Tá Stoirmeacha Dudley agus Eunice le hÉirinn a bhualadh an tseachtain seo

Buailfidh dhá chóras lagbhrú, ainmnithe ag Oifig Mheitéareolaíochta na Ríochta Aontaithe, Éire an tseachtain seo freisin, Stoirm Dudley ar an gCéadaoin agus Stoirm Eunice oíche Dhéardaoin agus Dé hAoine.

Tá Met Éireann tar éis rabhadh gaoithe buí a eisiúint don tír iomlán do Stoirm Dudley tráthnóna Chéadaoin go tráthnóna Dhéardaoin, agus tuartar gaotha aniar an-láidre, siotacha. Tá an Oifig Mheitéareolaíochta tar éis rabhaidh gaoithe a eisiúint do Thuaisceart Éireann freisin.

Tá an méid seo a leanas le rá ag meitéareolaí Met Éireann, Liz Coleman: “Cé go mbeidh Dé Céadaoin gaofar agus siotach i ngach áit, beidh gaotha láidre go mór mhór i gceantair shléibhtiúla agus ar fud an chósta sceirdiúil, áit a bhfuil seans go mbeidh séideáin chomh hard le 80-110km/u ag uaireanta. D’fhéadfadh tonnta cósta móra agus roinnt tuilte cósta a bheith mar thoradh ar na gaotha láidre sin in éineacht le taoidí lána i gceantair san Iarthar agus san Iarthuaisceart.”

 

Lean Liz Coleman ar aghaidh: “Forbróidh Stoirm Eunice go tapa san Atlantach ar an Déardaoin agus sroichfidh sí cósta na hÉireann oíche Dhéardaoin.  Tabharfaidh an córas seo gaotha láidre, tréimhsí báistí troime agus sneachta leis oíche Dhéardaoin, rud a thabharfaidh contúirtí iomadúla agus seans damáiste agus cur isteach ar thaisteal leis, go háirithe maidin Dé hAoine.

 


Treoir Aimsire ann oíche Dhéardaoin agus Dé hAoine agus tugann táscairí reatha le tuiscint gur dócha go mbeidh gaotha láidre ar fud dheisceart na tíre, agus an titim sneachta is suntasaí i lár agus i dtuaisceart na tíre. Tá seans ann go mbeidh tuilte sna haibhneacha agus in áiteanna áirithe mar thoradh ar a thuilleadh titim báistí láidir san iarthuaisceart. Is dócha go mbeidh rabhaidh aimsire á n-eisiúint inniu nó amárach, mar sin táimid ag moladh do dhaoine súil ghéar a choimeád ar an réamhaisnéis agus ar na rabhaidh.”

Chun an réamhaisnéis is cruinne agus suas chun dáta do do cheantar ar oileán na hÉireann a fháil, téigh chuig met.ie. Tá na treoracha agus na rabhaidh is déanaí d’Éireann ar leathanach Rabhaidh Met Éireann. Tá na seirbhísí seo agus níos mó ar fáil ar an aip saor in aisce – ar fáil ar App Store don iPhone, agus ó Play Store do ghutháin Android.

 

Tabharfaidh Stoirm Dudley tréimhsí báistí troime léi freisin, rud a mbeidh tuilte in áiteanna áitiúla áirithe mar thoradh air, go háirithe in iarthar na tíre. Tar éis do Stoirm Dudley druidim leis maidin Dhéardaoin, tiocfaidh córas lagbhrú eile darb ainm Stoirm Eunice chugainn tráthnóna Dhéardaoin, ag tabhairt contúirtí iomadúla léi, gaotha láidre, báisteach throm agus sneachta san áireamh.