Rabhadh gaoithe dearg agus rabhadh sneachta oráiste do Stoirm Eunice

Tá Met Éireann tar éis rabhadh gaoithe dearg a eisiúint mar gheall ar Stoirm Eunice i gCorcaigh agus Ciarraí, an leibhéal rabhaidh is airde. Tá rabhadh sneachta oráiste ann do roinnt mhaith contaetha sa tuaisceart agus deisceart.

Chomh maith le gaotha fíorláidre agus dochracha, tabharfaidh Stoirm Eunice tréimhsí de bháisteach throm agus sneachta trom léi, rud a mbeidh dálaí dúshlánacha agus toirmeascacha taistil mar thoradh orthu.

 

Bhí an méid seo a leanas le rá ag meitéareolaí Met Éireann, Gerry Murphy,

“Go luath anocht, gluaisfidh gaotha láidre, báisteach agus flichshneachta isteach ón iardheisceart agus Stoirm Eunice ag teacht inár dtreo. Feicimid na gaotha ag piocadh suas go mór go luath maidin Dé hAoine le dálaí fíordhúshlánacha mar thoradh ar ghaotha fórsa stoirme, báisteach throm agus sneachta. Táthar ag súil le crainn leagtha, damáiste do línte cumhachta agus foirgnimh, agus dálaí tiomána contúirteacha, moilleanna agus cealuithe iompair.”

“Táimid tar éis rabhadh gaoithe dearg a eisiúint do Chorcaigh agus Ciarraí toisc go bhfuiltear ag súil go mbeidh luas na gaoithe chomh tapa le 80km/u le séideáin níos tapúla ná 130km/u. Is éard a bhíonn i gceist le rabhaidh dhearga ná go mbeidh dálaí aimsire fíorchontúirteacha agus baol suntasach ar bheatha ann – táimid ag moladh go láidir do dhaoine sna ceantair seo gan turais neamhriachtanacha a dhéanamh agus comhairle ó údaráis áitiúla agus seirbhísí éigeandála a leanúint.

Lean an meitéareolaí Gerry Murphy ar aghaidh: “Chomh maith le gaotha láidre, tabharfaidh Stoirm Eunice báisteach throm agus sneachta léi agus beidh dálaí dúshlánacha ann mar thoradh air sin. Tá rabhadh sneachta oráiste ann do Dhún na nGall, Liatroim, Sligeach, Maigh Eo agus Ros Comáin go dtí tráthnóna Dé hAoine, agus dálaí síobtha sneachta agus dálaí tiomána contúirteacha mar thoradh ar fhlichshneachta agus sneachta trom.”

Tá rabhaidh gaoithe agus sneachta ann freisin do Thuaisceart Éireann i rith an lae amárach, le rabhaidh mara dhearga agus oráiste ann ar fud uiscí cósta na hÉireann agus dálaí stoirme foréigneacha san fharraige.

Chun an réamhaisnéis is cruinne agus suas chun dáta do do cheantar ar oileán na hÉireann a fháil, téigh chuig met.ie. Tá na treoracha agus na rabhaidh is déanaí d’Éireann ar leathanach Rabhaidh Met Éireann. Tá na seirbhísí seo agus níos mó ar fáil ar an aip saor in aisce – ar fáil ar App Store don iPhone, agus ó Play Store do ghutháin Android.