Samhradh 2023 (Meitheamh, Iúil & Lúnasa)
Meitheamh te, Iúil fliuch, Lúnasa stoirmiúil
I samhradh 2023, bhí an Meitheamh is teo atá taifeadta againn ar talamh agus ar muir agus an tIúil is fliche riamh, nuair a thaifid 17 stáisiún 200% dá Meánleibhéal Fadtéarmach (MLFT). Chríochnaigh an séasúr le dhá stoirm ainmnithe i mí Lúnasa a leag crainn agus ina raibh maidhmeanna tuile agus tuilte cósta dá bharr. Thosaigh an séasúr an-tirim le sealanna tirime aeráide forleathana* a mhair go dtí lár mhí an Mheithimh, sular bhris sé síos le hocht lá as a chéile de ghníomhaíocht stoirme toirní dhian. Bhí smacht ag an ngaoth aniar ón Atlantach i dtreo dheireadh mhí an Mheithimh. Bhí córais lagbhrú an Atlantaigh i dtreis i mí Iúil agus aershreabh aniar agus cioclónach ann den chuid is mó. Don chuid is mó den mhí, bhí Éire suite ar an taobh thuaidh níos fionnuaire de scairdsruth an Atlantaigh Thuaidh, a bhí sách láidir don am sin den bhliain. Bhog roinnt frontaí aimsire gníomhacha trasna na tíre, in éineacht le sealanna báistí comhiompracha diana agus toirniúla ó am go chéile. Bhí córais lagbhrú an Atlantaigh i dtreis arís i mí Lúnasa. Ba iad dhá stoirm ainmnithe na himeachtaí aimsire ba shuntasaí den mhí: Stoirm Antoni, a d’ainmnigh Oifig Meitéareolaíochta na Ríochta Aontaithe ag tús na míosa, agus Stoirm Betty, a d’ainmnigh Met Éireann go gairid i ndiaidh lár na míosa. Thug siad sealanna báistí an-trom agus gaotha láidre leo, rud a d’fhág maidhmeanna tuile agus tuilte cois cósta agus a leag go leor crann in oirthear na tíre.
Ba é samhradh 2023 an cúigiú samhradh is teo a taifeadadh ar oileán na hÉireann (fad taifid 124 bliain) agus ní raibh sé ach beagán faoi bhun Shamhradh 2018. Ba iad na ceithre shamhradh is teo ná 1995, 1976, 2006 agus 2018. Ba iad an Meitheamh is teo a taifeadadh riamh agus na teochtaí oíche arda i rith mhíonna an tsamhraidh ba chúis leis na meánteochtaí arda an samhradh seo.

Aimhrialtachtaí Teochta Sealadacha Samhraidh d’Oileán na hÉireann 1900-2023 (an difear ó 1961-1990)
Báisteach: Os cionn an mheáin i ngach áit, an aimsir is fliche i mí Iúil, agus an aimsir is tirime i mí an Mheithimh
Bhí na hiomláin bháistí go léir os cionn a Meánleibhéil Fhadtéarmaigh 1981-2010 (MLFT) don séasúr. Bhí an céatadán de luachanna titime báistí séasúracha idir 114% (titim báistí shéasúrach de 260.7mm san iomlán) ag Caisleán Bhaile Sheáin, Co. Loch Garman agus 170% (titim bháistí shéasúrach de 401.6mm san iomlán) ag Cluain Creamha, Co. Ros Comáin. Bhí iomláin shéasúracha na titime báistí idir 252.9 mm (132% dá MLFT) ag Baile an Phaghanaigh, Co. Cheatharlach agus 471.9 mm (153% dá MLFT) ag Réadlann Dhairbhre, Co. Chiarraí. Taifeadadh an lá is fliche den séasúr freisin i Réadlann Dhairbhre, Co. Chiarraí le 74.0 mm Dé hAoine an 18 Lúnasa (an titim bhaistí laethúil is airde sa samhradh ó 1986). Bhí líon na laethanta báistí idir 52 lá ag Rinn an Róistigh, Co. Chorcaí agus 75 lá ag