Éireoidh an aimsir an-luaineach an tseachtain seo le dhá stoirm ar an mbealach

Tabharfaidh dhá chóras lagbhrú ainmnithe ag Oifig Mheitéareolaíochta na Ríochta Aontaithe tréimhsí de ghaotha an-láidre agus dochracha go hÉireann agus go dtí an RA níos déanaí sa tseachtain.

Ar an gCéadaoin, tabharfaidh Stoirm Dudley gaotha láidre go tuaisceart agus iarthar na hÉireann, ansin ar an Aoine tuartar go dtabharfaidh Stoirm Eunice gaotha láidre agus dochracha go dtí gach contae in Éirinn, chomh maith le báisteach throm agus sneachta, seans.

⚠️⚠️⚠️ pic.twitter.com/VSUVAPYtGZ

— Met Éireann (@MetEireann) February 14, 2022

Tá Met Éireann tar éis Rabhaidh gaoithe buí ar fud na tíre a eisiúint don Chéadaoin. Tabharfaidh Stoirm Dudley séideáin gaoithe de thart ar 80-110 km/u ag uaireanta léi. Eisíodh Rabhadh gaoithe oráiste freisin do Dhún na nGall, áit a bhfuil seans go mbeidh séideáin chomh hard le 130 km/u ar fud an chósta sceirdiúil. Ar an Aoine táthar ag súil le tréimhse ghaofar agus aimsir thrioblóideach go forleathan agus Stoirm Eunice ag bogadh trasna na hÉireann. Táthar ag súil go n-eiseofar rabhaidh aimsire sna laethanta seo chugainn. D’eisigh an Oifig Mheitéareolaíochta rabhaidh aimsire do Thuaisceart na hÉireann freisin ón gCéadaoin go dtí an Aoine.

Tá an mhéid seo a leanas le rá ag meitéareolaí Met Éireann, Emer Flood: “Ba bhliain chiúin a bhí ann suas go dtí seo ach athróidh sé sin an tseachtain seo agus scairdsruth gníomhach ag stiúradh córas lagbhrú trasna na hÉireann agus RA.

“Ar an gCéadaoin tabharfaidh Stoirm Dudley gaotha láidre leis go ceantair i dtuaisceart agus iarthar na tíre. Beidh tonnta cósta móra agus roinnt tuilte cósta mar thoradh ar na gaotha láidre sin in éineacht le taoide lán”

Lean Emer leis an méid seo a leanas: “Agus Stoirm Dudley á bogadh léi soir ar an Déardaoin, lagóidh gaotha na maidine ar feadh tamaill roimh láidriú arís maidin Dé hAoine agus Stoirm Eunice ar a slí chugainn. Táimid ag coimeád súil ghéar ar an Stoirm sin toisc go bhfuil seans ann go dtógfaidh sí gaotha láidre forleathana léi ar fud na hÉireann, rud a mbeadh cur isteach agus damáiste mar thoradh air. Chomh maith le gaotha láidre, táthar ag súil go dtabharfaidh Eunice tréimhsí báistí troime agus b’fhéidir roinnt sneachta léi. Táimid ag moladh don phobal súil ghéar a choimeád ar réamhaisnéis na haimsire agus an tseachtain ag druidim léi toisc gur dócha go n-eiseofar níos mó rabhaidh aimsire.”

Chun an réamhaisnéis is cruinne agus suas chun dáta do do cheantar ar oileán na hÉireann a fháil, téigh chuig met.ie. Tá an chomhairle agus na rabhaidh is déanaí d’Éireann ar leathanach Rabhaidh Met Éireann. Tá na seirbhísí seo agus níos mó ar fáil ar an aip saor in aisce – ar fáil ar App Store don iPhone, agus ó Play Store do ghutháin Android.