Bhí an chéad leath fuar tirim, agus bhí an dara leath fliuch
Sa chéad leath de mhí na Nollag 2022 bhí aermhaiseanna Artacha an-fhuar ann go príomha, agus bhí brú ard ó thuaidh agus bhí an Scairdsruth díláithrithe go mór go deisceart na hÉireann, rud a d’fhág go raibh dálaí ní ba thirime ná an meán. Ní raibh an dara leath chomh fuar agus bhí córais ísealbhrú ón Atlantach ann go príomha, rud a thug dálaí ní ba fhliche ná an meán. Le linn na chéad seachtaine, bhí aershreabh anoir ann a d’éirigh níos fuaire, tar éis tosú measartha cineálta, mar gheall ar ardbhrú a bhí dírithe san oirthuaisceart thar Chríoch Lochlann ar dtús. Bhí sé tirim den chuid is mó seachas roinnt ceathanna troma fearthainne i gcontaetha cósta an Oirthir agus an Deiscirt i lár na seachtaine. Bhog ardbhrú ó Chríoch Lochlann i dtreo na Graonlainne ag deireadh na chéad seachtaine, agus bhí aershreabh i bhfad ní b’fhuaire aduaidh sa dara seachtain mar gheall air sin. Bhí ceathanna geimhridh mar gheall air sin, ar chóstaí ar aghaidh na gaoithe san Oirthear agus sa Tuaisceart den chuid is mó, agus bhí sneachta ina luí in áiteanna, chomh maith le sioc trom agus laethanta oighir (nuair nach n-ardaíonn an teocht uasta i lá os cionn 0.0 °C), go háirithe istigh faoin tír. Bhí an tríú seachtain fuar agus seaca ag an tús sular tháinig aershreabh an-chineálta aneas trasna na tíre ar an 18, rud a chuir deireadh leis an aimsir fhuar. Sa choicís dheireanach den mhí bhí córais ísealbhrú ón Atlantach siar agus ó thuaidh go príomha, agus bhí báisteach nó ceathanna ann an chuid is mó de na laethanta mar gheall orthu, in aershreabh ón deisceart chuig an iarthar den chuid is mó. Bhí an bháisteach thar bheith forleathan agus trom idir an 23 agus an 25, toirniúil in áiteanna ar an 24, agus mar an gcéanna arís idir an 28 agus an 30 agus bhí go leor frontaí aimsire gníomhacha ag trasnú na tíre.
Báisteach: Faoi bhun an mheáin i bhformhór na n-áiteanna
Bhí formhór iomlán báistí míosúil ar fud na tíre faoi Mheán Fadtéarmach (MFT) 1981-2010. Bhí an céatadán de na luachanna báistí míosúla ó 71% (báisteach mhíosúil 93.0 mm san iomlán) ag Fionnúir, Co. Dhún na nGall go 136% (báisteach mhíosúil 187.1 mm arbh é an t-iomlán ab airde le haghaidh na míosa) ag Béal an Mhuirthead, Co. Mhaigh Eo. Bhí na hiomláin báistí míosúla ab ísle ag Baile an Phaghanaigh, Co. Cheatharlach ag 68.0 mm (81% dá MFT). Chomh maith leis sin, taifeadadh an lá ba fhliche i rith na míosa ag Béal an Mhuirthead, Co. Mhaigh Eo – thit 41.3 mm de bháisteach ar Lá Nollag, Dé Domhnaigh an 25. Bhí líon na laethanta báistí idir 15 lá ag Baile an Phaghanaigh, Co. Cheatharlach agus 28 lá ag Cionn Mhálanna, Co. Dhún na nGall. Bhí líon na laethanta fliucha idir 9 lá ag Béal Átha hÉis, Co. an Chabháin agus 22 lá ag Cionn Mhálanna, Co. Dhún na nGall agus ag Béal an Mhuirthead, Co. Mhaigh Eo. Bhí líon na laethanta iontach fliuch idir 2 lá ag cúpla stáisiún agus 8 lá ag Baile Uí Fhiacháin, Co. Mhaigh Eo.

