa Deisceart agus san Oirthear. Bhí iomláin na titime báistí faoin meán i ngach áit. Bhí formhór na meánteochtaí aeir os cionn an mheáin agus bhí beagnach gach iomlán taitnimh gréine os cionn an mheáin.

Meitheamh 2022

Níos fliche, níos fionnuaire agus níos scamallaí san Iarthar. Níos tirime, níos teo agus níos grianmhara san Oirthear

Ba mhí réasúnta séimh í mí an Mheithimh le titim báistí os cionn an mheáin i mórán áiteanna, go háirithe san Iarthar. Bhí aershreabh aniar agus aneas againn den chuid is mó, rud a thug frontaí aimsire iomadúla léi ón Atlantach trasna na tíre ag amanna, in éineacht le tréimhsí gníomhaíochta comhiompraí láidir ceathanna. Bhí an-chuid taitnimh gréine san Oirthear agus san Oirdheisceart ag amanna, ach bhí mí níos gruama san Oirthear agus san Iardheisceart. Bhí brú measartha ard againn sa chéad sheachtain agus idir an 12 agus an 23 Meitheamh, rud a lagaigh frontaí aimsire agus a thug an-chuid aimsir thirim leis. Thit an chuid is mó de bháisteach na míosa i rith dhá phríomhthréimhse. Bhí an chéad phríomhthréimhse ann idir an Máirt an 7 agus an Satharn an 11 nuair a ghluais dhá chóras lagbhrú cóngarach d’Iarthuaisceart na hÉireann, agus fuílligh den iarstoirm thrópaiceach Alex i gceann de na córais. Thug sé sin báisteach nó ceathanna forleathana agus dálaí gaofara neamhshéasúracha leis. Sa dara príomhthréimhse, bhí log lagbhrú ina shuí díreach os cionn na hÉireann agus na RA i rith na seachtaine deireanaí den mhí. Thug sé sin an seal fliuchrais is fliche den mhí leis, le báisteach nó ceathanna láidre forleathana ann beagnach gach lá, mar aon le dálaí gaofara neamhshéasúracha níos mó.

Titim Báistí: Os cionn an mheáin beagnach i ngach áit; thit an méid is mó báistí san Iarthar agus san Iardheisceart. Faoin meán san Oirthear

Bhí formhór iomláin mhíosúla na titime báistí os cionn an Mheánleibhéil Fhadtéarmaigh (MLFT). Bhí céatadán luachanna míosúla na titime báistí idir 65% (iomlán míosúil is ísle na titime báistí de 43.6 mm) ag Aerfort Bhaile Átha Cliath, Co. Bhaile Átha Cliath agus 165% (iomlán míosúil is airde na titime báistí de 148.0 mm) ag Baile Uí Fhiacháin, Co. Mhaigh Eo. Ba é iomlán laethúil na titime báistí is airde ná 41.6 mm ag Réadlann Dhairbhre, Co. Chiarraí ar an Aoine an 24 Meitheamh (an titim laethúil is airde do mhí Meithimh ó 2007). Bhí líon na laethanta báistí idir 12 lá ag cúpla stáisiún agus 23 lá ag Béal an Mhuirthead, Co. Mhaigh Eo. Bhí líon na laethanta fliucha idir 9 lá ag Inis Arcáin, Co. Chorcaí agus 18 lá ag Béal an Mhuirthead, Co. Mhaigh Eo. Bhí líon na laethanta an-fhliucha idir náid lá ag Páirc an Fhionnuisce, Co. Bhaile Átha Cliath agus Aerfort Bhaile Átha Cliath, Co. Bhaile Atha Cliath agus 6 lá ag Baile Uí Fhiacháin, Co. Mhaigh Eo agus Aerfort Chnoc Mhuire, Co. Mhaigh Eo. Bhí an Meitheamh ba fhliche ó 2007 ag Réadlann Dhairbhre, Co. Chiarraí, le 146 mm (153% dá MLFT). Bhí an Meitheamh ba fhliche ó 2012 ag Béal an Mhuirthead, Co. Mhaigh Eo, le 100.9 mm (140% dá MLFT) agus Aerfort Chnoc Mhuire, Co. Mhaigh Eo, le 129 mm (141% dá MLFT).

