An Eagraíocht Dhomhanda Mheitéareolaíochta (EDM): Tá seans 50:50 ann go sroichfidh an teocht dhomhanda an tairseach 1.5°C go sealadach laistigh de chúig bliana

EDM – Nuashonrú Aeráide Domhanda Bliantúil go Deichiúil

An Ghinéiv, an 9 Bealtaine 2022 (EDM) – Spriocbhlianta: 2022 agus 2022-2026

Achoimre – tá seans 50:50 ann go sroichfidh an teocht dhomhanda an tairseach 1.5°C go sealadach laistigh de chúig bliana

Eisíonn an Eagraíocht Dhomhanda Mheitéareolaíochta (EDM) an Nuashonrú Aeráide Domhanda Bliantúil go Deichiúil gach bliain. Cuireann sé sintéis de réamh-mheasa domhanda bliantúla go deichiúla ar fáil arna dtáirgeadh ag Ionaid Táirgthe Domhanda agus ionaid rannpháirtithe eile ainmnithe ag an EDM don tréimhse 2022-2026. Tugann na réamh-mheasa is déanaí an méid seo a leanas le tuiscint:

  • Tuartar go mbeidh an mheánteocht bhliantúil dhomhanda gar don dromchla idir 2022 agus 2026 idir 1.1°C agus 1.7°C níos airde ná leibhéil réamhthionsclaíocha (an meánleibhéal idir na blianta 1850-1900).
  • Tá an dóchúlacht chéanna ann go rachaidh an teocht dhomhanda gar don dromchla thar 1.5°C os cionn leibhéil réamhthionsclaíocha ar a laghad bliain amháin idir 2022 agus 2026, agus atá ann nach dtarlóidh sé sin (48%). Níl ach seans beag (10%) ann go rachaidh an meán cúig bliana thar an tairseach sin.
  • Tá dóchúlacht 93% ann go rachaidh ar a laghad bliain amháin idir 2022 agus 2026 os cionn na bliana is teo ar taifead, 2016. Tá dóchúlacht 93% ann freisin go rachaidh an meán cúig bliana do 2022-2026 os cionn meán na cúig bliana roimhe (2017-2021).
  • Táthar ag súil go mbeidh aimhrialtacht teochta an Artaigh, i gcomparáid le meán 1991-2020, trí huaire níos mó ná an mheán-aimhrialtacht dhomhanda má fhaightear an meán thar na chéad chúig gheimhreadh eile sa leathsféar thuaidh.
  • Tugtar le tuiscint leis na patrúin frasaíochta réamh-mheasta do 2022, i gcomparáid le meán 1991-2020, go bhfuil seans níos airde de dhálaí níos tirime in iardheisceart na hEorpa agus iardheisceart Mheiriceá Thuaidh, agus dálaí níos fliche i dtuaisceart na hEorpa, sa tSaiheil, in Oirthuaisceart na Brasaíle agus san Astráil. Tuairisc iomlán anseo

Réamh-mheastacháin aeráide na hÉireann:

Tugtar le fios leis na réamh-mheastacháin aeráide is déanaí don todhchaí in Éirinn go méadóidh an mheánteocht bhliantúil faoi 1 – 1.2°C agus faoi 1.3 – 1.6°C do na cásanna RCP4.5 agus RCP8.5, faoi seach. Is athruithe teochta bliantúla iad na réamh-mheastacháin sin do 2041-2060 i gcomparáid le 1981-2000. Léiríonn réamh-mheastacháin teochta, grádán soiléir iarthar go hoirthear, leis na méaduithe is mó san oirthear.
Agus ár bpláinéad ag téamh, téann ár n-atmaisféar freisin. Tá an cumas ag aer te níos mó taise a choimeád ann. In Éirinn tá méadú de thart ar 6% tagtha ar an meánmhéid titime báistí bliantúil thar 30 bliain (i gcomparáid leis an 30 bliain roimhe sin).
Tugtar le fios leis na réamh-mheastacháin aeráide is déanaí don todhchaí in Éirinn go mbeidh laghdú i meánmhéid na titime báistí faoi lár na haoise; tiocfaidh laghdú i meánmhéid titime báistí in aghaidh na bliana agus san earrach agus samhradh (Nolan agus Flanagan, 2020) agus táthar ag súil le heachtraí titime báistí troma níos minice. Táthar ag súil go mbeidh titim báistí níos athraithí, le méaduithe réamh-mheasta ar mhinicíocht imeachtaí titime báistí agus tréimhsí tirime freisin. Tá na réamh-mheastacháin sin i gcomhréir leo siúd a rinneadh cheana (e.g. Nolan 2015, Nolan 2017).
Rinneadh na réamh-mheastacháin sin a íosghrádú ó aschur CMIP5 de shamhail aeráide dhomhanda EC-Earth (Hazeleger 2012).

Meánbhraisle de réamh-mheastacháin athraithe teochta 2-m do chásanna (a) RCP4.5 agus (b) RCP8.5. I ngach cás, cuirtear an tréimhse thodhchaíoch, 2041-2060, i gcomparáid leis an tréimhse chaite, 1981-2000. Is athruithe íosta agus uasta réamh-mheasta iad na huimhreacha ar gach léaráid, a léirítear ag a suíomh. Nolan P, Flanagan J (2020) Research 339: High-resolution Climate Projections for Ireland. A Multi-model Ensemble Approach. Tuarascáil GCC 339

Meánbhraisle de réamh-mheastacháin athraithe teochta 2-m do chásanna (a) RCP4.5 agus (b) RCP8.5. I ngach cás, cuirtear an tréimhse thodhchaíoch, 2041-2060, i gcomparáid leis an tréimhse chaite, 1981-2000. Is athruithe íosta agus uasta réamh-mheasta iad na huimhreacha ar gach léaráid, a léirítear ag a suíomh. Nolan P, Flanagan J (2020) Research 339: High-resolution Climate Projections for Ireland. A Multi-model Ensemble Approach. Tuarascáil GCC 339