Bronnadh Gradam RÉALTA na Roinne Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta ar Rannóg Seirbhísí Aeráide Met Éireann inné sa chatagóir ‘Gníomhú ar son na hAeráide agus Rialtas Inbhuanaithe’, as a cuid oibre ar thionscnamh TRANSLATE.
Ag díriú ar shármhaitheas agus ar nuálaíocht, déanann Gradaim RÉALTA (Aitheantas ar Fheabhas agus Gnóthachtáil Foirne Áitiúil) ceiliúradh ar éachtaí na foirne agus taispeánann siad nuálaíochtaí maidir le beartas agus seirbhísí a chur ar fáil.

Bronnann Ard-Rúnaí na Roinne Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, Graham Doyle, Gradam RÉALTA ar Mheitéareolaí Met Éireann agus ceannaire tionscadail TRANSLATE, an Dr Claire Scannell, in éineacht leis an Meitéareolaí, an Dr Patrick Fournet (ar chlé), agus Ceann na Rannóige Seirbhísí Aeráide, Keith Lambkin (ar dheis).
Bhí Meitéareolaí Met Éireann agus ceannaire tionscadail TRANSLATE, an Dr Claire Scannell, i láthair chun an gradam a fháil, ceann de roinnt gradam a bronnadh le linn searmanas oifigiúil i dTeach an Chustaim i mBaile Átha Cliath. Beidh sé ar cheann de chúig thionscadal a rachaidh ar aghaidh chun ionadaíocht a dhéanamh ar an Roinn ag Dámhachtainí Náisiúnta Barr Feabhais agus Nuálaíochta na Státseirbhíse (DNBFNS) níos déanaí i mbliana.
Sheol an Rannóg Seirbhísí Aeráide tionscadal TRANSLATE in 2023, le tacaíocht ón Rannóg Taighde agus Feidhmeanna agus tá sé mar aidhm aige réamh-mheastacháin aeráide d’Éirinn a chaighdeánú agus modhanna a fhorbairt chun na réamh-mheastacháin seo a úsáid chun seirbhísí aeráide a sholáthar d’Éirinn.
Tugann an tionscnamh le chéile saineolas na hÉireann ar an athrú aeráide, trína fhoireann tionscadail agus a choiste stiúrtha, atá comhdhéanta d’eolaithe agus de shaineolaithe ceannródaíocha ó Met Éireann, chomh maith le hOllscoil na Gaillimhe, Ionad na hÉireann um Ríomhaireacht Ardleibhéil, Ionad Taighde FEÉ d’Fhuinneamh, Aeráid agus Muirí agus Coláiste na hOllscoile, Corcaigh.
Is athrú céime é TRANSLATE i bhfaisnéis aeráide amach anseo d’Éirinn trí na réamh-mheastacháin aeráide is déanaí atá ar fáil a úsáid agus iad a chur in oiriúint do chomhthéacs na hÉireann chun a n-iontaofacht, a gcruinneas agus a dtéagar a fheabhsú, agus iad a chomhcheangal in aon acmhainn náisiúnta ardtaifigh amháin atá inrochtana agus éasca le húsáid.
Tá tionscadal TRANSLATE á úsáid cheana féin ar fud na hÉireann, san earnáil phoiblí agus san earnáil phríobháideach araon, chun tacú le beartas aeráide, pleanáil aeráide, cinnteoireacht aeráide agus gníomhaíocht aeráide, agus ba cheann de na príomhábhair a cuireadh i láthair ag Ceardlann tionscnaimh an Chreata Náisiúnta um Sheirbhísí Aeráide (CNSA) an tseachtain seo caite é.
Ag labhairt dó nuair a fógraíodh an gradam, ghabh Ceann Roinn Seirbhísí Aeráide Met Éireann, Keith Lambkin, buíochas leis na foirne éagsúla ag Met Éireann a thacaigh leis an tionscnamh, lena n-áirítear na Ranna Breathnóireachtaí, Réamhaisnéise, Réamhaisnéise Tuilte, Teicneolaíochta agus Oibríochtaí Gnó chomh maith leis na comhpháirtithe seachtracha iomadúla a chabhraíonn le tacú le húsáid faisnéise caighdeánaithe aeráide anseo in Éirinn agus í a fheabhsú.
Le haghaidh tuilleadh eolais faoi thionscadal TRANSLATE Met Éireann, féach ar leathanach gréasáin an tionscadail anseo.