Tá Met Éireann ag earcú Oifigigh Shinsearacha Mheitéareolaíochta chun roinnt folúntais atá ann cheana a líonadh. Lorgaítear iarrthóirí chun oibriú laistigh den eagraíocht i réimsí oibríochtúla. Is éard atá i gceist leis na róil seo ná tacaíocht bhainistíochta agus theicniúil a sholáthar ar fud oifigí Met Éireann agus d’fhéadfaí iarrthóirí rathúla a cheapadh chun obair mar chuid d’fhoireann a chlúdaíonn sealanna 24/7 – mar shampla san Oifig Ghinearálta Réamhaisnéise, san Oifig Réamhaisnéise Tuilte, san Oifig Oibríochtaí TFC nó sna hOifigí Eitlíochta ag cuid d’aerfoirt na hÉireann. Beidh liúntas sealanna breise á fháil ag baill foirne a shanntar do róil shealoibre.
An Roinn/Údarás Fostaithe
An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta (Met Éireann).
Earcaíocht
Tá an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta (Met Éireann) ag earcú do na poist seo faoina Ceadúnas Earcaíochta eisithe ag an gCoimisiún um Cheapacháin Seirbhíse Poiblí (CCSP) agus i gcomhréir le Cód Cleachtais CCSP.
Suíomh Gréasáin na Roinne/an Údaráis atá ag Fostú
Suíomh
Earcófar Oifigigh Shinsearacha Mheitéareolaíochta chuig poist i réimse suíomh, lena n-áirítear Ceanncheathrú Met Éireann i nGlas Naíon, Baile Átha Cliath 9 agus aerfoirt Stáit ar fud na tíre (Aerfort Bhaile Átha Cliath, Aerfort na Sionainne, Aerfort Chorcaí, Aerfort Iarthar Éireann, Aeradróm Mhic Easmainn).
D’fhéadfadh go mbeadh orthu freastal ar chruinnithe ócáideacha nó ar chúrsaí oiliúna (in Éirinn nó thar lear), nó oibriú ar feadh tréimhsí teoranta le heagraíochtaí seachtracha nó le seirbhísí meitéareolaíochta eile. Is gnách go mbíonn ar Oifigigh Shinsearacha Mheitéareolaíochta atá ag obair i limistéir oibríochtúla dualgais sealoibre (lena n-áirítear dualgais oíche) a dhéanamh, a chlúdaíonn an deireadh seachtaine agus Laethanta Saoire Poiblí. Tá liúntas seala suas le 27% ag baint le sealobair, a íocfar i dteannta thuarastal an Oifigigh, ar bhonn coicíse.
Tá an fhoirm iarratais agus na leabhráin ghaolmhara ar fáil ar ár leathanach Folúntais. ar fáil ar ár leathanach Folúntais .
Is é Dé hAoine an 12 Eanáir 2024 ag 5pm an spriocdháta le haghaidh iarratas. Friday 12th January 2024 at 5pm.
Tá Met Éireann ag earcú Taighdeoir Iardhochtúireachta faoi láthair freisin – Tacaíocht Taighde agus Bonneagair do Líonra Breathnóireachta Taise Ithreach na hÉireann (LBTIÉ) atá nuabhunaithe. (Conradh ar théarma seasta). Sonraí