Ráiteas Aeráide do Mhí Aibreáin 2026

Séimh agus grianmhar go leor ar an iomlán. Fliuch san Iarthar, tirim san Oirthear

Bhí Aibreán 2026 séimh agus grianmhar go leor ar an iomlán, fliuch san Iarthar agus tirim san Oirthear. Bhí lagbhrú ón Atlantach i réim don chuid ba mhó den mhí, agus gaoth agus báisteach a bhuíochas de chórais dhomhain lagbhrú, lena n-áirítear Stoirm Dave ar an 4 Aibreán. Thit tuilleadh báistí ina dhiaidh sin, go príomha chuig iarthar na tíre mar gheall ar chórais lagbhrú eile. Ina dhiaidh sin, bhog córas ardbhrú isteach ar fud na tíre, agus bhí coinníollacha níos tirime agus níos gréine ón 18 Aibreán ar aghaidh. I mí Aibreáin 2026, thaifead gach stáisiún teochtaí os cionn a Meáin Fhadtréimhsigh (MFT) 1991-2020, agus ba é 9.69 °C meánteocht náisiúnta na míosa. Bhí aimsir athraitheach agus ráigeanna báistí ag gluaiseacht aníos ón deisceart ag teacht le deireadh na míosa.

Príomhfhigiúirí:

  • B’ionann an mheánteocht náisiúnta i mí Aibreáin agus 9.69 °C, rud a fhágann gurbh í an 12ú mí Aibreáin ba theo ó 1900 í.
  • 9.69 °C 1.59 °C os cionn MFT 1961-1990 agus 0.81 °C os cionn MFT 1991-2020.
  • Tuairiscíodh an teocht is airde sa mhí i gClár Chlainne Mhuiris, Co. Mhaigh Eo Dé hAoine an 24 Aibreán agus teocht 21.3 °C ansin.
  • I mí Aibreáin 2026 bhí an aimsir ní ba fliche ná mar a bhíonn de ghnáth, agus 113% de MFT 1991-2020 (92.7mm) ann, agus í ar an 21ú mí Aibreáin ba fliche ó bhí 1941 ann.
  • Ba i mBéal an Mhuirthead, Co. Mhaigh Eo Dé Sathairn, an 4 Aibreán a thit an méid is mó báistí in aghaidh an lae, agus 38.6 mm ag titim ar an lá sin.

 

April Climate Statement highlights.

Buaicphointí Ráitis Aeráide le haghaidh mhí Aibreáin.

Bhí lagbhrú Atlantaigh ann den chuid ba mhó le linn an chéad dá thrian de mhí Aibreáin 2026, sula raibh ardbhrú sa tuaisceart i réim sa trian deireanach. Le linn an chéad dá thrian den mhí, bhog sraith córas lagbhrú domhain, nach gnách leis tarlú faoin tráth seo bliana, trasna an Atlantaigh Thuaidh, ón iardheisceart go dtí an oirthuaisceart, ag dul gar d’iarthuaisceart na hÉireann. Bhí Stoirm Dave, a d’ainmnigh Oifig Meitéareolaíochta na Ríochta Aontaithe, ar cheann de na córais sin. Chuaigh sí in olcas go tapa agus a lár ag dul thar iarthuaisceart na hÉireann go déanach Dé Sathairn, an 4 Aibreán, agus bhí tréimhse aimsire a bhí fliuch agus gaofar againn dá barr. Ghluais roinnt córas ísealbhrú eile gar d’iarthuaisceart na hÉireann suas go dtí Dé hAoine, an 17 Aibreán, agus tréimhsí eile aimsire a bhí fliuch agus gaofar leo, agus ceathanna eatarthu. Thit formhór na báistí ar leath thiar na tíre, an chuid ba ghaire do na córais lagbhrú. Cé go raibh gaotha láidre san oirthear uaireanta, bhí i bhfad níos lú báistí ann le linn na tréimhse sin mar gheall ar thionchar an ardbhrú a bhí suite soir thar mhór-roinn na hEorpa.
Tháinig ardbhrú chun cinn ar fud na tíre Dé Sathairn, an 18 Aibreán, agus bhog sé ó thuaidh d’Éirinn sna laethanta ina dhiaidh sin, áit ar fhan sé ina stad don chuid eile den mhí. Bhí coinníollacha i bhfad níos tirime agus níos grianmhaire ann, le sreabhadh aeir ón oirthear den chuid is mó, agus tháinig ardú de réir a chéile ar an teocht, go háirithe in iarthar na tíre. Bhog ráigeanna báistí troma aníos ón deisceart ag teannadh le deireadh na míosa, iad ag dul i bhfeidhm ar Lár na Tíre, ar an Deisceart agus ar an Iarthar, rud a chuir deireadh leis an tréimhse sheasmhach aimsire.

