Taifeadadh an Teocht is Airde in Éirinn ó 1887

**An t-eolas is déanaí ag 1600 ar an Luan**

Athrú Aeráide agus Teas Millteanach – Iúil 2022

Le scór éigin bliain anuas, táimid tar éis méadú a fheiceáil i minicíocht, fad agus déine na haimsire millteanaí te i bhformhór cheantair talún an domhain. Is é an t-athrú aeráide a chruthaigh an cine daonna agus a tháinig ó thruailliú gás ceaptha teasa atá taobh thiar den mhéadú i dteas millteanach sin. 

Tá Páirc an Fhionnuisce tar éis an teocht is airde a thaifeadadh go sealadach ónar osclaíodh an stáisiún aimsire go luath sna 1880idí, ag baint 33.0°C amach ar an Luan an 18 Iúil 2022 thart ar 3:30pm, teocht atá:

 

  • 8°C os cionn an mheánleibhéil fhadtéarmaigh (MLFT)
  • ar an dara teocht is airde ar taifead in Éirinn, 0.3°C faoin taifead is airde riamh de 33.3°C a tuairiscíodh ag Caisleán Chill Chainnigh ar an Domhnach an 26 Meitheamh 1887
  • ar an teocht is airde sa 21ú haois – ag sárú thaifead 32.3°C Ail Finn, Co. Ros Comáin ar an gCéadaoin an 19 Iúil 2006
  • níos airde ná aon teocht sa 20ú haois, arbh é 32.5°C ag an mBuarach, Co. Uíbh Fhailí, ar an Máirt an 29 Meitheamh 1976
  • ar an teocht is airde a taifeadadh riamh i mBaile Átha Cliath 

Áirítear Dún Samhnaí, Co. na Mí, ag 30.2°C (10.7°C os cionn a MLFT), agus an Muileann gCearr, Co. an hIarmhí ag 30.4°C (11.2°C os cionn a MLFT) ar na stáisiúin eile a thaifead na teochtaí is airde riamh go sealadach. 

Tá ceann de na samhraí is teo agus is tirime riamh ar taifead ag tarlú san Eoraip faoi láthair, le falscaithe forleathana, básanna iomarcacha agus ganntanais uisce sa Spáinn, sa Fhrainc agus sa Phortaingéil. Thuairiscigh an RA a chéad rabhadh aimsire dearg riamh do theas millteanach agus an cumas ag teochtaí dul chomh hard le 40°C i roinnt áiteanna.

Cé go dtarlaíonn teas millteanach te in athraitheachtaí aeráide nádúrtha, is éifeacht dhíreach na hathraithe aeráide iad na cineálacha teochtaí millteanacha atá againn san Eoraip. Tá an méid seo a leanas le rá ag Keith Lambkin, Ceann Rannán Seirbhísí Aeráide Met Éireann: “De dheasca an athraithe aeráide, táimid ag súil le tonnta teasa níos faide, níos minice agus níos déine ná mar a bhí againn. Méadaíonn an méadú teasa sin an seans atá ann go mbrisfear taifid teochta.”

An Teocht is airde ar taifead in Éirinn

33.3°C Cill Chainnigh (Caisleán Chill Chainnigh) an 26 Meitheamh 1887


Tuartar teas brothallach ón 17 go dtí an 19 Iúil – cad ar cheart go mbeifí ag súil leis

Agus tonn teasa síoraí ag scaladh na hEorpa an samhradh ar fad, bhí samhradh an-mheasartha againn in Éirinn. Thar an chéad chúpla lá eile, áfach, cabhróidh meascán d’fhachtóirí leis na hardteochtaí sin a stiúradh inár dtreo ar feadh seal gairid de theochtaí teo.

Cad is cúis leis?

ECMWF-Temperature-and-geopotential-height-forecast.

Teocht ECMWF agus réamhaisnéis airde geophoitéinsil.

