Tabharfaidh Stoirm Eunice gaotha láidre, báisteach agus sneachta léi

Tar éis Stoirm Dudley ar an gCéadaoin, buailfidh córas lagbhrú eile sinn darb ainm Stoirm Eunice. Tabharfaidh Eunice dálaí aimsire toirmeascacha agus dúshlánacha chugainn ar an Aoine agus táthar ag súil le héifeachtaí ó ghaotha láidre, báisteach throm agus sneachta.

Tabharfaidh Stoirm Dudley gaotha láidre séideánacha léi ar fud na hÉireann ar an gCéadaoin, le séideáin ag dul chomh tapa le timpeall 80-110km/u, go háirithe i gceantair shléibhtiúla agus ar fud an chósta sceirdiúil. Tá rabhadh gaoithe buí ann ar fud na tíre a mhairfidh go meán oíche, agus tá riosca ann de thuilte cósta agus roinnt tuilte in áiteanna áirithe i gceantair ó bháisteach throm. Beidh lá gaofar ann ar an Déardaoin le meascán de thréimhsí geala agus roinnt ceathanna troma, roimh scamaill, báisteach agus gaotha a neartóidh roimh theacht Stoirm Eunice.

 

Tá an méid seo a leanas le rá ag meitéareolaí Met Éireann, Matthew Martin: “Táimid ag coimeád súil an-ghéar ar an réamhaisnéis don Aoine toisc go bhfuiltear ag súil go dtabharfaidh Stoirm Eunice roinnt dálaí aimsire dúshlánacha léi, go háirithe maidin Dé hAoine nuair a bheidh gaotha láidre, báisteach throm agus sneachta ag gluaiseacht trasna na tíre.

“Faoi láthair táthar ag súil go mbeidh an titim sneachta is troime i gceantair sa tuaisceart agus san iarthar. Táthar ag súil go mbeidh gaotha láidre i gceantair an deiscirt, ach táimid roinnt laethanta uaithi fós agus is dócha go n-athróidh na sonraí maidir le cathain agus cén áit. Agus sinn ag cuimhneamh air sin, táimid ag moladh go láidir do dhaoine súil ghéar a choimeád ar an réamhaisnéis agus na rabhaidh ina gcuid ceantar toisc gur féidir leo sin athrú sna laethanta seo chugainn.”

Tá Met Éireann tar éis rabhadh gaoithe, báistí agus sneachta buí  a eisiúint de bharr Stoirm Eunice go luath maidin Dé hAoine go dtí tráthnóna Dé hAoine. Tá rabhaidh gaoithe agus báistí ann freisin do Thuaisceart Éireann. Is dócha go mbeidh riosca de chrainn leagtha ag gaotha láidre agus dálaí tiomána dainséaracha ag baint leis an stoirm agus seans go gcuirfidh báisteach throm agus sneachta isteach ar thaisteal.

 

Wind and snow warnings are also in place for NI. The storm will likely bring a risk of fallen trees from strong winds and hazardous driving conditions and possibly disruption to transport from heavy rain and snow.

Ag déanamh trácht ar éifeachtaí cósta féideartha, tá an méid seo a leanas le rá ag hidrimeitéareolaí Met Éireann, Jennifer Canavan: “Tá tréimhse de thaoidí lána againn faoi láthair agus á gcur sin in éineacht le gaotha láidre agus dálaí stoirmiúla, tá ardriosca ann de thonnta cósta móra agus tuilte cósta ar an Aoine, go háirithe ar fud chóstaí an deiscirt agus an oirthir.

“Dá bharr táimid ag moladh go láidir do dhaoine a bheith fíorchúramach in aice le ceantair agus cosáin chósta.”

Chun an réamhaisnéis is cruinne agus suas chun dáta do do cheantar ar oileán na hÉireann a fháil, téigh chuig met.ie. Tá na treoracha agus na rabhaidh is déanaí d’Éireann ar leathanach Rabhaidh Met Éireann. Tá na seirbhísí seo agus níos mó ar fáil ar an aip saor in aisce – ar fáil ar App Store don iPhone, agus ó Play Store do ghutháin Android.