Marcréidh, Co. Shligigh agus Aerfort Chnoc Mhuire, Co. Mhaigh Eo. Bhí líon na laethanta fliucha* idir 34 lá ag Caisleán Bhaile Sheáin, Co. Loch Garman agus 64 lá ag Baile Átha an Rí, Co. na Gaillimhe. Bhí líon na laethanta iontach fliuch* idir 7 lá ag cúpla stáisiún agus 17 lá ag Aerfort Chnoc Mhuire, Co. Mhaigh Eo. Bhí an samhradh ba fhliche ó 2008 ag Aerfort Bhaile Átha Cliath, Co. Bhaile Átha Cliath le 318.0 mm (162% dá MLFT) agus bhí an samhradh ba fhliche ó 2012 ag Aerfort Chnoc Mhuire, Co. Mhaigh Eo le 435.2 mm (147% dá MLFT). Bhí dearbhthriomach* ag 24 stáisiún idir Dé Luain an 15 Bealtaine agus Dé Domhnaigh an 11 Meitheamh a mhair idir 17 agus 26 lá, an tréimhse is faide sa Deisceart agus san Oirthear. Bhí seal tirim* i gCionn Mhálanna, Co. Dhún na nGall idir an 21 Bealtaine agus an 16 Meitheamh a mhair 27 lá. Bhí páirt-triomach* ag seacht stáisiún idir Déardaoin an 11 Bealtaine agus Dé hAoine an 16 Meitheamh a mhair idir 29 agus 36 lá, an tréimhse is faide sa Deisceart agus san Oirthear.

Titim báistí ghreillithe mhíosúil shealadach 2023 (%) d’Éirinn ar bhonn míosúil. Faoi láthair an t-ochtú samhradh is fliche ó 1941
Teocht: Os cionn an mheáin i ngach áit; ba é an tIarthuaisceart an ceantar ba theo
Bhí meánteocht an aeir ar fud na tíre os cionn a MLFT don séasúr. Bhí athruithe ó mheánteocht an aeir don séasúr idir 0.5 °C (meánteocht 15.5 °C) ag Inis Arcáin, Co. Chorcaí , agus 1.5 °C (meánteocht 15.8 °C) ag Béal an Mhuirthead, Co. Mhaigh Eo. Bhí meánteocht an tséasúir idir 14.6 °C (1.3 °C os cionn a MLFT) ag Aerfort Chnoc Mhuire, Co Mhaigh Eo (an samhradh is teo riamh, fad 26 bliain) agus 16.5 °C (0.9 °C os cionn a MLFT) ag Aerfort na Sionainne, Co. an Chláir. Tuairiscíodh teocht is airde na míosa ag Baile an Phaghanaigh, Co. Cheatharlach Dé Máirt an 13 Meitheamh agus bhí teocht 28.8 °C ann. Taifeadadh an íosteocht aeir agus féir is ísle i rith an tséasúir Dé Sathairn an 3 Meitheamh ag Cluain Creamha, Co. Ros Comáin. Bhí an íosteocht aeir ab ísle cothrom le 2.1 °C agus bhí an íosteocht féir ab ísle cothrom le -3.2 °C. Níor tuairiscíodh sioc aeir an séasúr seo. Thuairiscigh níos lú ná leath na stáisiún sioc talún. Bhí líon na laethanta le sioc talún idir náid lá ag formhór na stáisiún agus 6 lá ag Cluain Creamha, Co. Ros Comáin. Chomh maith le hAerfort Chnoc Mhuire, taifeadadh an samhradh is teo a taifeadadh riamh ag Cionn Mhálanna, Co. Dhún na nGall, le meánteocht ag 15.1 °C (1.3 °C os cionn a MLFT) (fad taifid 69 bliain). Bhí an samhradh is teo ó 1983 i mBaile Átha an Rí, Co. na Gaillimhe, le meánteocht 15.7 °C (0.8 °C os cionn a MLFT) agus bhí an samhradh is teo ó 1995 i Réadlann Dhairbhre, Co. Chiarraí, 15.9 °C (1.1 °C os cionn a MLFT) agus i gClár Chlainne Mhuiris, Co. Mhaigh Eo, 15.4 °C (1.2 °C os cionn a MLFT). Thaifead trí stáisiún an íosteocht is airde a taifeadadh riamh don samhradh agus bhí an íosteocht mheánach is airde a taifeadadh don samhradh ag 14 stáisiún.

