Sáraíodh taifid teochta agus Met Éireann ag bunú an Rannáin Seirbhísí Aeráide nua

Eisithe: Dé Luain an 18 Iúil 2022
An t-eolas is déanaí: Dé Máirt an 19 Iúil 2022

Inné, Dé Luain an 18 Iúil 2022, sáraíodh taifid teochta iomadúla go sealadach ag stáisiúin aimsire Met Éireann éagsúla ar fud na tíre. Go háirithe, bhain Páirc an Fhionnuisce, Co. Bhaile Átha Cliath cúpla cloch mhíle éagsúil amach nuair a taifeadadh go sealadach  an uasteocht aeir scáthach is airde ó taifeadadh na sonraí den chéad uair ansin go luath sna 1800idí. Sroicheadh 33.0°C (12.8°C os cionn mheánleibhéal fadtéarmach 1981-2010 de 20.2°C) ar an Luan an 18 Iúil 2022 thart ar 2:40pm (13:40 AUL).

D’éirigh leis an mbreathnóireacht sin sna seiceálacha tosaigh ar maidin a rinne Rannán na Breathnóireachta de chuid Met Éireann. Tá dearbhú ar siúl fós, áfach, agus mura dtugann aon stáisiún meitéareolaíochta eile teocht níos airde sa chéad cúpla lá eile, tá seans ann go mbeidh an teocht seo:

  • ar an teocht is airde a taifeadadh i mí Iúil riamh – tar éis 0.7°C níos mó ná an taifead is mó roimhe seo ag Ail Finn, Co. Ros Comáin, a taifeadadh ar an gCéadaoin an 19 Iúil 2006, a bhaint amach;
  • ar an dara teocht is airde ar taifead in Éirinn, 0.3°C faoin taifead is airde riamh de 33.3°C a tuairiscíodh ag Caisleán Chill Chainnigh ar an Domhnach an 26 Meitheamh 1887;
  • ar an teocht is airde sa 21ú haois – ag sárú thaifead 32.3°C Ail Finn, Co. Ros Comáin, ar an gCéadaoin an 19 Iúil 2006;
  • ar theocht níos airde ná aon teocht sa 20ú haois, arbh é 32.5°C ag an mBuarach, Co. Uíbh Fhailí, ar an Máirt an 29 Meitheamh 1976 an uasteocht dheireanach agus
  • ar an teocht is airde a taifeadadh riamh i mBaile Átha Cliath.

Chun taifead teochta náisiúnta nua a dhearbhú, déanfar na bearta seo a leanas: caithfidh coiste de shaineolaithe scrúdú a dhéanamh ar an mbreathnóireacht, ar an trealamh, ar an gcalabrú agus ar na cleachtais bhreathnóireachta, agus ar an gcaoi a gcomhfhreagraíonn an teocht do stáisiúin eile ina timpeall agus a taifead breathnóireachta féin. I rith an chéad chúpla mí romhainn amach, rachaidh an taifead féideartha nua do mhí Iúil tríd an bpróiseas sin.

Chomh maith le Páirc an Fhionnuisce, thuairiscigh na stáisiúin eile seo a leanas a dteochtaí is airde riamh go sealadach inné freisin:

  • Aeradróm Mhic Easmainn, Co. Bhaile Átha Cliath, a thuairiscigh 31.9°C (12.1°C os cionn a MLFT) atá ar an 9ú teocht is airde ar an iomlán
  • Cluain Creamha, Co. Ros Comáin, a thuairiscigh 31.4°C (11.7°C os cionn a MLFT)
  • An Goirtín, Co. Thiobraid Árann, a thuairiscigh 31°C (11.2°C os cionn a MLFT)
  • Baile Átha hÉis, Co. an Chabháin, a thuairiscigh 30.8°C (11.0°C os cionn a MLFT)
  • Dún Samhnaí, Co. na Mí, a thuairiscigh 30.5°C (11.0°C os cionn a MLFT)
  • Baile Átha an Rí, Co. na Gaillimhe, a thuairiscigh 30.5°C (11.0°C os cionn a MLFT)
  • An Muileann gCearr, Co. na hIarmhí, a thuairiscigh 30.4°C (11.2°C os cionn a MLFT)
  • Aerfort Bhaile Átha Cliath, Co. Bhaile Átha Cliath, a thuairiscigh 29.6°C (10.2°C os cionn a MLFT)