Báisteach Mhíosúil Iomlán (mm) le haghaidh mhí na Nollag 2022 (Sealadach)

% de Bhaisteach idir 1981 – 2010 Meán Míosúil le haghaidh mhí na Nollag 2022 (Sealadach)
Teocht: Faoi bhun an mheáin i ngach áit, mí na Nollag is fuaire ó 2010
Bhí na meánteochtaí aeir go léir ar fud na tíre faoi bhun an MFT le haghaidh na míosa. Bhí athruithe ó mheánteocht aeir idir -2.7 °C (meánteocht 3.0 °C) ag Marcréidh, Co. Shligigh (mí na Nollag is fuaire ansin ó 2010) agus -0.7 °C (meánteocht 5.7 °C) ag Cionn Mhálanna, Co. Dhún na nGall (mí na Nollag is fuaire ansin ó 2011). Bhí meánteochtaí le haghaidh na míosa idir 2.8 °C (2.2 °C os cionn a MFT) ag Cluain Creamha, Co. Ros Comáin (mí na Nollag is fuaire ansin ó 2010) agus 7.0 °C (1.0 °C faoi bhun a MFT) ag Inis Arcáin, Co. Chorcaí (mí na Nollag is fuaire ansin ó 2010). Tuairiscíodh teocht is airde na míosa ag Páirc an Fhionnuisce, Co. Bhaile Átha Cliath Dé Luain an 19 Aibreán agus bhí teocht 15.0 °C ann. Taifeadadh an t-íosmhéid aeir agus féir ab ísle sa mhí ag Cluain Creamha, Co Ros Comáin agus tuairiscíodh an teocht aeir ab ísle Dé hAoine an 16 ag -8.8 °C (an t-íosmhéid ab ísle i mí na Nollag ó 2010 agus an t-íosmhéid ab ísle in Éirinn ó mhí na Nollag 2010), agus ba é -13.0 °C an t-íosmhéid féir ab ísle (an t-íosmhéid féir ab ísle i mí na Nollag ar taifead (fad 18 mbliana) a tuairiscíodh Dé Céadaoin an 14). Tuairiscíodh sioc aeir agus talún i rith na míosa ag gach stáisiún. Ba é líon na laethanta nuair a bhí sioc talún ann ná 8 lá ag Inis Arcáin, Co. Chorcaí go 28 lá ag Marcréidh, Co. Shligigh. Bá é líon na laethanta nuair a bhí sioc aeir ann ná 2 lá ag Cionn Mhálanna, Co. Dhún na nGall go 14 lá ag Cluain Creamha, Co. Ros Comáin. Bhí lá oighir ag aon stáisiún déag (nuair nach n-ardaíonn an teocht uasta in aon lá os cionn 0.0 °C) Dé Luain an 12, bhí an dara lá oighir as a chéile ag ceithre cinn de na stáisiúin sin Dé Máirt an 13 agus bhí an tríú lá oighir as a chéile ag stáisiún amháin, Béal Átha hÉis, Co. an Chabháin Dé Céadaoin an 14. Bhí an uasteocht laethúil ag Béal Átha hÉis ab fhuaire ná mar a bhí ag aon stáisiún sionoptach ó mhí na Nollag 2010 agus bhí uasteocht -3.1 °C Dé Luain an 12.

Teocht ag Aerfort Bhaile Átha Cliath: Meánimeacht laethúil ó MFT le haghaidh mhí na Nollag 2022. Chun tuilleadh graf a fháil, anseo, cliceáil ‘Temp Graph’’