Cionn Mhálanna, Co. Dhún na nGall Teocht: Athrú i meánteocht laethúil ón MLFT Samhradh 2023 bunaithe ar luachanna Uas/Íosteochta 09-09 uair. Ba é 2023 an samhradh is teo a taifeadadh i gCionn Mhálanna (fad taifid 69 bliain)

Teocht Aerfort na Sionainne, Co. an Chláir: Athrú i meánteocht laethúil ón MLFT Samhradh 2023 bunaithe ar luachanna Uas/Íosteochta 09-09 uair.
Taitneamh gréine: Os cionn an mheáin, an Tuaisceart an ceantar ba ghrianmhaire
Bh naí hiomláin taitnimh gréine ar fad a bhí ar fáil os cionn a MLFT don séasúr. Bhí céatadán na luachanna taitnimh gréine séasúracha idir 112% (taitneamh gréine séasúrach iomlán de 518.7 uair an chloig) ag Aeradróm Mhic Easmainn, Co. Bhaile Átha Cliath agus 113% (taitneamh gréine séasúrach iomlán de 495.2 uair an chloig) ag Aerfort na Sionainne, Co. an Chláir. Bhí iomláin mhíosúla an taitnimh gréine idir 410.5 uair an chloig (Níl comparáid MLFT ar fáil*) ag Réadlann Dhairbhre, Co. Chiarraí agus 527.8 uair an chloig (Níl comparáid MLFT ar fáil*) ag Cionn Mhálanna, Co. Dhún na nGall. Ba é an líon ab airde uaireanta gréine laethúla a taifeadadh an séasúr seo ná 16.0 uair an chloig ag Cionn Mhálanna, Co. Dhún na nGall Dé hAoine an 9 agus Déardaoin an 15 Meitheamh. Bhí líon na laethanta gruama* idir 4 lá ag Aeradróm Mhic Easmainn, Co. Bhaile Átha Cliath agus 18 lá ag Réadlann Dhairbhre, Co. Chiarraí.
Gaoth: Tuairiscíodh gálaí láidre i mí Lúnasa le linn stoirm Antoni agus gála le linn stoirm Betty
Bhí meánluas séasúrach na gaoithe idir 5.3 muirmhíle san uair (9.8 km/u) ag Béal Átha hÉis, Co. an Chabháin agus 13.7 muirmhíle san uair (25.4 km/u) ag Ceann Mhása, Co. na Gaillimhe. Tuairiscíodh gálaí Dé Sathairn an 8 Iúil. Tuairiscíodh gálaí Dé hAoine an 18 agus Dé Sathairn an 19 Iúil le linn stoirm Betty agus tuairiscíodh gaotha láidre Dé Sathairn an 5 Iúil le linn stoirm Antoni. Mhéadaigh líon na laethanta le gálaí ó lá ar bith ag formhór na stáisiún go 2 lá ag Cionn Mhálanna, Co Dhún na nGall. Bhí líon na laethanta ina raibh gálaí nach mó ná gálaí láidre iad idir lá ar bith ag formhór na stáisiún agus lá amháin ag Rinn an Róistigh, Co. Chorcaí. Tuairiscíodh an séideán agus an luas gaoithe 10 nóiméad is airde sa séasúr ag Rinn an Róistigh, Co. Chorcaí Dé Sathairn an 5 Lúnasa le linn stoirm Antoni. Ba é an séideán is airde ná 55 muirmhíle san uair (102 km/u) agus ba é an luas gaoithe meánach 10 nóiméad is airde ná 43 muirmhíle (80 km/u). Le linn Stoirm Betty, bhí an séideán is airde riamh i mí Lúnasa ag Dún Samhnaí, Co. na Mí, le 40 muirmhíle san uair (74 km/u) go déanach Dé hAoine an 18 Lúnasa (fad taifid 17 mbliana) agus bhí an séideán is airde i mí Lúnasa ó 1988 ag Aerfort Bhaile Átha Cliath, Co. Bhaile Átha Cliath, le 47 muirmhíle (87 km/u) go luath Dé Sathairn an 19 Lúnasa.
