Seolfar an mhí seo chugainn úrscéal grafach nua a d’fhorbair Coláiste na hOllscoile Corcaigh (COB), ina n-úsáidtear eolaíocht aeráide Met Éireann agus scéalaíocht amhairc chun béim a leagan ar fhíorthionchair an athraithe aeráide.
Is é Chasing the Curlew’s Call / Ar Lorg Ghlao an Chrotaigh toradh comhoibrithe uathúil idir Met Éireann, taighdeoirí ó COB agus baill den phobal, arb é is aidhm dó tionchair an athraithe aeráide a chur in iúl ar bhealaí atá inrochtana agus tarraingteach.

Clúdach Ar Lorg Ghlao an Chrotaigh
Threoraigh an Dr Rosa Rogers, Comhalta Taighde agus Léachtóir sa Scríbhneoireacht Chruthaitheach i gColáiste na nEalaíon, an Léinn Cheiltigh agus na nEolaíochtaí Sóisialta, COB, forbairt an úrscéil ghrafaigh ó chomhdhearadh tosaigh leis an bpobal go dtí forbairt na hinsinte. Rinne sí an obair i gcomhar leis an ealaíontóir amhairc Rosa Kelly agus le comhghleacaithe ón tionscadal TRANSLATE, atá maoinithe ag Met Éireann. D’aistrigh Merlin Pearson an téacs go Gaeilge.
Cuireann an tionscadal TRANSLATE na chéad réamh-mheastacháin chaighdeánaithe ardtaifigh ar aeráid na hÉireann ar fáil chun tacú le pleanáil agus le hoiriúnú don athrú aeráide. Cabhraíonn sé freisin le sonraí casta aeráide a aistriú ina n-eolas praiticiúil do lucht déanta beartas, do sholáthraithe bonneagair agus do phobail.
Léiríonn an ghné ‘insinte’ seo den tionscadal an t-aitheantas atá ag dul i méid gur féidir le cur chuige cruthaitheach agus idirdhisciplíneach ról tábhachtach a bheith aige maidir leis an bpobal a spreagadh chun ceangal níos fearr a dhéanamh leis an eolaíocht aeráide agus lena tionchair sa saol laethúil.
Beidh seoladh oifigiúil Chasing the Curlew’s Call / Ar Lorg Ghlao an Chrotaigh ar siúl Dé Máirt, an 2 Meitheamh, ó 4.00 i.n. go 6.00 i.n. san Aula Maxima, COC.
Beidh taispeántas mar chuid den imeacht a léireoidh forbairt an tionscadail, ón bpróiseas deartha insinte tosaigh go dtí cruthú na n-amharcealaíon, an t-aistriúchán Gaeilge agus freagraí cruthaitheacha daoine óga. Cloisfidh an lucht freastail freisin ó ionadaithe Met Éireann faoin tacaíocht a thug siad don tionscnamh nuálach seo maidir le cumarsáid ar an athrú aeráide.
Scrúdóidh painéal plé na próisis rannpháirteacha a bhí mar bhunús leis an saothar, agus roinnfear léargais ó cheardlanna óige sna cur i láthair deiridh chomh maith le deiseanna do mhúinteoirí agus don phobal i gcoitinne chun páirt a ghlacadh sa tionscadal.
Ag labhairt di roimh an imeacht, dúirt an Dr Catriona Duffy ó Rannóg Seirbhísí Aeráide Met Éireann; “Léiríonn maoiniú snáithe scéil an Chrotaigh tríd an tionscadal TRANSLATE an tairbhe a bhaineann le heolaíocht, peirspictíochtaí pobail agus scéalaíocht a thabhairt le chéile chun cabhrú le daoine dul i ngleic leis an athrú aeráide. Tá cur chuige bunaithe ar scéalta thar a bheith tábhachtach san eolaíocht aeráide mar go ndéanann siad saincheisteanna casta níos daonna agus níos inrochtana.
“Trí thaighde eolaíoch a nascadh le daoine, le háiteanna agus le heispéiris fhíorshaoil, is féidir leis an scéalaíocht cabhrú le lucht féachana tuiscint níos fearr a fháil ar thionchair laethúla an athraithe aeráide agus ar an gcúis a bhfuil sé chomh tábhachtach sin.”
Dúirt an Dr Rosa Rogers freisin: “Is saothar é Chasing the Curlew’s Call / Ar Lorg Ghlao an Chrotaigh a nascann comhoibriú idir na healaíona feidhmeacha agus an eolaíocht, chomh maith le comh-dhearadh rannpháirteach. Léireoidh an seoladh an próiseas cruthaitheach a bhain leis an saothar seo, lena n-áirítear léiriú ón téacs, taispeántas bunaithe ar an bpróiseas agus painéal plé ar chumhacht na scéalaíochta i gcumarsáid éifeachtach faoin athrú aeráide.”
Tá an seoladh saor in aisce agus oscailte do dhaoine de gach aois, ach ní mór clárú roimh ré trí Eventbrite.