Tá eipeasóid nua de Phodchraoladh Met Éireann ar fáil anois.
Chuir tonnta teasa agus triomaigh fhoircneacha Shamhradh 2022 isteach ar na céadta milliún duine ar fud an Leathsféir Thuaidh, agus cé go bhfuil siad eisceachtúil dúinn, ar cheart a bheith ag súil leo anois in aeráid atá ag téamh? An mbreathnófar go raibh an samhradh seo caite meánach nó fiú fionnuar níos déanaí sa chéad seo?
In eagrán na míosa seo, tá Noel ag labhairt leis an Ollamh Peter Thorne, ollamh le Tíreolaíocht Fhisiceach in Ollscoil Mhá Nuad agus Stiúrthóir ghrúpa Aonaid na hÉireann um Anailís agus Taighde ar an Aeráid (ICARUS). Is Príomhúdar é an tOllamh Thorne freisin ar thuarascálacha Measúnaithe an Phainéil Idir-Rialtasaigh ar an Athrú Aeráide (PIRAA). I gcomhluadar a chéile, pléann siad an chonair aeráide atá á siúl againn faoi láthair, conas is féidir imeachtaí foircneacha aonair a leagan ar an athrú aeráide, na deiseanna a chuirtear ar fáil le maolú aeráide agus tuartha don todhchaí.
Fiosraíonn Podchraoladh Met Éireann gach rud a bhaineann leis an aimsir agus leis an aeráid, mistéirí ár n-atmaisféir, agus buaileann sé leis na daoine a oibríonn chun iad a thuiscint.
Bíonn aíonna nua i dteannta an Dr. Noel Fitzpatrick i ngach eagrán agus iad ag cabhrú leis an eolaíocht agus a tionchair fhairsinge a nochtadh.
Mar sin, is cuma más éisteoir nua nó reatha thú, bí cinnte síntiús a ghlacadh le sraith Phodchraoladh Met Éireann cibé áit a bhfaigheann tú do phodchraoltaí.
Is féidir leat éisteacht leis an eipeasóid seo agus eipeasóidí roimhe seo ar an seinnteoir thíos.
Ná bíodh drogall ort teagmháil a dhéanamh leis an bhfoireann Podchraolta ag
podcast@met.ie nó úsáid #MetEireannPodcast ar Twitter