Tréimhsí Filleadh ar Theochtaí Nua Ithir d\'Éirinn

Tá aeráid na hÉireann ag athrú. Mar thoradh air sin, mhaoinigh an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta an tionscadal seo chun ‘Mapaí agus sonraí aeráide a nuashonrú chun tacú le caighdeáin dearaidh foirgneamh in Éirinn’. Bhí sé mar aidhm ag an taighde seo léarscáileanna isiteirmeach den teocht ithreach 10cm is ísle a tháirgeadh le haghaidh na dtréimhsí fillte 50, 100 agus 120 bliain le húsáid i ndearadh foirgneamh chun athléimneacht a fheabhsú chun tacú le hoiriúnú don athrú aeráide in Éirinn.

Tháirg Met Éireann na chéad léarscáileanna isiteirmeach de na teochtaí ithreach 10cm is ísle le haghaidh tréimhsí fillte 50, 100 agus 120 bliain d’Éirinn agus iad bunaithe ar an dáileadh foircneach ginearálaithe. Cabhróidh na léarscáileanna seo le dearadh foirgneamh chun athléimneacht a fheabhsú chun tacú le hoiriúnú don athrú aeráide in Éirinn agus ba cheart do pháirtithe leasmhara iad a ghlacadh.

Rachaidh aschuir an taighde seo chun sochair do raon leathan páirtithe leasmhara atá ag comhoibriú faoi láthair le Met Éireann, mar an tÚdarás um Chaighdeáin Náisiúnta na hÉireann agus an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta. Beidh an tuarascáil seo mar bhonn eolais freisin do bheartas maidir le príomhbhonneagar náisiúnta a sheachadadh, mar thithíocht agus athchóiriú foirgneamh.

Táthar ag súil go gcabhróidh an míniú mionsonraithe ar an modheolaíocht a chuirtear ar fáil anseo le rialtóirí glacadh leis na léarscáileanna nua seo ina ndlínsí féin.

 

Isotherms of the lowest 10cm soil temperature (°C) for a 120-year return period in Ireland.

Isiteirmeacha den teocht ithreach 10cm is ísle (°C) ar feadh tréimhse fillte 120 bliain in Éirinn.

Léigh an tuairisc iomlán:

Mateus, C., agus Coonan, B. 2022. Léarscáileanna isiteirmeach den teocht ithreach 10cm is ísle in Éirinn. Nóta clíomeolaíochta Uimh. 19. Baile Átha Cliath: Met Éireann. TUAIRISC.