Podchraoladh Nua - ÉIST LE TUAR NA HAIMSIRE

An maith leat éisteacht le réamhaisnéis na haimsire?

Tá réamhaisnéis fuaime na haimsire ar fáil go laethúil ó Met Éireann anois mar phodchraoladh, arna thaifeadadh ag ár réamhaisnéiseoirí aimsire i  Lár-Oifig Anailíse agus Réamhaisnéise Met Éireann (LOAR/CAFO). Féach Réamhaisnéis na hAimsire ó Met Éireann ar d’imreoir podchraolta – tá sé ar fáil anois ar Apple PodcastsGoogle PodcastsSpotify, Stitcher agus ar go leor seinnteoirí eile.

Is bealach éasca ar ardrochtain é an podchraoladh seo chun réamhaisnéis na haimsire a fháil amach agus tú i mbun taistil. Agus má tá cainteoir cliste agat sa bhaile, cuir ar bun é chun nasc a dhéanamh le Réamhaisnéis na hAimsire ó Met Éireann agus glaoigh air ag am ar bith chun an réamhaisnéis is déanaí a cloisint

Déantar an réamhaisnéis a huasdátú 3 huair sa lá – ag thart ar 6rn, 1in agus 6in – le mion-réamhaisnéis na haimsire don lá inniu agus anocht, an t-ionchas don tseachtain amach agus sonraí faoi aon rabhaidh aimsire a eisíodh.

Is féidir leat brú-fhógra a fháil fiú chun a chur in iúl duit aon uair a eisítear an podchraoladh is déanaí – cuir a leithéid ar bun trí na socruithe ar d’aip podchraolta.

Siad na réamhaisnéiseoirí aimsire de chuid Met Éireann ná Gerry Murphy, Deirdre Lowe, Joanna Donnelly, Michelle Dillon, Siobhán Ryan, Liz Walsh, Elizabeth Coleman, Matthew Martin, Gavin Gallagher, Linda Hughes, Andrew Doran-Sherlock, Paul Downes, Emer Flood, Aoife Kealy agus Mark Bowe.

Nó éist leis an imreoir thíos.

Tá dhá shraith podchraolta eile ar fáil freisin ar gach seinnteoir podchraolta:

  • The Met Éireann Podcast – chuamar i gcomhar le RTÉ le haghaidh Séasúr 2 dár bpodcraoladh fadleanúnach ina bhíonn ár meitéareolaithe Liz Walsh agus Noel Fitzpatrick ag plé le cúrsaí aimsire agus aeráide.
  • Podchraoladh Met Éireann – an leagan Gaeilge den Met Éireann Podcast.