Forbhreathnú
D’fhéadfadh an t-athrú aeráide tionchar suntasach a imirt ar an timpeallacht thógtha, mar go mbeidh tuilleadh róthéimh nó éilimh fuaraithe níos mó i bhfoirgnimh mar thoradh ar theocht mhéadaithe. Cheangail CNSA taighdeoirí ó Met Éireann le réamh-mheastacháin chaighdeánaithe AISTRIGH chun cruthú seirbhíse caighdeán tógála a éascú a chuirfeadh go díreach le samhlacha fuinnimh foirgneamh nua-aimseartha. Mar thoradh air sin, táirgeadh sraith de chomhaid sonraí aimsire agus aeráide le húsáid i samhlacha fuinnimh foirgneamh agus foirgnimh nua á ndearadh. Tá na comhaid sonraí sin ar fáil do shé shuíomh timpeall na hÉireann. Tá siad sin i bhfoirm Bliain Thagartha Tástála (BTT) agus 3 Bliana Samhraidh Dearaidh (BSD), le haghaidh sonraí ón am atá thart agus réamh-mheastacháin AISTRIGH sa todhchaí. Roimhe sin ba iad na comhaid aimsire amháin a bhí in Éirinn ná comhaid ICISF (Institiúid Chairte na nInnealtóirí Seirbhísí Foirgníochta) do Bhéal Feirste.
Maidir leis an gcás-staidéar: Amharc ar an bhfíseán míniúcháin thíos chun tuilleadh eolais a fháil:
Comhaid foirgníochta mar sheirbhís aeráide
Is éard is Seirbhís Aeráide ann faisnéis aeráide a sholáthar chun cabhrú le cinnteoireacht atá cliste ó thaobh na haeráide de. Ní mór don tseirbhís freagairt do riachtanais úsáideoirí agus ní mór di a bheith bunaithe ar fhaisnéis agus ar shaineolas atá inchreidte go heolaíoch. Is éifeachtaí atá seirbhísí aeráide nuair a bhíonn comhoibriú idir úsáideoirí agus soláthraithe faisnéise agus saineolais aeráide. Tá na seirbhísí sin ann in imeacht ama agus cabhraíonn siad le húsáideoirí cinntí a dhéanamh atá cliste ó thaobh na haeráide de anois agus amach anseo. Is seirbhís aeráide iad na comhaid foirgneamh a bhfuil cur síos déanta orthu anseo a forbraíodh trí úsáid a bhaint as réamh-mheastacháin chaighdeánaithe d’Éirinn i dtreo dheireadh an chéid seo. Léirítear sa ghrafaic thíos an pointe ag a bhfuil seirbhís aeráide mar seo suite i gcaitheamh an ama.
Déan Teagmháil Linn: NFCS@met.ie
Comhpháirtithe
Is comhiarracht é tionscnamh taighde AISTRIGH arna stiúradh ag taighdeoirí aeráide ó Ollscoil na Gaillimhe – Ionad na hÉireann um Ríomhaireacht Ardleibhéil (IÉRA) agus ó Choláiste na hOllscoile, Corcaigh – Ionad Taighde Fhondúireacht Eolaíochta Éireann um Fhuinneamh, Aeráid agus Mara (MaREI), le tacaíocht ó aeráideolaithe Met Éireann.
Foilseacháin Ábhartha
Griffin, S., Mateus C., agus Lambkin, K. 2023. Sonraí aeráide le húsáid i ndearadh foirgneamh – Comhaid aimsire san am a chuaigh thart agus san am atá le teacht le haghaidh measúnú riosca ar róthéamh. Nóta Aeráideolaíochta Uimh. 21. Met Éireann.