AINMNEACHA STOIRME Nua 2021-22

Tá Met Éireann, in éineacht leis an Met Office agus an KNMI – seirbhísí aimsire náisiúnta na Ríocht Aontaithe agus na hÍsiltíre – tar éis liosta nua ainmneacha na stoirmeacha a scaoileadh do shéasúr 2021-22 na stoirme..

Ón mbliain 2014 i leith tá Met Éireann agus an Met Office ag obair le chéile sa chomhpháirtíocht Ainmneacha Stoirme chun cabhrú le feasacht a mhúscailt faoi na tionchair a d’fhéadfadh a bheith ag an drochaimsir agus tháinig an KMNI ina dteannta sa bhliain 2019.

Mar a tharla sna blianta roimhe seo, chuir gach seirbhís aimsire ainmneacha a léiríonn a náisiún agus an cultúr a bhaineann leis, iad molta ag daoine an phobail den chuid is mó. I measc na n-ainmneacha Gaeilge a cuireadh ar liosta na bliana seo tá Barra (Fionnbarra), Méabh, Pól agus Seán. I vóta poiblí le déanaí cuireadh vótáil ar Diarmuid in éineacht le Duncan, Dudley agus Dafydd… agus ba é Dudley an buaiteoir, b’fhéidir léiriú é ar dhraíocht Harry Potter.

Storm names for 2021-22 in partnership with UK Met Office and KNMI in the Netherlands

Dar le Ceannaire na Réamhaisnéise Met Éireann, Evelyn Cusack:

“Bhí an geimhreadh seo caite réasúnta ciúin agus gan ach stoirm amháin ainmnithe ag Met Éireann, Stoirm Aiden ar Oíche Shamhna. Táimid ag ullmhú anois don fhómhair agus don gheimhridh amach romhainn le liosta nua d’ainmneacha stoirme don tséasúr 2021-22 agus do cibé aimsir a d’fhéadfadh teacht i dtír orainn.

“Leanfaidh Met Éireann ag obair arís lenár gcomhghleacaithe sna seirbhísí aimsire náisiúnta sa RA agus san Ísiltír, trí theachtaireacht shoiléir seasta a chur ar fáil don phobal agus trí na daoine a spreagadh chun beart a dhéanamh chun an dochar a chosc dóibh féin nó dá n-áitribh le linn tréimhhsí na doininne.”

Agus lean Evelyn léi:

“Tá an-áthas orainn an mhí seo freisin ár réamhaisnéisí nua aimsire fuaime a chur ar fáil, áit ar féidir le daoine éisteacht leis an réamhaisnéis is déanaí arna eisiúint ag ár bhfoireann réamhaisnéiseoirí Met Éireann.”

Dúirt Will Lang, Ceannaire Seirbhís Náisiúnta Rabhaidh Aimsire Throma ag an Met Office:

 “Seo an seachtú bliain dúinn anois na stoirmeacha a ainmniú lenár gcomhpháirtithe Eorpacha agus táimid ag tnúth le leanúint ag obair in éineacht leo chun an fheasacht a mhúscailt faoi thionchair na drochaimsire d’fhonn cabhrú le daoine ó gach náisiún a choinneáil slán. 

 “Tá a fhios againn go léir faoin drochaimsir a chonacthas ar fud na hEorpa agus ar fud an domhain le déanaí agus táimíd ag obair chun aon uirlis atá ar fáil againn a úsáid chun a chinntiú go gcuirtear an pobal ar an eolas faoi rioscaí atá ann. Is bealach amháin é na stoirmeacha a ainmniú chun a leithéid a dhéanamh.” 

 Mar adúirt Gerard van der Steenhoven, Ard-Stiúrthóir an KNMI:

“Ní chloínn stoirmeacha le teorainneacha na náisiún. Tá ciall le ainmneacha coitianta a thabhairt dá leithéid eachtraí  na hadhaimsire. Leanaimid orainn ag comhoibriú le Met Office na RA agus le Met Éireann maidir le réamhaisnéis na stoirme. Is mór an phribhléid agus an buntáiste dom a bheith ag obair  lenár gcomhghleacaithe as Éirinn agus an Ríocht Aontaithe maidir le cumarsáid faoi na stoirmeacha. Bainfidh gach éinne a théann a leithéid imeachtaí na drochaimsire i bhfeidhm orthu leas as an oabar seo.”

