Comórtas Met Éireann do Scoil chun Stáisiún Uathoibríoch Aimsire a Bhuachan
(Ráiteas Príobháideachais)
Is í an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta an Roinn Rialtais atá freagrach as tithíocht agus uisce, as pleanáil fhisiciúil agus spásúil, as rialtas áitiúil, as réamhaisnéis na haimsire agus as oidhreacht thógtha agus nádúrtha.
Tá an Roinn tiomanta do do phríobháideachas a chosaint agus a urramú. Míníonn an ráiteas príobháideachais seo conas a phróiseálfaidh an Roinn, mar Rialaitheoir Sonraí, na sonraí pearsanta a chuirtear ar fáil di i ndáil le Comórtas Met Éireann do bhunscoil chun Stáisiún Uathoibríoch Aimsire a bhuachan, conas a úsáidfear an fhaisnéis sin, agus cad iad na cearta a fhéadfaidh tú a fheidhmiú maidir le do shonraí pearsanta.
Cuspóirí na próiseála
Úsáidfidh an Roinn an fhaisnéis a chuirtear ar fáil chun deis a thabhairt do mhúinteoirí bunscoile póstaeir a chur isteach thar ceann daltaí bunscoile chun páirt a ghlacadh i gcomórtas le stáisiún aimsire a bhuachan dá scoil.
Féadfar an fhaisnéis a chuirtear ar fáil a úsáid go hinmheánach le haghaidh iniúchta nó críocha comhlíonta eile sa chás go bhfuil bunús dleathach ag an Roinn lena leithéid de phróiseáil.
Ní phróiseálfaidh an Roinn sonraí pearsanta d’aon chríoch eile seachas an ceann ar bailíodh iad chuige. Ní roinnfear do shonraí pearsanta le tríú páirtithe mura bhfuil sé riachtanach de réir an dlí.
Conas a chosnaímid príobháideachas leanaí?
Tuigimid an tábhacht a bhaineann le príobháideachas leanaí a chosaint ar líne. Ní phróiseálfaimid sonraí (grianghraif, físeáin de pháistí ag ócáidí, mar shampla) a bhaineann le páistí faoi bhun sé bliana déag d’aois mura bhfuil toiliú sainráite faighte againn ón duine fásta cuí.
Próifíliú
Ní úsáidfidh an Roinn aon sonraí pearsanta a bhailítear i rith na hócáide seo chun críocha cinnteoireachta uathoibrithe ná próifíliú.
Dlíthiúlacht na próiseála
Tá an phróiseáil seo ar shonraí pearsanta dleathach faoi Airteagal 6(1)(a) de Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (GDPR): tá an t-ábhar sonraí tar éis toiliú a thabhairt dá shonraí pearsanta a phróiseáil chun críche sonrach amháin nó níos mó.
- Caithfidh an múinteoir toiliú ón tuismitheoir nó ón gcaomhnóir a fháil i gcás gach dalta a chuireann póstaer isteach. Ní iarrfaidh Met Éireann ach cóip den toiliú a bhaineann leis an iontráil bhuaiteach amháin. Is féidir toiliú a tharraingt siar am ar bith roimh an ócáid nó lena linn.
- Caithfidh an tuismitheoir nó an caomhnóir toiliú a thabhairt go mbeidh póstaer agus ainm an dalta le feiceáil ar ardáin mheán sóisialta Met Éireann.
Slándáil do shonraí pearsanta
Cuireann an Roinn bearta teicniúla agus eagraíochtúla cuí i bhfeidhm chun do chuid faisnéise a chosaint ar rochtain neamhúdaraithe. Mar sin féin, in ainneoin na n-iarrachtaí seo, níl aon bhearta slándála foirfe ná dosháraithe, agus ní féidir aon mhodh tarchurtha sonraí a ráthú i gcoinne idircheaptha ná mí-úsáide eile. I gcás go gcuirfí isteach ar do shonraí pearsanta de bharr sárú slándála, cuirfear beartas agus nósanna imeachta Bainistíochta Sárú na Roinne i bhfeidhm.
Faighteoirí na sonraí
Féadfar sonraí pearsanta a roinnt le Ranna Rialtais eile, údaráis áitiúla, gníomhaireachtaí faoi choimirce na Roinne, nó comhlachtaí poiblí eile, i gcúinsí áirithe ina bhfuil sé seo soláthraithe leis an dlí.
- Fógrófar an comórtas seo sa mhion-iris STEM Matters agus baileoidh Met Éireann na sonraí.
Ní roinnfear na sonraí pearsanta a bhailítear le tríú páirtithe, Ranna Rialtais, gníomhaireachtaí ná comhlachtaí poiblí, mura gceanglaítear leis an dlí é.
Aistrithe Sonraí Trasteorann
Ní aistreoidh an Roinn aon sonraí pearsanta a bhailítear ag an ócáid seo go haon tír ná eagraíocht idirnáisiúnta lasmuigh den Aontas Eorpach (AE) ná den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE).
Cé chomh fada a choimeádfar do shonraí?
Ní choinneoidh an Roinn do shonraí pearsanta ach chomh fada agus is gá chun na críocha ar bailíodh agus ar próiseáladh iad. De réir riachtanais reachtaíochta agus gnó, is é tréimhse choinneála do shonraí pearsanta, sa chás seo ná trí bliana.
Do chearta
Tá Beartas Cosanta Sonraí na Roinne, a leagann amach conas a úsáidfimid do shonraí pearsanta, chomh maith le faisnéis maidir le do chearta mar ábhar sonraí (lena n-áirítear sonraí faoin gceart rochtana, ceart ceartúcháin, ceart scriosta, ceart srianadh próiseála, agus ceart agóide), ar fáil ar ár suíomh gréasáin. Tá cóip chrua den bheartas ar fáil freisin ar iarratas. Más dóigh leat gur sáraíodh do chearta, tá sé de cheart agat gearán a dhéanamh le Coimisiún um Chosaint Sonraí na hÉireann (www.dataprotection.ie), agus tá sé de cheart agat leigheas breithiúnach a lorg.
Dul i dTeagmháil Linn
Is í an Roinn an Rialaitheoir Sonraí nuair a bheidh do shonraí pearsanta á bpróiseáil chun na gcríoch atá leagtha amach thuas. Tá sonraí teagmhála na Roinne ar fáil ag: https://www.gov.ie/en/organisation-information/839bc-contact-the-department-of-housing-local-government-and-heritage/
Tá Oifigeach Cosanta Sonraí ceaptha ag an Roinn chun tacú lena comhlíonadh leis an dlí cosanta sonraí. Is iad sonraí teagmhála Oifigeach Cosanta Sonraí na Roinne:
Oifigeach Cosanta Sonraí
An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta
Bóthar an Bhaile Nua
Loch Garman
Ríomhphost: data.protection@housing.gov.ie
Dáta: 28.07.2025