Tá an tuarascáil iomlán ar fáil anseo (roghnaigh an Samhradh ar an roghchlár anuas don mhí) nó tá PDF ar fáil anseo

Luachanna foircneacha shamhradh 2023 ag stáisiúin shionoptacha
Lúnasa 2023
Séimh agus athraitheach, dhá stoirm ainmnithe
Bhí córais lagbhrú an Atlantaigh i dtreis arís i mí Lúnasa 2023. Ba iad dhá stoirm ainmnithe na himeachtaí aimsire ba shuntasaí den mhí: Stoirm Antoni, a d’ainmnigh Oifig Meitéareolaíochta na Ríochta Aontaithe, agus Stoirm Betty, a d’ainmnigh Met Éireann. Le linn na chéad seachtaine, bhog dhá chóras lagbhrú ón iarthar go dtí an t-oirthear trasna dheisceart na tíre, agus thug siad báisteach nó ceathanna leo. Bhog an dara córas lagbhrú níos gníomhaí, ar a dtugtar stoirm Antoni, trasna na tíre ar an 4 agus an 5 Lúnasa. Thug sé seo seal báistí an-trom thar leath tuaiscirt na tíre, agus í ina cúis le roinnt maidhmeanna tuile in áiteanna, agus na gaotha ba láidre sa Deisceart den chuid is mó. Sa dara seachtain, thug córais lagbhrú in Iarthar agus Iarthuaisceart na hÉireann tuilleadh báistí agus ceathanna ar fud na tíre, agus tréimhsí tirime agus sealanna gréine ina n-orlaí tríothu. Thug tréimhse ghearr ardbhrú cúpla lá tirim den chuid is mó ag tús an tríú seachtain, sular fhorbair Stoirm Betty amach ó iardheisceart na hÉireann agus bhog sí go tapa i dtreo na tíre Dé hAoine an 18 Lúnasa. Thug sé seo báisteach fhorleathan throm agus gaotha láidre, le stoirmeacha toirní mar chuid de a bhí ina gcúis le roinnt maidhmeanna tuile in áiteanna. Bhog lár na stoirme trasna na tíre ón deisceart go dtí an tuaisceart go moch maidin Dé Sathairn an 19 Lúnasa, rud a d’fhág tuilte cósta agus a leag mórchuid crann, go háirithe sa Deisceart agus san Oirthear. Le linn an chuid eile den mhí, bhí lagbhrú amach ó thuaisceart na hÉireann, rud a thug tuilleadh báistí nó ceathanna, le toirneach ag amanna, le tréimhsí tirime agus sealanna gréine ina n-orlaí tríothu.
Báisteach: Os cionn an mheáin i bhformhór na n-áiteanna, an aimsir is fliche san Oirthuaisceart agus Iardheisceart
Bhí an chuid is mó de na hiomláin mhíosúla báistí os cionn a Mheánleibhéil Fhadtéarmaigh (MLFT) 1981-2010. Bhí an céatadán de luachanna titime báistí míosúla idir 78% (titim báistí mhíosúil iomlán de 92.2mm) ag Ceann Mhása, Co. na Gaillimhe agus 163% (titim báistí mhíosúil iomlán de 119.4mm) ag Aerfort Bhaile Átha Cliath, Co. Bhaile Átha Cliath. Bhí iomláin shéasúracha na titime báistí idir 62.9 mm (87% dá MLFT) ag Baile an Phaghanaigh, Co. Cheatharlach agus 177.2 mm (154% dá MLFT) ag Réadlann Dhairbhre, Co. Chiarraí. Ba é an lá ba fhliche den mhí ná Dé hAoine an 18 Lúnasa le linn stoirm Betty. Taifeadadh an bháisteach laethúil ab airde ag Réadlann Dhairbhre, Co. Chiarraí, le 74.0 mm (a titim is airde i mí Lúnasa ó 1986). Chomh maith leis sin, Dé hAoine an 18 Lúnasa, taifeadadh an bháisteach laethúil is airde riamh i mí Lúnasa ag Rinn an Róistigh, Co. Chorcaí, le 59.6 mm (fad taifid 19 mbliana), agus bhí an titim laethúil is airde riamh i mí Lúnasa ag Aerfort Chorcaí, Co. Chorcaí ó 1998, le 63.0 mm. Ba é líon na laethanta báistí idir 15 lá ag Aeradróm Mhic Easmainn, Co. Bhaile Átha Cliath go 29 lá ag Baile Uí Fhiacháin, Co. Mhaigh Eo. Bhí líon na laethanta fliucha* idir 12 lá ag Páirc an Fhionnuisce, Co. Bhaile Átha Cliath agus 22 lá ag cúpla stáisiún eile. Bhí líon na laethanta iontach fliuch* idir 1 lá ag cúpla stáisiún agus 6 lá ag Aerfort Chnoc Mhuire, Co. Mhaigh Eo.

% de Bhaisteach idir 1981 – 2021 Meán Míosúil le haghaidh mhí Lúnasa 2023 (Sealadach)

Báisteach Mhíosúil Iomlán (mm) le haghaidh mhí Lúnasa 2023 (Sealadach)
Teocht: Os cionn an mheáin beagnach i ngach áit
Bhí beagnach gach meánteocht aeir os cionn an MLFT don mhí. Bhí athruithe ó mheánteocht an aeir idir -0.1 °C (meánteocht de 15.6 °C) ag Inis Arcáin, Co. Chorcaí agus 0.9 °C (meánteocht 15.6 °C 15.7 °C, 16.1 °C) ag Goirtín, Co. Thiobraid Árann, Béal an Mhuirthead, Co. Mhaigh Eo agus Páirc an Fhionnuisce, Co. Bhaile Átha Cliath faoi seach. Bhí meánteochtaí na míosa idir 14.2 °C (0.5 °C os cionn a MLFT) ag Aerfort Chnoc Mhuire, Co. Mhaigh Eo agus 16.3 °C (0.3 °C os cionn a MLFT) ag Aerfort na Sionainne, Co. an Chláir. Taifeadadh na teochtaí ab ísle sa mhí ar an Déardaoin an 24 Lúnasa agus tuairiscíodh an íosteocht aeir ab ísle i Marcréidh, Co. Shligigh le teocht 5.0°C (5.7 faoi bhun a MLFT) agus an íosteocht féir ab ísle a tuairiscíodh ag Clár Chlainne Mhuiris, Co. Mhaigh Eo le 2.8 °C. Tuairiscíodh an teocht is airde don mhí ag Aerfort na Sionainne, Co. an Chláir, Dé Céadaoin an 9 Lúnasa le teocht de 26.6 (7.0°C os cionn a MLFT). Níor tuairiscíodh sioc aeir ná talún an mhí seo.