Báisteach: Fliuch san Iarthar, tirim san Oirthear

Bhí an chuid is mó de na hiomláin mhíosúla bháistí os cionn a Meáin Fhadtéarmaigh (MFT) 1991-2020. Maidir leis na céatadáin de na luachanna báistí míosúla, bhí idir 37% (20.2mm) ag Aeradróm Mhic Easmainn, Co. Bhaile Átha Cliath (an tAibreán ba thirime ansin ó 2021) go 166 % (123.1 mm) ag Béal an Mhuirthead, Co. Mhaigh Eo (an tAibreán ba fliche ansin ó 1991). Bhí iomláin bháistí míosúla idir 20.2 mm (37% dá MFT) ag Aeradróm Mhic Easmainn, Co. Bhaile Átha Cliath go 151.1 mm (139% dá MFT) ag Réadlann Dhairbhre, Co. Chiarraí (an tAibreán is fliche ó 2018). Ba i mBéal an Mhuirthead, Co. Mhaigh Eo Dé Sathairn, an 4ú, a thit an méid is mó báistí in aghaidh an lae, agus 38.6 mm ag titim ar an lá sin (an titim laethúil ab airde le haghaidh mhí Aibreáin ar taifead (tréimhse 69 bliain)).
Bhí líon na laethanta báistí* idir 13 lá ag cúpla stáisiún agus 21 lá ag Béal an Mhuirthead, Co. Mhaigh Eo. Bhí líon na laethanta fliche idir 8 lá ag cúpla stáisiún agus 19 lá ag Béal an Mhuirthead, Co. Mhaigh Eo. Bhí líon na laethanta a bhí an-fhliuch* idir náid (gan aon lá) ag cúpla stáisiún agus 6 lá ag Réadlann Dhairbhre, Co. Chiarraí. Bhí an tAibreán ba fliche a taifeadadh riamh ag Ceann Mhása, Co. na Gaillimhe le 109.8 mm (165% dá MFT) (tréimhse 20 bliain). Bhí tréimhsí tirime* a mhair 15 lá (go leanúnach) ag dhá stáisiún san Oirthear, Páirc an Fhionnuisce agus Aeradróm Mhic Easmainn, Co. Bhaile Átha Cliath, idir Déardaoin an 16ú agus Déardaoin an 30ú.

Rainfall % of 1991 – 2020 Monthly Average for April 2026 (Provisional). Total Monthly Rainfall (mm) for April 2026 (Provisional).

% Báistí 1991 – 2020 Meán Míosúil do mhí Aibreáin 2026 (Sealadach). Báisteach Iomlán Mhíosúil (mm) do mhí Aibreáin 2026 (Sealadach).

Teocht: Os cionn an mheáin i ngach áit; bhí sé níos teo san Iarthar

Bhí an mheánteocht aeir ar fud na tíre os cionn an MFT don mhí. Bhí athruithe ó mheánteocht an aeir idir +0.2 °C (meánteocht 8.5 °C ) ag Béal Átha hÉis, Co. an Chabháin go 1.1 °C (meánteocht 9.7 °C, 9.8 °C faoi seach) sa Chloch Liath, Co. Chorcaí agus Caisleán Bhaile Sheáin, Co. Loch Garman. Bhí meánteochtaí na míosa idir 8.5 °C (0.8 °C os cionn a MFT) ag Béal Átha hÉis, Co. an Chabháin agus Aerfort Chnoc Mhuire, Co. Mhaigh Eo agus 10.4 °C (0.9 °C os cionn a MFT) ag Réadlann Dhairbhre, Co. Chiarraí. Tuairiscíodh an teocht is airde sa mhí i gClár Chlainne Mhuiris, Co. Mhaigh Eo Dé hAoine an 24 Aibreán le teocht 21.3 °C. Taifeadadh íosteocht aeir ab ísle na míosa Dé Luain an 13 ag Cluain Creamha, Co. Ros Comáin arbh ionann í agus-1.8 °C, agus bhí an íosteocht féir ab ísle cothrom le -6.0 °C ag Aeradróm Mhic Easmainn, Co. Bhaile Átha Cliath Dé Luain an 20ú. Thuairiscigh níos mó ná leath na stáisiún sioc talún. Bhí líon na laethanta ar raibh sioc talún ann, idir gan lá ar bith ag Ceann Mhása, Co. na Gaillimhe agus Aerfort Chorcaí, agus 19 lá ag Páirc an Fhionnuisce, Co. Bhaile Átha Cliath. Thuairiscigh níos lú ná leath de na stáisiúin sioc aeir. Bhí líon na laethanta ar raibh sioc aeir ann, idir gan lá ar bith ag trí stáisiún déag ach bhí 4 lá ag Marcréidh, Co. Shligigh agus ag Cluain Creamha, Co. Ros Comáin araon.

Valentia Observatory, Co Kerry. Temperature: Daily mean departure from LTA for April 2026 based on 09-09hr Max/Min values.

Réadlann Dhairbhre, Co. Chiarraí. Teocht: Athrú ar mheánteocht laethúil ó MFT i mí Aibreáin 2026 bunaithe ar luachanna Uasta/Íosta 09-09 uair.

Ballyhaise, Co Cavan. Temperature: Daily mean departure from LTA for April 2026 based on 09-09hr Max/Min values.

Béal Átha hÉis, Co. an Chabháin. Teocht: Athrú ar mheánteocht laethúil ó MFT i mí Aibreáin 2026 bunaithe ar luachanna Uasta/Íosta 09-09 uair.

Taitneamh na Gréine: Os cionn an mheáin go ginearálta, níos grianmhaire san Oirdheisceart

Bhí na hiomláin uile taitnimh gréine a bhí ar fáil os cionn a MFT. Maidir leis na céatadáin de na luachanna taitnimh gréine míosúla, bhí siad idir 114% (186.5 uair an chloig) ag Aerfort na Sionainne, Co. an Chláir agus 128% (201.5 uair an chloig) ag Aeradróm Mhic Easmainn, Co. Bhaile Átha Cliath. Bhí na hiomláin taitnimh gréine mhíosúla idir 138.6 uair an chloig (Níl comparáid MFT ar fáil*) ag Réadlann Dhairbhre, Co. Chiarraí agus 209.1 uair an chloig (Níl comparáid MFT ar fáil*) ag Caisleán Bhaile Sheáin, Co. Loch Garman. Ba é 14.2 uair an chloig ag Cionn Mhálanna, Co. Dhún na nGall ar an gCéadaoin an 29 Aibreán, an líon ba airde uaireanta an chloig gréine laethúla. Bhí líon na laethanta gruama* idir 2 lá ag Aerfort Bhaile Átha Cliath agus ag Aeradróm Mhic Easmainn, Co. Bhaile Átha Cliath araon, agus 7 lá ag Aerfort Chorcaí, Co. Chorcaí.

Hours of Bright Sunshine observed at nine stations for each day of the month of April 2026, grouped by province relative to the highest number of hours possible by end of month (shaded box).

Uaireanta Faoi Iomlán Gréine a breathnaíodh ag naoi stáisiún gach lá de mhí Aibreáin 2026, curtha le chéile de réir cúige i gcoibhneas leis an líon is airde uaireanta is féidir faoi dheireadh na míosa (bosca scáthlínithe).

