Gradam Met Éireann buaite ag Oisín Jackson ag Taispeántas Eolaí Óg agus Teicneolaíochta BT (TEÓTBT)

Fógraíodh gurb é Oisín Jackson ó Mheánscoil Mhuire gan Smál i Lios Dúin Bhearna, Co. an Chláir buaiteoir Ghradam Met Éireann ag Taispeántas Eolaí Óg agus Teicneolaíochta BT 2024 (TEÓTBT).

The award winners at the 60th BT Young Scientist and Technology Exhibition 2024 have been announced at a ceremony in the RDS Dublin.<br />The Met Eireann Award presented by Broadcast Meteorologist Joanna Donnelly to Oisin Jackson Mary Immaculate Secondary School Clare for the project 'An Investigation into the Relationship Between Precipitation and Water Levels in Turloughs in the Burren' in the Chemical, Physical &amp; Mathematical Sciences Category.<br /> Stand: 2206. Source: BTYSTE / Chris Bellow Fennell Photography

Joanna Donnelly ag bronnadh Gradam Met Éireann ar Oisín Jackson ag TEÓTBT 2024. Foinse: TEÓTBT / Grianghrafadóireacht Chris Bellow Fennell

Bhronn meitéareolaí Met Éireann, Joanna Donnelly, an gradam ag searmanas iontach san RDS oíche Aoine seo caite, bunaithe ar fhiosrúchán Oisín ar an ngaol idir frasaíocht agus leibhéil uisce i dturlacha sa Bhoirinn.
Is suntasach an rud é gur bhuaigh Oisín Duais Met Éireann don dara bliain as a chéile, tar éis aitheantas a fháil dá chuid oibre roimhe sin maidir le hanailís a dhéanamh ar an ngaol idir frasaíocht agus sceitheadh abhann i ndobharcheantar Abhainn na hAille ag ócáid na bliana seo caite.
Bhí Met Éireann ar cheann den iliomad eagraíochtaí comhpháirtíochta oifigiúla ag comóradh 60 bliain TEÓTBT, a léirigh taighde agus nuálaíocht i bhfoirm 550 tionscadal mac léinn ó gach cearn den tír.
D’oscail an tUachtarán, Micheál D Ó hUigínn an taispeántas go foirmiúil tráthnóna Dé Céadaoin, agus mheall sé na mílte mac léinn, múinteoir agus ball den phobal chuig láithreacha RDS thar thréimhse trí lá lán gníomhaíochta.
Mar cheann de na himeachtaí oideachais agus for-rochtana is mó ag Met Éireann i mbliana, bhí foireann ó gach cearn den eagraíocht, faoi cheannas cumasach Ann Marie Woods, i láthair ar feadh an ama chun comhrá a dhéanamh le cuairteoirí, agus chun tacú leo spéis agus grá a chothú san eolaíocht, sa teicneolaíocht agus san innealtóireacht.

Met Éireann staff who manned the Met Éireann stand on Thursday 11th January

Foireann Met Éireann a bhí ag seastán Met Éireann Déardaoin an 11 Eanáir