Tá comhpháirtíocht déanta ag Met Éireann agus Institiúid Walton, Ollscoil Teicneolaíochta an Oirdheiscirt (OTOD) ar thionscadal chun Taighdeoir Iardhochtúireachta a fhostú chun oibriú ar thionscadal atá maoinithe ag Ionad Taighde VISTAMILK FEÉ atá nasctha le réimse taighde na talmhaíochta agus i gcomhar le Met Éireann. Is Ionad Taighde de chuid Fhondúireachta Eolaíochta Éireann é VISTAMILK atá ar thús cadhnaíochta ar leibhéal domhanda maidir le déiríocht nuálach chruinn bunaithe ar fhéarach. Is é a mhisean ná tionchar dearfach a imirt ar an gcomhshaol, ar leas ainmhithe, agus ar shláinte tomhaltóirí, agus chun an earnáil teicneolaíochta Agraibhia a threorú trí nuálaíocht á spreagadh agus inbhuanaitheacht á feabhsú ar fud an tslabhra soláthair déiríochta. Go hidirnáisiúnta, beidh feidhm ag an dul chun cinn a fhorbraítear san ionad le córais déiríochta i mórán tíortha agus spreagfaidh sé fás domhanda san earnáil Agraitheicneolaíochta. Bainfear é seo amach trí nascacht an tslabhra soláthair ón ithir go putóg a fheabhsú go mór, rud a fheabhsóidh éifeachtúlacht acmhainní, rud a chomhlíonfaidh ionchais tomhaltóirí níos fearr agus a fheabhsóidh brabúsacht agus athléimneacht.
Tá sonraí iomlána ar fáil tríd an tairseach OTOD Roghnaigh Taighdeoir Iardhochtúireachta VISTAMILK FEÉ ón roghchlár anuas.
Is é an dáta deiridh le haghaidh iarratas ná an 3 Márta 2023 ag 16:00.