Tá tuilleadh eolais faoi Ainmneacha na Stoirmeacha ar fáil ag ár nGréasán Ionad na Stoirme Met Éireann .

An bhFuil an Aimsir ag Dul in Olcas?

Tá feasacht níos airde anois ar rabhaidh aimsire trí na meáin shóisialta chomh maith leis an Raidió agus an Teilifís traidisiúnta. Cuireadh an fheasacht seo i réimse an phobail trí chódú daite an rabhaidh agus ag an chomhpháirtíocht seo maidir le hainmniú na stoirmeacha.

Tá méadú de thart ar 6% tar éis teacht ar an mbáisteach ar fud na hÉireann le 30 bliain anuas, leibhéal atá i gcomhréir le cumas an atmaisféir tuilleadh taise a choinneáil. Cé go gceaptar go laghdóidh minicíocht na gcioclón san Atlantaigh ó thuaidh , d’fhéadfadh go mbeadh méadú freisin sa domhan seo atá ag dul i dteocht ar líon na stoirmeacha troma a théann i bhfeidhm ar Éirinn, agus go mbeadh tionchair níos dona acu dá bharr. Obair de chuid Met Éireann ar Athrú Aeráide

Seirbhísí Rabhaidh de chuid Met Éireann

 

Tá léarscáil cluaisín 3 lá ar leathanach an Rabhadh Aimsire agus san aip Met Éireann a thaispeánann gach rabhadh a d’fhéadfaí a eisiúint suas le 3 lá amach. Ligeann sé seo cumarsáid agus tuiscint níos soiléire ar chásanna casta na haimsire a d’fhéadfadh dul i bhfeidhm ar Éirinn, go háirithe sa gheimhreadh.

Is féidir liostáil ar ár n-aip chun brú-fhógraí Fón Cliste a fháil le haghaidh na rabhaidh aimsire Met Éireann do chontae/chontaetha roghnaithe. Cuirimid rabhaidh aimsire ar fáil freisin ar sheirbhís sínithe ríomhphoist, a fhaightear ar leathanach rabhaidh an suíomh Gréasáin.

Taispeánann léarscáil na rabhadh ar ár suíomh Gréasáin agus ar ár n-aip rabhaidh aimsire maidir le Tuaisceart Éireann chomh maith, gach uair a eisíonn an UK Met Office iad. Cuireann sé seo foinse ilfhreastail soiléir, údarásach ar fáil chun rochtain éasca agus iontaofa a fháil ar na rabhaidh aimsire is déanaí maidir le hOileán uile na hÉireann.

Is féidir rabhaidh aimsire 3 lá a bheith ar fáil mar gheall ar an uasghrádú suntasach ar an gcóras réamhaisnéise ensemble a bhaintear úsáid as chun cabhrú leis an aimsir a thua.

Podchraoladh Nua Réamhaisnéis na hAimsire

Táimid díreach i ndiaidh réamhaisnéis fuaime nua na haimsire a chur ar fáil go laethúil mar phodchraoladh arna thaifeadadh ag ár réamhaisnéiseoirí aimsire i Met Éireann. Déan cuardach i leith Réamhaisnéis na hAimsire ó Met Éireann ar do sheinnteoir podchraolta – tá sé ar fáil anois ar Apple PodcastsGoogle PodcastsSpotify, Stitcher agus ar go leor seinnteoirí eile.

Is bealach éasca ar ardrochtain é an podchraoladh seo chun réamhaisnéis na haimsire a fháil amach agus tú i mbun taistil. Déantar an réamhaisnéis a huasdátú 3 huair sa lá – ag thart ar 6rn, 1in agus 6in – le mion-réamhaisnéis na haimsire don lá inniu agus anocht, an t-ionchas don tseachtain amach agus sonraí faoi aon rabhaidh aimsire a eisíodh.

Siad Ainmneacha na Stoirme don tséasúr 2021/22 ná: Arwen, Barra, Corrie, Dudley, Eunice, Franklin, Gladys, Herman, Imani, Jack, Kim, Logan, Méabh, Nasim, Olwen, Pól, Ruby, Seán, Tineke, Vergil, Willemien.