Tá Institiúid Walton ag iarraidh Taighdeoir Iardhochtúireachta a fhostú le bheith ag obair ar thionscadal atá maoinithe ag Ionad Taighde FEÉ VISTAMILK atá nasctha le réimse taighde na talmhaíochta agus i gcomhar le Met Éireann. Is Ionad Taighde de chuid Fhondúireacht Eolaíochta Éireann é VISTAMILK atá ar thús cadhnaíochta ar leibhéal domhanda maidir le déiríocht nuálach chruinn bunaithe ar fhéarach. Is é a mhisean ná tionchar dearfach a imirt ar an gcomhshaol, ar leas ainmhithe, agus ar shláinte tomhaltóirí, agus chun an earnáil teicneolaíochta Agraibhia a threorú trí nuálaíocht agus inbhuanaitheacht fheabhsaithe ar fud an tslabhra soláthair déiríochta. Go hidirnáisiúnta, beidh feidhm ag an dul chun cinn a fhorbraítear san ionad le córais déiríochta i mórán tíortha agus spreagfaidh sé fás domhanda san earnáil Agraitheicneolaíochta. Bainfear é seo amach trí nascacht an tslabhra soláthair ón ithir go putóg a fheabhsú go mór, rud a fheabhsóidh éifeachtúlacht acmhainní, rud a chomhlíonfaidh ionchais tomhaltóirí níos fearr agus a fheabhsóidh brabúsacht agus athléimneacht.
Dáta Deiridh: 28-Aibreán-2023
Sonraí iomlána ó OTO (Ollscoil Teicneolaíochta an Oirdheiscirt)
