An t-eolas is déanaí: Taifead Teochta Nua do Mhí Lúnasa Bainte Amach Dhá Lá as a Chéile

Don dara lá as a chéile, baineadh amach taifead teochta sealadach Éireannach nua do mhí Lúnasa ag stáisiún aeráide Met Éireann i nDarú, Co. Laoise, áit ar shroich sé 32.1°C ar an Satharn an 13. Má dhearbhaítear é, sáróidh sé an taifead de 31.7°C (11.8 os cionn an Mheánleibhéil Fhadtéarmaigh do 1981-2010) a baineadh amach an lá roimhe ag Baile an Phaghanaigh, Co. Cheatharlach. Sáraíonn an dá uasteocht sin an taifead uasteochta do mhí Lúnasa in Éirinn, a bhí ag 31.5°C. Baineadh an taifead sin amach ag Baile Briotáis, Co. Laoise in 1975 agus ag Baile an Phaghanaigh in 1995.

Durrow, Co Laois climate station maximum temperature recorded on 13th August 2022

Taifeadadh uasteocht stáisiún aeráide Dharú, Co. Laoise ar an 13 Lúnasa 2022

Rachaidh an taifead nua sin trí nós imeachta dearbhaithe sula n-aithneofar go hoifigiúil é mar uasteocht laethúil aeir is airde na hÉireann a taifeadadh in aon mhí Lúnasa riamh.

I rith an tseala the i Lúnasa 2022, chláraigh seacht dár stáisiúin shionoptacha tonnta teasa, is é sin cúig lá nó níos mó d’uasteocht níos airde ná 25°C.

Heatwave criteria was reached at seven synoptic stations. Length of heatwave included

Baineadh critéir na toinne teasa amach ag seacht stáisiún shionoptacha. Fad na toinne teasa san áireamh

Sháraigh aon stáisiún sionoptach déag a dtaifid uasteochta do mhí Lúnasa. Sháraigh stáisiún amháin, an Chloch Liath, Co. Chorcaí, an taifead teochta is airde riamh aige le 30.6°C.

Synoptic station maximum temperature records broken for August

Sháraigh stáisiún sionoptach an taifead uasteochta aige do mhí Lúnasa

Bhí an méid seo a leanas le rá ag Keith Lambkin, Ceann Rannóg Seirbhísí Aeráide Met Éireann: “Cé go raibh imeachtaí teasa mhillteanaigh ag Éirinn in 2022, má fheictear ar thréimhse níos faide, feictear go bhfuil treocht i dteochtaí aimsire na hÉireann. Feiceadh teochtaí os cionn ghnáththeochtaí na 1970idí i rith fiche d’fhiche a haon bliain na haoise seo, agus tuarann samhlacha aeráide go leanfaidh an treocht sin.”

Taifid Adhaimsire d’Éirinn

 Fíor: Teocht aeir bhliantúil na hÉireann ó 1900 go 2021

Fíor: Teocht aeir bhliantúil na hÉireann ó 1900 go 2021