Alternative low-bandwidth version Skip to main content

Aeráid na hÉireann

Is ag an Aigéan Atlantach atá an príomhthionchar ar aeráid na hÉireann. Dá bharr sin, ní bhíonn na foircinn chéanna teochta ag Éirinn is a bhíonn ag tíortha eile ag domhanleithead cosúil. Tá tionchar suntasach ag Síobadh Mór an Atlantaigh Thuaidh ar theochtaí farraige. Is cóngarach do na cóstaí Atlantacha is mó atá an tionchar muirí seo le sonrú agus laghdaíonn de réir mar a théitear intíre. Cuireann na cnoic agus na sléibhte, a bhformhór atá cóngarach do na cóstaí, fothain ar fáil ó ghaotha láidre agus ó thionchar díreach an aigéin. De ghnáth bíonn geimhrí fionnuar agus gaofar, agus bíonn samhraí séimh le níos lú gaoithe, nuair a bhíonn an rian lagraigh níos faide ó thuaidh agus na lagraigh níos éadoimhne.

Fronta Polach

Tá an fronta polach ina ghné den chúrsaíocht atmaisféarach a bhfuil páirt thábhachtach aige i gcinneadh aimsir na hÉireann. Is éard atá ann ná idirchrios idir aer te tais (uaireanta trópaiceach) ag gluaiseacht ó thuaidh agus aer níos fuaire, níos dlúithe (de ghnáth polach) ag gluaiseacht ó dheas. Tá an sreabhadh aeir idir an meánchiorcal agus an pol casta agus indíreach. Uaireanta déantar na haermhaiseanna arna scaradh ag an bhfronta polach a bhunathrú go suntasach ar a gconairí ó na réigiúin as a dtáinig siad faoi seach. San Atlantach Thuaidh go minic is féidir an fronta polach a rianú ar léarscáileanna aimsire mar líne leanúnach thar na mílte ciliméadar. Sa gheimhreadh, de ghnáth síneann sé ó soir ó thuaidh ó chósta thoir na Stát Aontaithe, sa samhradh níl sé chomh sainithe agus amanna bíonn sé deacair a aimsiú. Uaireanta déanann suaitheadh ar an bhfronta (tonnta) aimpliú agus doimhniú chun lagraigh mhórscála a dhéanamh de na meán-domhanleithid. Is minic a ghluaiseann na lagraigh seo soir ó thuaidh trasna an Atlantaigh Thuaidh agus gluaiseann chuig iarthuaisceart na hÉireann. Amach os comhair láir na lagrach, déantar aer te tais a scuabadh ó thuaidh agus taobh thiar de seo bíonn aer níos fuaire, níos tirime á scuabadh ó dheas. Beireann seo leis seicheamh d’aimsir scamallach bhogthais le báisteach, agus ina dhiaidh sin aimsir níos gile, níos fuaire le ceathanna báistí a shamhlaítear go dlúth le haeráid na hÉireann.

Aermhaiseanna

Tarlaíonn réimse éagsúil d’aermhaiseana in Éirinn a thagann ó fhoinsí agus ar chonairí éagsúla, rud a bheireann leis an aimsir athraitheach. Na haermhaiseanna is coitianta ná cinn pholacha ach de ghnáth bíonn conair fhada acu le taisteal thar an Atlantach sula sroicheann siad Éire. Fiú le gaotha aneas nó aniar aneas féadfaidh siad aer polach a bhreith leo atá ag filleadh, cé go bhfuil siad an-athraithe óna dturas in uiscí teo an Atlantaigh láir. Ní tharlaíonn aermhaiseanna ar ó bhunús trópaiceach nó polacach go díreach iad go rómhinic. Ar scrúdú a dhéanamh ar chairteacha sionoptacha do thréimhse deich mbliana léirigh siad go ndearna 170 fronta, ar an meán, a bhí mar chuid den suíomh ginearálta sionoptach, iardheisceart na hÉireann a shroicheadh (Rohan).

 

 

Gnéithe Athfhillteacha d’Aeráid na hÉireann

I gcoitinne bíonn córas lagbhrú an Atlantaigh bunaithe go maith faoi mhí na Nollag, agus gluaiseann lagraigh go gasta soir i mí na Nollag agus mí Eanáir, ag breith leo gaotha láidre agus báisteach inmheasta frontach go hÉirinn. Ó am go chéile síneann an frithchioclón fuar trasna na hEorpa siar go hÉirinn, ag tabhairt leis tréimhsí tirime, ach fuara, a mhaireann cúpla lá.