Difríocht teochta Lúnasa 2023 ón MLFT 1981-2010 ag stáisiúin shionoptacha
Taitneamh gréine: Faoi bhun an mheáin i bhformhór na n-áiteanna
Bhí beagnach gach iomlán taitnimh gréine a bhí ar fáil faoin MLFT. Bhí an céatadán de na luachanna taitnimh gréine míosúla idir 98% (b’ionann an t-iomlán míosúil taitnimh gréine is airde agus 148.4 uair an chloig) ag Aeradróm Mhic Easmainn, Co. Bhaile Átha Cliath agus 101% (b’ionann an t-iomlán míosúil taitnimh gréine agus 142.5 uair an chloig) ag Aerfort na Sionainne, Co. an Chláir. Bhí na hiomláin mhíosúla taitnimh gréine is ísle ag Béal an Mhuirthead, Co. Mhaigh Eo ag 99.5 uair an chloig (níl comparáid MLFT ar fáil*). Ba é an líon is airde uaireanta gréine laethúla a taifeadadh an mhí seo ná 13.2 uair i gCionn Mhálanna, Co Dhún na nGall Déardaoin an 17 Lúnasa. Bhí líon na laethanta gruama* idir 2 lá ag cúpla stáisiún agus 5 lá ag Aerfort na Sionainne, Co. an Chláir agus Réadlann Dhairbhre, Co. Chiarraí .
Gaoth: Tuairiscíodh gálaí láidre agus dhá stoirm ainmnithe
Bhí meánluas míosúil na gaoithe idir 5.6 muirmhíle san uair (10.4 km/u) ag Béal Átha hÉis, Co. an Chabháin agus 14.4 muirmhíle san uair (26.7 km/u) ag Cionn Mhálanna, Co. Dhún na nGall. Tuairiscíodh gálaí Dé hAoine an 18 agus Dé Sathairn an 19 Iúil le linn stoirm Betty agus tuairiscíodh gaotha láidre Dé Sathairn an 5 Iúil le linn stoirm Antoni. Mhéadaigh líon na laethanta le gálaí ó lá ar bith ag formhór na stáisiún go 2 lá ag Cionn Mhálanna, Co Dhún na nGall. Bhí líon na laethanta ina raibh gálaí nach mó ná láidre iad idir lá ar bith ag formhór na stáisiún agus lá amháin ag Rinn an Róistigh, Co. Chorcaí. Tuairiscíodh an séideán agus an luas gaoithe 10 nóiméad is airde sa mhí ag Rinn an Róistigh, Co. Chorcaí Dé Sathairn an 5 Lúnasa le linn stoirm Antoni. Ba é an séideán is airde ná 55 muirmhíle san uair (102 km/u) agus ba é an luas gaoithe meánach 10 nóiméad is airde ná 43 muirmhíle (80 km/u). Le linn Stoirm Betty, bhí an séideán is airde riamh i mí Lúnasa ag Dún Samhnaí, Co. na Mí, le 40 muirmhíle san uair (74 km/u) go déanach Dé hAoine an 18 Lúnasa (fad taifid 17 mbliana) agus bhí an séideán is airde i mí Lúnasa ó 1988 ag Aerfort Bhaile Átha Cliath, Co. Bhaile Átha Cliath, le 47 muirmhíle (87 km/u) go luath Dé Sathairn an 19 Lúnasa.

D’ardaigh an tUasmhéid Gaoithe Marthanaí d’Éirinn (meán 10-nóiméad) le linn Lúnasa 2023 (sealadach)
Tá an tuairisc iomlán ar fáil anseo

Luachanna foircneacha mhí Lúnasa 2023 ag stáisiúin shionoptacha
Mí Lúnasa le Cúpla Bliain Anuas in Éirinn:
- 2016: Thuairiscigh dhá thrian de stáisiúin titim báistí faoin Meánleibhéal Fadtéarmach (MLFT) do mhí Lúnasa. Thuairiscigh beagnach gach stáisiún go raibh meánteocht an aeir os cionn an MLFT. Bhí luachanna taitnimh gréine faoin meán den chuid is mó agus tuairiscíodh gálaí.