Teocht: Os cionn an mheáin ag formhór na stáisiún, faoi bhun an mheáin ag roinnt stáisiún san Iarthar

Bhí formhór na meánteochtaí aeir ar fud na tíre, amach ón Iarthar, os cionn Mheánleibhéal Fadtéarmach (MLFT) 1981-2010 don mhí seo. Bhí athruithe ó mheánteocht an aeir idir -0.3 °C (meánteocht 14.2 °C) ag Aerfort na Sionainne, Co. an Chláir, agus 0.9 °C (meánteocht is airde na míosa, 14.4 °C) ag Páirc an Fhionnuisce, Co. Bhaile Átha Cliath. Ba iad na meánteochtaí is ísle don mhí ná 12.3 °C ag Aerfort Chnoc Mhuire, Co. Mhaigh Eo (0.1 °C os cionn a MLFT). Ba iad teochtaí is ísle na míosa ar taifead ná an Déardaoin, an 2 Meitheamh, agus an t-íosmhéid aeir is ísle ar taifead ag Cluain Creamha, Co. Ros Comáin le teocht de 2.1 °C agus an t-íosmhéid féir is ísle ar taifead ag Aerfort Bhaile Átha Cliath, Co. Bhaile Átha Cliath ag -2.1 °C. Tuairiscíodh an t-uasmhéid is airde ar an Déardaoin, an 16 Meitheamh, ag Páirc an Fhionnuisce, Co. Bhaile Átha Cliath, le teocht de 23.9 °C. Níor tuairiscíodh sioc aeir an mhí seo. Thuairiscigh níos lú ná leath na stáisiún sioc talún. Bhí líon na laethanta le sioc talún idir náid lá ag cúpla stáisiún agus 3 lá ag Aerfort Bhaile Átha Cliath, Co. Bhaile Átha Cliath.

Taitneamh na Gréine: Taitneamh gréine is airde san Oirdheisceart, taitneamh gréine is ísle san Iardheisceart

Bhí céatadán luachanna an Mheánleibhéil Fhadtéarmaigh (MLFT) do thaitneamh gréine athraitheach ar fud na tíre. Bhí céatadán luachanna míosúla an taitnimh gréine idir 82% (iomlán míosúil taitnimh gréine de 128.4 uair an chloig) ag Aerfort na Sionainne, Co. an Chláir agus 104% (iomlán míosúil taitnimh gréine de 166.4 uair an chloig) ag Aeradróm Mhic Easmainn, Co. Bhaile Átha Cliath. Bhí iomláin mhíosúla an taitnimh gréine idir 110.0 uair an chloig (Níl comparáid MLFT ar fáil*) ag Réadlann Dhairbhre, Co. Chiarraí agus 199.4 uair an chloig (Níl comparáid MLFT ar fáil*) ag Caisleán Bhaile Sheáin, Co. Loch Garman. Ba é 16.1 uair an chloig ag Cionn Mhálanna, Co. Dhún na nGall ar an Satharn an 4 Meitheamh an líon is airde uaireanta an chloig gréine laethúla a taifeadadh an mhí seo. Bhí líon na laethanta gruama idir 3 lá ag Aeradróm Mhic Easmainn, Co. Bhaile Átha Cliath, agus Aerfort Chorcaí, Co. Chorcaí, agus 7 lá ag Aerfort na Sionainne, Co. an Chláir.

Gaoth: Tuairiscíodh gálaí

Bhí meánluas míosúil na gaoithe idir 5.8 muirmhíle san uair (10.7 km/u) ag an gCloch Liath, Co. Chorcaí, agus Baile Átha hÉis, Co. Cheatharlach agus 15.0 muirmhíle san uair (27.8 km/u) ag Ceann Mhása, Co. na Gaillimhe. Tuairiscíodh gálaí ag Béal an Mhuirthead, Co. Mhaigh Eo ar an Aoine an 10 agus ag Ceann Mhása, Co. na Gaillimhe ar an Satharn an 25. Bhí líon na laethanta le gaotha fórsa gála idir náid lá ag formhór na stáisiún agus 1 lá ag Ceann Mhása, Co. na Gaillimhe agus Béal an Mhuirthead, Co. Mhaigh Eo. Níor tuairiscíodh aon ghála láidir ná stoirmeacha an mhí seo. Tuairiscíodh meánluas gaoithe 10 nóiméad is airde na míosa ag Ceann Mhása, Co. na Gaillimhe agus Béal an Mhuirthead, Co. Mhaigh Eo ar an Satharn an 25 agus an Aoine an 10 Meitheamh, faoi seach, le 34 muirmhíle san uair (63 km/u). Ba é 45 muirmhíle san uair (83 km/u) séideán is airde na míosa, a tuairiscíodh ag Béal an Mhuirthead, Co. Mhaigh Eo, ar an Aoine an 10 Meitheamh.

Luachanna míchuibheasacha ag stáisiúin shionoptacha

Luachanna míchuibheasacha ag stáisiúin shionoptacha

Tá an tuairisc iomlán ar fáil anseo

 

Iomlán na Titime Báistí (mm) do Mhí Mheithimh 2022 (Sealadach)

Iomlán na Titime Báistí (mm) do Mhí Mheithimh 2022 (Sealadach)

 

% Titime Báistí Mheánleibhéal Míosúil 1981-2021 do Mhí Iúil 2022 (Sealadach)

% Titime Báistí Mheánleibhéal Míosúil 1981-2021 do Mhí Iúil 2022 (Sealadach)