Teocht ECMWF agus réamhaisnéis airde geophoitéinsil.I dtús báire, leathnóidh sciar d’Ardbhrú na nAsór ón iardheisceart ar fud na hÉireann don deireadh seachtaine. Ardóidh sé teochtaí ach coimeádfaidh sé an t-aer níos teo sa deisceart. Agus an t-ardbhrú ag gluaiseacht i dtreo an oirthir, stiúrfaidh an bogadh frithchioclónach, nó an bogadh deiseal, aer suas ón oirdheisceart, ach an rud is mó a chuireann leis ná an tslí a idirghníomhaíonn sé le córas lagbhrú atá ag forbairt amach ó chósta na Portaingéile agus ag gluaiseacht ó thuaidh de réir a chéile. Cruthóidh sreabhadh cioclónach nó tuathalach an lagbhrú, ag obair le sreabhadh frithchioclónach an ardbhrú, borradh láidir aeir the idir an dá chóras. Brúfaidh sé sin an t-aer te i dtreo na hÉireann, ag bogadh an aermhais a thug teochtaí neamhghnácha léi go dtí an Eoraip, i dtreo na hÉireann.

Cad iad na teochtaí ar cheart go mbeimis ag súil leo?

Agus an t-ardbhrú ag teacht isteach ar an Aoine agus an Satharn, beidh na hardteochtaí idir na 20idí ísle agus arda go ginearálta. Beidh roinnt scamall uachtarach ag amanna, rud a dhéanfaidh taitneamh na gréine píosa beag ceobhránach agus tá seans go mbeidh roinnt ceathanna ann freisin.

Agus an t-ardbhrú ag gluaiseacht beagáinín i dtreo an oirthir ar an Domhnach, ardóidh teochtaí go dtí lár na 20idí nó na 20idí arda le teochtaí ag sárú 30 in áiteanna ar an Luan. Níl réamhaisnéis shoiléir ann don Mháirt ach is cosúil go mbeidh lá te eile againn agus tá seans ann go mbeidh sé chomh te nó níos teo ná an Luan. Agus an t-aer te sin ag bogadh inár dtreo tá seans ann go mbeidh cúpla ráig toirní ann, go háirithe ar an Máirt.

 

Maximum temperatures Saturday to Sunday

Uasteochtaí, Satharn go Domhnach – ECMWF

Maximum temperatures Sunday to Monday

Uasteochtaí, Domhnach go Luan – ECMWF

Maximum temperatures Monday to Tuesday

Uasteochtaí, Luan go Máirt – ECMWF

Maximum temperatures Tuesday to Wednesday

Uasteochtaí, Máirt go Céadaoin – ECMWF

Agus teochtaí ag ardú as cuimse, tá sé tábhachtach dóthain a ól agus a bheith Cliste faoin nGrian, ainmhithe san áireamh chomh maith linn féin. Bí ullamh agus cuimhnigh ar Bí Ullamh don Samhradh

Beidh teocht na hoíche an-te agus an-tais freisin. Ní dócha go mbeidh teochtaí ar an Domhnach agus an Luan ag titim faoi bhun na déaga lár go harda; i roinnt áiteanna b’fhéidir nach dtitfidh siad faoi bhun 20°C, rud a dtugtar Oíche theochriosach air.

Rabhadh Stádas Buí d’Ardteocht Eisithe

Tá rabhadh Stádas Buí d’Ardteocht eisithe againn d’Éirinn.

Ar an Domhnach, ar an Luan agus ar an Máirt, beidh aimsir the as an ngnáth ar fud na hÉireann, le teochtaí lae idir 25 go 30 céim go ginearálta agus b’fhéidir chomh hard le 32 céim in áiteanna ar an Luan. Beidh teochtaí istoíche idir 15 agus 20 céim.

Tionchair:

  • Strus teasa, go háirithe dóibh siúd sa daonra atá níos mó i gcontúirt
  • Innéacs UV ard
  • Riosca d’eachtraí san uisce

Féach Fógra maidir le Dainséar Dóiteáin  de chuid na Roinne Talmhaíochta, Bia agus Mara agus léigh an chomhairle shábháilteachta iomlán ar www.gov.ie/summerready

 

An Cliseadh

Faoi láthair, meastar go dtarlóidh an cliseadh ar oíche Mháirt agus ar an gCéadaoin agus an córas lagbhrú ag gluaiseacht suas thar na tíre, rud a thabharfaidh aer níos fionnuaire leis ón iarthar don chuid eile den tseachtain. Tabharfaidh sé seo roinnt dálaí fliucha leis ar an gCéadaoin freisin.