Tá an chosúlacht air go mbeidh 2023 ar an mbliain is teo agus ar cheann de na blianta is fliucha in Éirinn
Eisithe Dé Céadaoin 29 Samhain 2023
Is dóchúil go mbeidh 2023 ina bhliain chlíomeolaíoch urghnách ar fud an domhain agus tá borradh á spreagadh ag an athrú aeráide ar imeachtaí aimsire foircneacha agus teochtaí atá níos airde ná riamh. Eiseoidh an Eagraíocht Dhomhanda Mheitéareolaíochta (EDM) a dtuarascáil ‘Staid Shealadach na hAeráide Domhanda 2023’ amárach agus tá ráite acu cheana féin i dtuarascálacha roimhe seo go bhfuil sé beagnach cinnte gurb í 2023 an bhliain is teo a taifeadadh riamh ar fud an domhain.
In Éirinn, is dóchúil go mbeidh an dara bliain as a chéile is teo riamh againn agus tá féidearthacht ann go sáróidh meánteocht bhliantúil na hÉireann 11 °C den chéad uair. Tá ceann de na blianta is fliche riamh in Éirinn againn freisin, agus an mheánbháisteach bliantúil i measc na 20 bliain is fliche cheana féin le breis agus mí fágtha.
- I mbliana, ba í an tréimhse idir Eanáir agus Samhain an tréimhse is teo riamh in Éirinn go dtí seo agus is cosúil go mbeidh sí ar an mbliain is teo riamh don dara bliain as a chéile. Faoi láthair, 2022 is í 2022 an bhliain is teo riamh in Éirinn, agus níor sáraíodh é sin ó 1900 (124 bliain).
- Ba í 2009 an bhliain is fliche riamh in Éirinn, agus níor sáraíodh é sin ó 1941 (83 bliain). Go dtí seo, ba é 2023 an dara hEanáir-Deireadh Fómhair is fliche riamh in Éirinn.
Cad a d’fhéadfadh tarlú d’Éirinn in 2023 agus níos mó ná mí fágtha?
- Má fhanann an mheánteocht do mhí na Samhna os cionn 8 °C agus má chríochnaíonn meánteocht mhí na Nollag os cionn 6 °C, is dócha gurb í an bhliain is teo riamh í.
- Má chríochnaíonn an mheánbháisteach ghreillithe do mhí na Nollag thart ar 40% os cionn a mheáin fhadtéarmaigh (MFT) do 1981-2010, d’fhéadfadh sé gurb í an bhliain is fliche riamh í freisin (níl an anailís seo chomh cinnte agus d’fhéadfadh sí athrú nuair a chuirfear gach breathnóireacht bháistí stáisiúin san áireamh).
Deir Ceann Seirbhísí Aeráide Met Éireann, Keith Lambkin, “Bhí bliain dhochreidte ag Éirinn agus báisteach agus téamh ag leibhéil nach bhfacthas cheana in amanna. Tá iarmhairtí ag na himeachtaí foircneacha taifeadta seo ar chuid mhór den tsochaí. Sin é an fáth go mbíonn Met Éireann i gcónaí ag forbairt faisnéis shaincheaptha aeráide, lenár gcomhpháirtithe iomadúla, chun cabhrú le hÉirinn pleanáil níos fearr agus oiriúnú dár n-aeráid atá ag athrú.”
Báisteach – Tugann sonraí sealadacha ónár dtacar sonraí greillithe siar go dtí 1941 le fios:
- Ba é mí an Mhárta 2023 an Márta ab fhliche riamh.
- Ba é mí Iúil 2023 an tIúil is fliche riamh.
- Ba é Eanáir go Deireadh Fómhair 2023 (an dá mhí sin san áireamh) an dara hEanáir go Deireadh Fómhair is fliche ar taifead.

Báisteach ghreillithe mhíosúil shealadach 2023 (%) d’Éirinn ar bhonn míosúil (maidir le MFT 1981-2010)
Teocht – Tugann aimhrialtachtaí teochta (°C) Sealadacha Oileán na hÉireann 1900-2023 le fios:
- Ba é Feabhra 2023 an cúigiú Feabhra is teo ar taifead.
- Ba é Bealtaine 2023 an dara Bealtaine is teo ar taifead.
- Ba é earrach 2023 an tríú hearrach is teo ar taifead.
- Ba é Meitheamh 2023 an Meitheamh is teo ar taifead.
- Ba é Samhradh 2023 an cúigiú samhradh is teo ar taifead..
- Ba é Meán Fómhair 2023 an tríú Meán Fómhair is teo ar taifead..
- Ba é Eanáir go Deireadh Fómhair 2023 (an dá mhí sin san áireamh) an tEanáir go Deireadh Fómhair is teo ar taifead.

Aimhrialtachtaí Teochta Sealadacha d’Oileán na hÉireann 1900-2022 (an difríocht ó MFT 1961-1990)
Gné amháin a chuir leis an mbliain 2023 a bheith chomh te agus chomh fliuch sin in Éirinn go dtí seo ná na teochtaí dromchla farraige is airde riamh ar fud an Atlantaigh Thuaidh ó mhí Aibreáin. Ina theannta sin, bhí tonn teasa mara tromchúiseach amach ó iarthar na hÉireann i rith mhí an Mheithimh. Chuir sé seo leis an méadú ar na meánteochtaí agus ar an gcion taise san atmaisféar os cionn na hÉireann.
Fiosrúcháin ó na meáin:: media@met.ie
Fiosrúchán aeráide:: enquiries@met.ie