Aimsir mheasctha do Dheireadh Seachtaine na Cásca

5 Aibreán 2023

Beidh an aimsir do dheireadh seachtaine na Cásca measctha agus beidh aershreabhadh Atlantach mar bhonn le roinnt báistí uaireanta.
Beidh Aoine an Chéasta go breá ach ina dhiaidh sin beidh an aimsir níos scamallaí agus titfidh roinnt báistí i rith an deireadh seachtaine. Beidh sé níos gaofaire freisin ar Dhomhnach Cásca, agus beidh meascán de cheathanna agus de thréimhsí grianmhara le tabhairt faoi deara ar Luan Cásca. Tríd is tríd, beidh an aimsir is tirime le tabhairt faoi deara in oirthear na tíre. Beidh na teochtaí mar a bheifí ag súil don am den bhliain agus beidh an Aoine sách séimh nuair a bheidh an ghrian ag taitneamh ach tríd is tríd, beidh sé sách fionnuar. Ba cheart a chur in iúl do gharraíodóirí go bhféadfadh roinnt sioc aeir a bheith ann oíche Déardaoin/go luath maidin Aoine.

 

“Beidh an aimsir is fearr ar fud na tíre i rith shaoire na Cásca le tabhairt faoi deara ar Aoine an Chéasta. Beidh sé tirim agus geal sa chuid is mó den tír, agus seans go dtitfidh corr múr báistí anseo is ansiúd. Beidh na teochtaí idir 11 agus 14 céim agus is gaoth éadrom ó dheas a bheidh ag séideadh” dar leis an réamhaisnéiseoir Linda Hughes.

“Beidh sé tirim go leor den am freisin, san oirthear i rith dheireadh seachtaine na Cásca, ach tríd is tríd beidh sé sách scamallach agus beidh ráigeanna báistí scaipthe le tabhairt faoi deara mar aon le báisteach throm uaireanta ag teacht isteach ón Atlantach” a deir Linda. “Beidh na gaotha aneas éadrom den chuid is mó ar an Satharn, ach éireoidh sé níos fionnuaire i rith Dhomhnach Cásca agus is lá fionnuar, gaofar a bheidh ann’.

Beidh Luan Cásca geal agus gaofar agus beidh roinnt tréimhsí gréine ann agus titfidh múrtha báistí anseo is ansiúd.

Beidh na teochtaí lae do dheireadh seachtaine na Cásca idir 10 agus 14 chéim nó mar sin, agus tá an chuma ar an scéal gurb é an Satharn an lá is fuaire. Beidh na teochtaí oíche idir 5 agus 8 gcéim de ghnáth

Táthar ag súil go leanfar leis an gcóras Atlantach measctha seo an tseachtain seo chugainn agus an deireadh seachtaine seo chugainn rud atá léirithe sa treoir tuartha maidir le haershreabhadh atá curtha ar fáil ag LERAM (An Lárionad Eorpach do Réamhaisnéisí Aimsire Meánraoin).

Má tá sé beartaithe agat a bheith amuigh faoin aer an deireadh seachtaine seo, ag fánaíocht, ag rothaíocht nó díreach ag spaisteoireacht ar an trá, déan cinnte go gcoinníonn tú súil ar réamhaisnéis logánta trí úsáid a bhaint as Aip Met Éireann agus cuardaigh ár ngné nua teochtaí ‘cosúil le’, podchraoltaí laethúla agus réamhaisnéis sléibhte.

Updated hourly forecast on the Met Éireann app

Réamhaisnéis nuashonraithe gach uair an chloig ar aip Met Éireann.

 

Met Éireann app menu

Roghchlár aip Met Éireann le ciorcal mórthimpeall ar mhíreanna nua