Gaoth: Tuairiscíodh Fórsa Stoirme láidre ag stáisiún amháin le linn stoirme Dave

Bhí meánluasanna míosúla na gaoithe idir 6.8 muirmhíle san uair (12.6 km/u) ag Cluain Creamha, Co. Ros Comáin agus 15.4 muirmhíle san uair (28.5 km/u) ag Ceann Mhása, Co. na Gaillimhe. Tuairiscíodh gálaí ar an 4ú, 5ú, 9ú, 10ú, 11ú, 12ú agus 15ú lá den mhí, agus tuairiscíodh gálaí láidre ag trí stáisiún Dé Sathairn an 4ú agus Stoirm Dave ar siúl, agus ag dhá stáisiún Dé Sathairn an 11ú. Shroich meánluasanna gaoithe neart stoirme ag stáisiún amháin, Rinn an Róistigh, Co. Chorcaí, Dé Sathairn an 4ú agus Stoirm Dave ar siúl. Mhéadaigh líon na laethanta le gálaí ó náid lá ag cúpla stáisiún go 6 lá i gCeann Mhása, Co na Gaillimhe. Bhí líon na laethanta nuair a bhí gaoth suas le gálaí láidre ann náid lá ag formhór na stáisiún agus 2 lá ag Rinn an Róistigh, Co. Chorcaí. Ba é líon na laethanta le gaoithe fórsa stoirme ná 1 lá ag Rinn an Róistigh, Co. Chorcaí. Tuairiscíodh go raibh séideán is airde na míosa ag Rinn an Róistigh, Co. Chorcaí agus Réadlann Dhairbhre, Co. Chiarraí ar an Satharn 4ú le linn stoirm Dave le 60 muirmhíle (111 km/u). Ba é an luas gaoithe 10 nóiméad ba airde ná 48 muirmhíle san uair (89 km/u) a tuairiscíodh ag Rinn an Róistigh, Co. Chorcaí, ar Dé Sathairn an 4 Aibreán. Thaifead Inis Arcáin, Co. Chorcaí, an mheánluas gaoithe míosúil ba airde riamh d’Aibreán, 15.5 muirmhíle san uair (28 km/u), fad 20 bliain. Thaifead ocht stáisiún an mheánluas gaoithe míosúil ba airde d’Aibreán ó 2013 i leith, agus thaifead stáisiún amháin an ceann ba airde ó 2012 i leith. Thaifead trí stáisiún, Béal Átha hÉis, Co. an Chabháin, Goirtín, Co. Thiobraid Árann, agus Baile Átha an Rí, Co. na Gaillimhe, an séideán ba láidre riamh d’Aibreán Dé Sathairn an 4ú le linn Stoirm Dave (fad na dtaifead idir 16 agus 20 bliain).

Airmass Analysis chart 18 UTC 04 April 2026: Storm Dave moved northwest over the north of Ireland towards Scotland.

Cairt Anailíse Aermhaise 18 AUL 04 Aibreán 2026: Bhog Stoirm Dave siar ó thuaidh trasna thuaisceart na hÉireann i dtreo na hAlban.

Tá tuarascáil iomlán PDF agus cairteacha ar fáil anseo

Extreme values for April 2026 at synoptic stations.

Luachanna foircneacha ag stáisiúin shionoptacha do Aibreán 2026.

Nótaí don Eagarthóir:

 

  • *Eisithe ag Met Éireann Dé Máirt an 5 Bealtaine 2026. Tá an tuarascáil seo bunaithe ar réamhshonraí atá ar fáil ó 25 príomhstáisiún aimsire arna n-oibriú ag Met Éireann. Is í meán oíche go meán oíche AUL an tréimhse a chlúdaíonn sonraí stáisiúin shionoptacha. Tagraíonn Meánleibhéil Fhadtéarmacha (MLFTanna) agus “meán” don tréimhse 1991-2020, mura luaitear a mhalairt.
  • Is lá báistí é lá le 0.2 mm nó níos mó de thitim báistí. Is lá fliuch é lá le 1.0 mm nó níos mó de thitim báistí. Is lá gruama é lá le níos lú ná 0.5 uair an chloig de thaitneamh gréine. Is lá an-fhliuch é lá le 10.0 mm nó níos mó de thitim báistí.
  • Tréimhsí tirime aeráideolaíochta – Sainmhínítear dearbhthriomach mar thréimhse 15 lá as a chéile nó níos mó nach mbíonn aon lá aonair a bhfuil 0.2 mm nó níos mó de fhrasaíocht ann. Is é páirt-triomach tréimhse 29 lá as a chéile nuair nach bhfuil an meántitim báistí laethúil níos mó ná 0.2 mm. Sainmhínítear tréimhse thirim mar thréimhse 15 lá as a chéile nó níos mó, nach bhfaigheann aon cheann acu 1.0 mm nó níos mó de fhrasaíocht (i.e., an t-iomlán laethúil níos lú ná 1.0 mm).
  • Tarlaíonn tonn teasa nuair a bhíonn 5 lá as a chéile nó níos mó ann a bhfuil an uasteocht os cionn 25°C (is é sin, uasteocht laethúil an aeir scáthláin > 25° C).
  • Tá an tacar sonraí ‘Oileán na hÉireann’ 125 bliain ar fad agus clúdaíonn sé an tréimhse ó 1900 go 2023. Úsáidtear meáin fhadtéarmacha na tréimhse tagartha 1961-1990 mar bhonn comparáide don tacar sonraí seo, mar is gnách i measúnuithe fadtéarmacha ar an athrú aeráide.
  • Tagann sonraí gréine ón Líonra Autosol. Ní úsáidtear MLFTanna do na suímh seo faoi láthair chun críocha comparáide.
  • Le haghaidh tuilleadh eolais nó chun agallamh a eagrú le hurlabhraithe Met Éireann, déan teagmháil le enq@met.ie.