- 2017: Bhí céatadán na luachanna titime báistí MLFT athraitheach. Thuairiscigh gach stáisiún meánteocht an aeir faoi bhun a MLFT. Bhí beagnach gach iomlán taitnimh gréine a bhí ar fáil faoin meán den chuid is mó agus tuairiscíodh gálaí.
- 2018: Bhí formhór na n-iomlán titime báistí míosúil ar fud na tíre faoi bhun a MLFT. Bhí na meánteochtaí athraitheach. Bhí na hiomláin taitnimh gréine faoin meán i ngach áit.
- 2019: Bhí formhór na n-iomlán titime báistí míosúil os cionn a MLFT. Bhí beagnach gach meánteocht aeir agus iomlán taitnimh gréine ar fud na tíre os cionn an mheáin. Tuairiscíodh stoirmeacha toirní agus gálaí láidre i rith na míosa.
- 2020: Bhí formhór na n-iomlán titime báistí míosúil agus meánteochtaí aeir os cionn a MLFT. Bhí iomláin taitnimh gréine faoin meán i ngach áit. Bhí dhá stoirm ainmnithe le linn na tréimhse seo, Ellen agus Francis. Taifeadadh gaotha fíochmhara fórsa 11 a sháraigh na taifid agus brú meánleibhéil na mara is ísle do mhí Lúnasa ag 966.4 hPa le linn Stoirm Ellen.
- 2021: Bhí formhór na n-iomlán titime báistí míosúil faoi bhun a MLFT. Bhí beagnach gach meánteocht aeir os cionn an mheáin agus bhí iomláin an taitnimh gréine athraitheach. Tuairiscíodh gálaí.
- 2022: Bhí na hiomláin titime báistí mhíosúla faoin MLFT. Bhí na meánteochtaí aeir agus na hiomláin taitnimh gréine ar fad os cionn an mheáin agus thuairiscigh aon stáisiún déag na huasteochtaí laethúla is airde riamh.
*Eisithe ag Met Éireann Dé Luain an 4 Meán Fómhair 2023. Tá an tuarascáil seo bunaithe ar réamhshonraí atá ar fáil ó 25 príomhstáisiún aimsire arna n-oibriú ag Met Éireann. Is í meán oíche go meán oíche AUL an tréimhse a chlúdaíonn sonraí stáisiúin shionoptacha. Tagraíonn Meánleibhéil Fhadtéarmacha (MLFTanna) agus “meán” don tréimhse 1981-2010. Is lá fliuch é lá le 1.0 mm nó níos mó de thitim bháistí. Is lá gruama é lá le níos lú ná 0.5 uair an chloig de thaitneamh gréine. Is lá an-fhliuch é lá le 10.0 mm nó níos mó de thitim bháistí. Tréimhsí tirime aeráideolaíochta – Sainmhínítear dearbhthriomach mar shraith 15 lá as a chéile nó níos mó nach dtaifeadann aon lá aonair 0.2 mm nó níos mó de fhrasaíocht. Is é páirt-triomach tréimhse 29 lá nuair nach mó an mheántitim báistí laethúil agus ná 0.2 mm. Sainmhínítear tréimhse thirim mar thréimhse 15 lá as a chéile nó níos mó, nach bhfaigheann aon cheann acu 1.0 mm nó níos mó de fhrasaíocht (i.e., an t-iomlán laethúil níos lú ná 1.0 mm). Tarlaíonn tonn teasa nuair a bhíonn 5 lá as a chéile nó níos mó ann a bhfuil an uasteocht os cionn 25°C (is é sin, uasteocht laethúil an aeir scáthláin > 25° C). *Tagann sonraí gréine ón Líonra Autosol. Ní úsáidtear MLFTanna do na suímh seo faoi láthair chun críocha comparáide. Le haghaidh tuilleadh eolais, téigh i dteagmháil le Met Éireann ag 01-8064200 nó seol r-phost chuig: enq@met.ie