Ag Seoladh trí Fharraigí Garbha

Tá áthas ar Met Éireann agus Soilse na hÉireann comhfhiontar a fhógairt a fheabhsóidh ár dtuiscint ar Uiscí Cósta na hÉireann, agus an aidhm aige sábháilteacht a fheabhsú d’áitritheoirí cósta agus mairnéalaigh.

Tá sábháilteacht an mhairnéalaigh agus an phobail ag croílár Shoilse na hÉireann agus Met Éireann óna mbunú os cionn 235 agus 85 bliain ó shin faoi seach. Tá na farraigí a thimpeallaíonn oileán na hÉireann ag athrú i gcónaí de bharr thionchar an athraithe aeráide agus tá an dá eagraíocht ag dul in oiriúint trí sheirbhísí breise a fhorbairt. I gcomhréir le Plean Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Tuarascáil ar Stádas Aeráide na hÉireann 2020 de chuid an rialtais, tá gá cur lenár dtuiscint ar na farraigí atá cóngarach dúinn, staid na dtonnta timpeall ar chósta na hÉireann san áireamh.

Ag seoladh ar an 1 Feabhra, Lá Fhéile Bríde, Éarlamh na Mairnéalach, an rud a bheidh sa triail ná baoithe seoltóireachta reatha a oibríonn Soilse na hÉireann a chur in oiriúint le braiteoirí nua toinne, rud a thabharfaidh sonraí meitéareolaíocha agus hidreagrafacha beagnach fíor-ama, ar a ndéantar rialúchán caighdeánach, ar mhaithe le tairbhe na bpáirtithe leasmhara i limistéir chósta.

Tá an mhéid seo a leanas le rá ag Ronan Boyle, Stiúrthóir na Seirbhísí Ríomhsheoltóireachta agus Muirí le haghaidh Soilse na hÉireann: “Tá áthas ar Shoilse na hÉireann tacú leis an triail seo le Met Éireann, triail atá ailínithe go cóngarach lenár bhFís de bheith ag cosaint saolta, réadmhaoine, gnó agus an chomhshaoil trí sheirbhísí muirí den chéad ghlúin eile a chur ar fáil. Táimid ag súil le críoch rathúil na tréimhse trialaí seo agus leis an líonra monatóireachta seo a leathnú amach anseo, seans, do shábháilteacht gach duine”.

Úsáidfidh Rannóg Réamhaisnéise Tuile Met Éireann na sonraí ó bhaoithe seoltóireachta Shoilse na hÉireann chun córais shamhla réamhaisnéise chósta a fhorbairt ar mhaithe le réamhaisnéis taoide, borrtha stoirme agus toinne d’Éireann.  Beidh buntáiste leis na sonraí beagnach fíor-ama sin a shealbhú don Rannóg Réamhaisnéise Tuile roimh, i rith agus tar éis imeachtaí tuile. Tacóidh an fhaisnéis mheitéareolaíoch agus hidreagrafach sin a sholáthróidh Soilse na hÉireann le páirtithe leasmhara cinntí bunaithe ar thionchar a dhéanamh agus gníomhaíochtaí a chosnóidh i gcoinne cailleadh saoil agus damáiste do réadmhaoin agus don chomhshaol a laghdú.

Tá an mhéid seo a leanas le rá ag Rosemarie Lawlor, Hidrimeitéareolaí ag Met Éireann: “Is céim spreagúil thosaigh é an comhoibriú tábhachtach seo a fhorbraíonn ár gcumas. Cabhróidh sé linn cur lenár dtuiscint ar fharraigí agus cóstaí na hÉireann agus leanann sé d’obair riachtanach a dhéanamh ar shábháilteacht ár gcósta agus suíomhanna mara a fheabhsú”.

 

Baoi Bhaile an Bhuinneánaigh á scaoileadh ó chraein i nDún Laoghaire, réidh le tarraingt chuig long Shoilse na hÉireann ILV Granuaile

Baoi Bhaile an Bhuinneánaigh á scaoileadh ó chraein i nDún Laoghaire, réidh le tarraingt chuig long Shoilse na hÉireann ILV Granuaile

Is iad na ceithre bhaoi seoltóireachta de chuid Shoilse na hÉireann atá páirteach sa triail ná baoi Bhaile an Bhuinneánaigh (Inbhear na Sionainne)*, baoi Fhinnis (Cuan na Gaillimhe), baoi South Hunter (Latharna) agus baoi Splaugh (Ros Láir)

Roinntear an tionscadal i dtrí chéim:

  1. Soláthar agus Tástáil,
  2. Imlonnú, agus
  3. Triail

Mar chuid de chéim a haon, sholáthair agus chuir Met Éireann braiteoirí toinne ar fáil do Shoilse na hÉireann, chomh maith le logálaithe sonraí agus móideimí dá mbaoithe seoltóireachta. Tá próiseas nua rialaithe cáilíochta forbartha ag Met Éireann i gcomhar le Soilse na hÉireann agus Foras na Mara le haghaidh na sonraí a thástáil ag céim a trí. Shuiteáil, thástáil agus choimisiúnaigh Soilse na hÉireann na braiteoirí ar gach baoi le cúpla mí anuas le tarchur sonraí a chumasú.

I gcéim a dó, d’imlonnaigh Soilse na hÉireann an trealamh agus táimid ag dul isteach i gcéim a trí faoi láthair, an triail. Tá tús curtha le tarchur sonraí ó na baoithe. Tá na braiteoirí nua ag tomhas tonnairde, tonntréimhse agus tonntreo. Déanfar na sonraí a thástáil agus a dhearbhú agus déanfar rialú cáilíochta orthu lena chinntiú go bhfuil siad oiriúnach don fheidhm mar chuid de chéim a trí.

Faoi láthair tá na sonraí sin ar fáil go hoscailte, beagnach i bhfíor-am, ar na suíomhanna gréasáin seo a leanas:

Cuirfidh na tonnsonraí beagnach fíor-ama staid reatha na dtonnta ag na suíomhanna imlonnaithe ar fáil d’úsáideoirí deiridh.

 

Mapa Baoi Shoilse na hÉireann

Mapa Baoi Shoilse na hÉireann