Teocht ag Inis Arcáin, Co. Chorcaí: Meánimeacht laethúil ó MFT le haghaidh mhí na Nollag 2022. Chun tuilleadh graf a fháil here, cliceáil ‘Temp Graph’ anseo ‘
Grian: Grianmhar i bhformhór na n-áiteanna
All available sunshine totals were above their LTA. Percentage of monthly sunshine values ranged from 143% (monthly sunshine total of 68.3 hours) at Casement Aerodrome, Co Dublin to 152% (monthly sunshine total of 68.6 hours) at Shannon Airport, Co Clare. Monthly sunshine totals ranged from 30.9 hours (No LTA comparison*) at Malin Head, Co Donegal to 78.7 hours (No LTA comparison*) at Cork Airport, Co Cork. The highest number of daily sunshine hours recorded this month was 7.0 hours at Cork Airport, Co Cork on Thursday 15th. The number of dull days ranged from 7 days at Johnstown Castle, Co Wexford to 13 days at Gurteen, Co Tipperary.
Gaoth: Tuairiscíodh gálaí láidre
Bhí meánluasanna míosúla na gaoithe idir 5.1 muirmhíle san uair (9.5 km/u) ag Cluain Creamha, Co. Ros Comáin agus 15.6 muirmhíle san uair (28.9 km/u) ag Cionn Mhálanna, Co. Dhún na nGall. Tuairiscíodh gála ar 7 lá i rith na míosa agus tuairiscíodh suas le gaotha gála láidre Dé Céadaoin an 21. Bhí líon na laethanta ina raibh gálaí idir lá gan ghálaí ag formhór na stáisiún go 5 lá ag Ceann Mhása, Co na Gaillimhe. Bhí líon na laethanta ina raibh suas le gálaí láidre idir lá gan ghálaí ag formhór na stáisiún agus lá amháin ag Ceann Mhása, Co. na Gaillimhe. Tuairiscíodh an séideán ab airde agus an meánluas gaoithe 10 nóiméad ab airde sa mhí Dé Céadaoin an 21. Ba é an séideán ab airde ná 56 muirmhíle san uair (104 km/u) a tuairiscíodh ag Béal an Mhuirthead, Co. Mhaigh Eo agus ba é an meánluas gaoithe 10 nóiméad ab airde ná 41 muirmhíle (76 km/u) ag Ceann Mhása, Co. na Gaillimhe.
Tá an tuarascáil iomlán ar fáil anseo

Luachanna foircneacha mhí na Nollag 2022 ag stáisiúin shionoptacha
Mí na Nollag le cúpla bliain anuas in Éirinn:
- 2016: Tuairiscíodh ag beagnach gach stáisiún go raibh báisteach faoin Meán Fadtéarmach (MFT) agus tuairiscíodh ag gach stáisiún go raibh meánteochtaí os cionn an MFT.
- 2017: Bhí báisteach os cionn an mheáin ag formhór na stáisiún, bhí tromlach na meánteochtaí aeir os cionn an mheáin, bhí na hiomláin ghréine faoi bhun an mheáin go ginearálta agus tuairiscíodh gaotha fórsa stoirme le linn Stoirm Dylan.
- 2018: Bhí níos mó báistí ná mar a bhíonn de ghnáth ag formhór na stáisiún, agus b’airde í sa Deisceart. Bhí na meánteochtaí aeir go léir ar fud na tíre ní b’airde agus bhí na hiomláin ghréine faoi bhun an mheáin ag gach stáisiún agus bhí gaotha láidre fórsa gála ann mar gheall ar Stoirm Deirdre.
- 2019: Bhí iomláin bháistí mhíosúla athraitheach ar fud na tíre, bhí na meánteochtaí aeir ní b’airde i ngach áit, bhí na hiomláin ghréine os cionn an mheáin ag gach stáisiún agus tuairiscíodh gálaí láidre le linn Stoirm Elsa agus Stoirm Atiyah.
- 2020: Bhí báisteach os cionn an mheáin agus bhí teochtaí faoi bhun an mheáin i bhformhór na n-áiteanna, agus bhí na hiomláin ghréine os cionn an mheáin i ngach áit agus tuairiscíodh gaotha fórsa stoirme le linn Stoirm Bella
- 2021: Bhí formhór na n-iomlán báistí míosúil os cionn an mheáin, bhí na meánteochtaí aeir go léir os cionn an mheáin, bhí na hiomláin ghréine athraitheach agus tuairiscíodh gaotha tréana fórsa stoirme 11 le linn Stoirm Barra.