 

 

 

 

 

 

 

Idir Feabhra agus Meitheamh, faoi thionchar na bhfrithchioclón ilchríochach agus ón nGraonlainn is iad seo na míonna is lú báisteach. An tréimhse is fuaire don fharraige cóngarach d’Éirinn ná Feabhra agus Márta agus mar thoradh air sin bíonn an t-ardú i méanteocht an aeir mall san earrach. Cibé scéal é, ar laethanta glana le gaotha éadroma, féadfaidh teochtaí sa tráthnóna éirí chuig luachanna an tsamhraidh fiú i mí Márta. Sna cásanna sin bíonn na hoícheanta fuar. Is minic a bhíonn sioc aeir ann in áiteanna intíre, fiú i mí Bealtaine. De ghnáth is iad na frithchioclóin ilchríochacha ag blocáil lagraigh Atlantacha is cúis le tréimhsí tirime go déanach san earrach.

Go déanach i mí an Mheithimh nó go luath i mí Iúil, mar thoradh ar ardú sa bhrú os cionn na farraige agus an titim chomhfhreagrach brú thar an Eoraip is gaoth aniar a bhíonn ann ag an dromchla, a bheireann leis aer le conair fhada mara os cionn na hÉireann, ionas go méadaíonn clúdach scamaill, bogthaise agus báisteach. Ó lár mhí Iúil, de ghnáth bíonn oícheanta glan agus ag gabháil leo bíonn drúcht trom. Ar na sainghnéithe den aimsir i lár an tsamhaidh go deireadh an tsamhraidh tá maiseanna aeir teo le bogthaise ard agus teocht i rith an lae ar leor é chun stoirmeacha toirní a chruthú.

De réir mar a théann mí Lúnasa ar aghaidh bíonn ruathair ann ó am go chéile isteach san Atlantach d’aermhaiseanna fuara aduaidh agus cruthaíonn siad seo lagraigh ghníomhacha go déanach i mí Lúnasa agus Mheán Fómhair. I mí Mheán Fómhair bíonn an t-aer tais nochta níos mó do thréimhsí d’fhuarú istoíche agus tarlaíonn ceo go minic ag breacadh an lae i gceantair ísle.

I mí Dheireadh Fómhair agus mí na Samhna gluaiseann gaotha aniar ón Atlantach thar fharraigí atá cuíosach te, de ghnáth bíonn báisteach fhrontach agus ceathanna le frontaí fuara ina mbáisteach agus ceathanna idir measartha agus trom. Mar thoradh ar fhorbairt na bhfrithchioclón ag síneadh thar Éirinn le linn na míonna seo is féidir leis an aimsir a bheith an-deas i rith an lae. Ach sna cásanna seo bíonn an ceo mall ag glanadh ar maidin, go háirithe i mí na Samhna tráth a bhfuil an radaíocht gréine íseal.

Sean Tomkins “Early Morning”

 

 

 

 

 

 

 

Ó dheireadh an tsamhraidh go dtí an Fómhar bíonn baol ann go dtarlódh iar-lagraigh thrópaiceacha ag meascadh le lagraigh phátrún aimsire an Atlantaigh Thuaidh chun droch-stoirmeacha a thabhairt leo. Ní tharlaíonn siad seo go minic ach is imeachtaí suntasacha aimsire iad.

Ní atarlaíonn an seicheamh coiteann a bhfuil cur síos air thuas go rialta gach bliain. In aeráid aigéanach ag domhanleithead na hÉireann, uaireanta bíonn inathraitheacht na haimsire i roinnt de na gnéithe a bhfuil cur síos orthu thuas in easnamh ar fad le linn cúpla mí i mbliain ar leith.

Sneachta in Éirinn

Is minic nach mbíonn aon mhórstoirmeacha sneachta ann i rith an Gheimhridh in Éirinn, ach sa mhéid nach dtarlaíonn sé go minic, cuireann sneachta trom isteach go mór ar an saol sa tír. Is féidir leis cur isteach go hiomlán ar thrácht, uaireanta dúntar aerfoirt agus déantar damáiste tromchúiseach do línte cumhachta lasnairde agus do línte cumarsáide. Níos mó eolais.

Met Éireann headquarters with a blanket of snow (2010)

 

Séasúir

Athrú céimneach ó gheimhreadh go hearrach nó ó shamhradh go fómhar atá san athrú agus bíonn an treocht ghinearálta faoi réir cúluithe ar féidir leo maireachtáil ar feadh seachtaine nó níos mó. Chun críocha clíomeolaíocha, ar bhonn theocht an aeir, seo a leanas mar a samhlaítear na séasúir – séasúir trí mhí : Nollaig go Feabhra – geimhreadh, Márta go Bealtaine – earrach, Meitheamh go Lúnasa – samhradh agus Meán Fómhair go Samhain – fómhar. Seo grúpáil choitianta i gcleachtas meitéareolaíochta i roinnt mhaith tíortha ar dhomhanleithid láir agus thuaisceartacha.

 

You are here: