An tOllamh Ray Bates (1940-2024)

Tugann Met Éireann ómós do shaol agus d’éachtaí an > Ollaimh J. Ray Bates PhD, iar-Stiúrthóir Cúnta ag Met Éireann, iar-Cheann Brainse ag an tSaotharlann Atmaisféir, NASA, Goddard, Maryland, Ollamh Emeritus Meitéareolaíochta in Ollscoil Chóbanhávan, agus Ollamh Cúnta Meitéareolaíochta sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, a fuair bás ar an 6 Eanáir 2024.

Prof Bates speaking at the Irish Meteorological Society’s celebration, marking 75 years of Met Éireann in 2011.

An tOllamh Bates ag labhairt ag ceiliúradh Chumann Meitéareolaíochta na hÉireann, ag comóradh 75 bliain de Met Éireann in 2011. Íomhá le Brendan Noonan.

 

Ba mheitéareolaí agus eolaí aeráide clúiteach é an tOllamh Bates, comhghleacaí uasal Met Éireann, agus ceannródaí i réimsí dhinimic an atmaisféir agus Tuar Uimhriúil Aimsire (TUA). Chuir an tOllamh Bates go mór leis an tuiscint ar dhinimic agus teirmidinimic an atmaisféir agus bhí ról ríthábhachtach aige i bhforbairt TUA le haghaidh réamhaisnéis aimsire oibríochtúil. Bhí meas ar a thuairimí agus bhí tionchar aige sa phobal eolaíochta, chomh maith le bheith ina meantóir agus ina chara do go leor comhghleacaithe agus mac léinn. Tá a chríochnúlacht agus a phaisean don eolaíocht aitheanta go maith.

Gairm iontach Bates

Bhain an tOllamh Bates céim amach ó Choláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath (UCD) in 1962 le B.Sc. san Fhisic, agus fuair sé PhD sa Mheitéareolaíocht ó Institiúid Teicneolaíochta Massachusetts (MIT) i 1969 faoi mhaoirseacht an Ollaimh Jule Charney. Bhí Charney i gceannas ar an ngrúpa a tháirg an chéad réamhaisnéis aimsire ríomhghinte, ar ríomhaire SRLU (Suimeálaí agus Ríomhaire Leictreonach Uimhreacha) in 1950, rud a réitigh an bealach do réamhaisnéis aimsire nua-aimseartha.

Tháinig an tOllamh Bates isteach i Seirbhís Meitéareolaíochta na hÉireann (Met Éireann anois) in 1963, áit ar bhain sé poist Cheann na Roinne Taighde agus an Stiúrthóra Chúnta amach. Mar chuid dá chuid oibre sa tSeirbhís Náisiúnta Meitéareolaíochta, bhí sé ina Chathaoirleach ar an gCoiste Comhairleach Eolaíoch don Lárionad Eorpach um Réamhaisnéisí Aimsire Meánraoin (LERAM), ó 1978 go 1981.
In 1987, bhog an tOllamh Bates go dtí na Stáit Aontaithe, áit ar oibrigh sé mar Eolaí Sinsearach agus mar Cheann Brainse ag an tSaotharlann Atmaisféir, Ionad Eitilte Spáis Goddard NASA, go dtí 1995. D’fhill sé ar an Eoraip ansin agus ceapadh é ina Ollamh le Meitéareolaíocht in Institiúid Niels Bohr, Ollscoil Chóbanhávan go dtí 2004, agus ansin ceapadh é ina Ollamh Cúnta le Meitéareolaíocht sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath (2004-2023).

D’fhoilsigh an tOllamh Bates níos mó ná 100 páipéar agus caibidil leabhar piarmheasúnaithe. Bronnadh go leor duaiseanna agus onóracha air, lena n-áirítear Comhaltacht an Royal Meteorological Society, an American Meteorological Society agus Acadamh Ríoga na hÉireann. Bhí sé ar dhuine de bhunaitheoirí Chumann Meitéareolaíochta na hÉireann freisin, agus ina dhiaidh sin ina Uachtarán air.

A chuid oibre ríthábhachtach ar Thuar Uimhriúil Aimsire d’Éirinn agus níos faide anonn

Le linn dó a bheith ag obair i Met Éireann, fuair an tOllamh Bates cóip den tSamhail Bhunchothromóide Limistéir Theoranta (SBLT) lena úsáid sa tSeirbhís Meitéareolaíochta, trína chairdeas leis an meitéareolaí Seirbiach-Meiriceánach Fedor Mesinger. Cuireadh an tsamhail seo, a forbraíodh ar dtús in Ollscoil Bhéalgrád, i bhfeidhm ar ríomhaire digiteach DEC 20-50, an chéad ríomhaire príomhfhráma de chuid Sheirbhís Meitéareolaíochta na hÉireann, agus chuir sé treoir réamhaisnéise ar fáil ó 1980 go dtí gur tugadh isteach an tsamhail HIRLAM in 1994.

D’oibrigh an tOllamh Bates freisin laistigh den Rannóg Taighde ag Met Éireann chun córas anailíse oibiachtúla a oiriúnú agus a chur i bhfeidhm chun sonraí breathnóireachta phróiseáil, cuid lárnach den tsamhail réamhaisnéise aimsire. Ba é Nils Gustafsson ó Institiúid Meitéareolaíochta agus Hidreolaíochta na Sualainne (IMHS) a thóg an córas bunaidh, a thug cuairt ar Bhaile Átha Cliath in 1978 chun cabhrú leis an gcur i bhfeidhm tosaigh.

Tar éis dó bualadh leis an meitéareolaí cáiliúil Ceanadach André Robert, d’aithin an tOllamh Bates acmhainneacht mhór modhanna comhtháthaithe Lagrangian agus bhí sé i gceannas ar an gcur i bhfeidhm in 1982 an chéad chur i bhfeidhm oibríochtúil ar domhan de scéim leath-Lagrangian i réamhaisnéis aimsire. Scríobh sé nó chomhscríobh sé thart ar dhosaen páipéar tábhachtach, inar fhorbair agus inar chuir sé roinnt feabhsuithe móra i bhfeidhm, atá anois mar chuid chaighdeánach de chomhtháthú Lagrangian.
Mar thoradh ar obair an Ollaimh Bates, bhí Éire ar thús cadhnaíochta ar fud an domhain maidir le modhanna Lagrangian a chur i bhfeidhm le haghaidh réamhaisnéis aimsire.. Tá comhtháthú leath-Lagrangian anois ina chuid de Thuar Aimsire Uimhriúil, agus tá sé le fáil sna córais oibriúcháin ag formhór na seirbhísí aimsire náisiúnta. In 1994, bhronn NASA Gradam Gnóthachtála Eolaíochta ar an Ollamh Bates “As ceannaireacht agus obair cheannródaíoch maidir le samhlacha leath-Lagrangian a fhorbairt le haghaidh tuar aeráide agus aimsire”. Bhí a dhéine, a thiomantas agus a phaisean ríthábhachtach chun eolaíocht aimsire agus aeráide a chur chun cinn agus cuimhneofar air i gcónaí.

—————————————–
Ár mbuíochas ó chroí leis an Ollamh Peter Lynch as eolas a fháil ar obair TUA an Ollaimh Bates. Is féidir leat tuilleadh a léamh faoi obair an Ollaimh Bates agus comhghleacaithe eile ar réamhaisnéis aimsire a fhorbairt san alt seo ón Ollamh Lynch: Forbairt réamhaisnéise aimsire ríomhaireachta in Éirinn ..