Agus taifid teochta á sárú in Éirinn, tá dara tonn teasa an tsamhraidh ar mhór-roinn na hEorpa faoi láthair agus tionchair fhorleathana aige, falscaithe, triomaigh agus básanna bainte leis an teas san áireamh. Tá ceangal díreach ag méaduithe i minicíocht agus déine na haimsire millteanaí te leis an athrú aeráide, rud a leanfaidh de bheith ag cur isteach ar Éirinn.

Rannóg Seirbhísí Aeráide Nua na hÉireann

Agus aeráid na hÉireann ag athrú, tá riachtanais úsáideoirí Met Éireann ag athrú freisin. Chun freastal ar an éileamh sin, bhunaigh Met Éireann ‘Rannóg Seirbhísí Aeráide’ nua. Feabhsóidh an Rannóg sin soláthar seirbhísí aeráide Met Éireann agus cinnteoidh sí go gcuirfear an t-eolas aeráide is fearr ar fáil d’úsáideoirí, do lucht déanta beartas agus don phobal i gcoitinne.

Tá an méid seo a leanas le rá ag Keith Lambkin, Ceann na Rannóige Seirbhísí Aeráide nua: “Feabhsóidh ár Rannóg nua aistriú na sonraí aeráide caite agus réamh-mheasta isteach in eolas úsáideach inghníomhaithe, ionas go mbeidh sé níos éasca ar earnálacha na hÉireann cinntí fadtéarmacha, aeráid-íogaire a dhéanamh.

Is freagra í Rannóg Seirbhísí Aeráide nua Met Éireann ar chinneadh an rialtais le déanaí Creat Náisiúnta le haghaidh Seirbhísí Aeráide a bhunú in Éirinn. Beidh Met Éireann, i gcomhpháirtíocht le mórán dá chomhpháirtithe, i gceannas ar fhorbairt an chreata sin.

Tacóidh Creat Náisiúnta le haghaidh Seirbhísí Aeráide“, a deir Keith, “le hearnálacha, gnóthais, lucht déanta beartas agus pleanálaithe a bhfuil cabhair uathu le heolas aeráide a thuiscint agus a chur i bhfeidhm ina gcuid cinntí. Cabhraíonn sé linn a chinntiú go bhfuilimid ar fad ar chomhthuiscint maidir leis an aeráid. Tá sé seo tábhachtach i gcinnteoireacht trasearnála ach go háirithe agus sinn ag dul in oiriúint dár aeráid atá ag athrú.

I measc na seirbhísí aeráide go léir atá á bhforbairt, tá Met Éireann ag obair leis an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, le hÚdarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann (ÚFIÉ) agus le comhpháirtithe eile chun eolas aeráide saincheaptha a chur ar fáil chun forthéamh féideartha i bhfoirgnimh Éireannacha na todhchaí a fhiosrú. Is féidir leis an eolas aeráide sin cabhrú le hailtirí agus le tógálaithe, oifigí, bailte agus ospidéil nua-aimseartha aeráid-dhíonacha a dhearadh chun a chinntiú gur féidir leo iad féin a fhuarú, chomh maith le teas a choimeád.

Críochnaíonn Keith, “Agus daonra na hÉireann ag dul i méid, chomh maith leis an aeráid atá ag athrú, tá sé riachtanach go dtéimid in oiriúint do theochtaí millteanacha sa todhchaí.