Nuashonraithe Dé hAoine, an 30 Eanáir 2026, i bhfeidhm go dtí go bhfógrófar a mhalairt
Tar éis seachtaine de bháisteach leanúnach, tá go leor aibhneacha ag leibhéal a mbruacha nó os a gcionn, agus tá ardú suntasach tagtha ar leibhéil na n-aibhneacha agus ar charnadh uisce dromchla mar thoradh ar an mbáisteach.
Tá ithreacha sáithithe nó leathbháite i go leor áiteanna ar fud na tíre, rud a mhéadaíonn an baol tuilleadh tuilte abhann agus tuilte de bharr uisce dromchla. Meastar go mbeidh tuilte abhann agus tuilte de bharr uisce dromchla mar thoradh ar aon bháisteach bhreise inniu agus i rith an deireadh seachtaine, go háirithe i lár na tíre agus i gcontaetha an oirdheiscirt, an oirthuaiscirt agus an oirthir. Meastar go rachaidh aibhneacha thar a mbruacha agus go bhféadfadh craobh-aibhneacha cuir thar bruach níos tapúla.
Tá foláireamh buí báistí i bhfeidhm do chontaetha san oirdheisceart, san oirthuaisceart agus san oirthear ó mheán lae Dé hAoine, an 30 Eanáir, go dtí meán oíche. Moltar go láidir súil ghéar a choinneáil ar an aimsir agus ar eolas ó d’údarás áitiúil.
Féach ar Fholáirimh agus ar Chomhairle ar met.ie chun na sonraí is déanaí faoi na foláirimh a fháil.
Ó lá amárach (Dé Sathairn), éireoidh an aimsir níos tirime chomh fada le Dé Domhnaigh agus don chéad chuid den Luan. Beidh báisteach nó ceathanna ann fós, ach beidh siad níos éadroime agus níos scaipthe i gcoitinne. Beidh na tréimhsí geala nó grianmhara is fearr ann Dé Domhnaigh. Beidh na gaotha lag den chuid is mó freisin, cé go n-éireoidh siad beagán níos láidre Dé Luain agus seans ann go dtiocfaidh tuilleadh báistí aníos ón deisceart níos déanaí sa lá.
…………………………………………………………………………………………………………………..
Foilsithe Déardaoin, an 29 Eanáir 2026
Forbhreathnú
I bhfianaise na báistí le déanaí, leibhéil na n-aibhneacha agus na ndálaí atá ann cheana, tá seans ann go mbeidh tuilleadh tuilte in áiteanna sna laethanta amach romhainn. Faoi láthair, tá foláirimh bháistí eisithe don lá inniu (Déardaoin) agus don lá amárach (Dé hAoine). Cé go bhfuil roinnt neamhchinnteachta fós sa réamhaisnéis aimsire, go háirithe maidir le Dé hAoine, d’fhéadfadh fiú méideanna báistí faoi bhun na dtairseach foláirimh tionchair shuntasacha a chruthú.
An Scéal ar an Talamh
Ba bháisteach rialta agus imeachtaí báistí an-áitiúla is mó a bhí i gceist le mí Eanáir. Léiríonn an íomhá thíos na méideanna báistí os cionn an mheáin a taifeadadh ar fud na tíre le seacht lá anuas, agus na diallais is mó ón meán le sonrú sa deisceart agus san oirthear.

Fíor 1: Báisteach: Na seacht lá atá caite
Tar éis na báistí le déanaí, tá go leor aibhneacha ag leibhéal a mbruacha nó os a gcionn. Mar gheall ar an mbáisteach sin, i gcomhar le hithreacha sáithithe, tá ardú suntasach tagtha ar leibhéil na n-aibhneacha agus ar charnadh uisce dromchla, go háirithe san oirdheisceart agus san oirthear.
Neamhchinnteacht maidir le Dé hAoine
Tá sé tuartha go rachaidh córas tánaisteach ísealbhrú, atá fós ag forbairt, gar don tír Dé hAoine. Mar sin féin, tá neamhchinnteacht mhór fós ann maidir leis an gconair a ghlacfaidh an córas seo agus, dá réir sin, maidir leis na méideanna báistí a bhaineann leis.

Fíor 2 Scairdsruth agus MSLP de réir ECMWF
Tá réamhaisnéis chinntitheach dhomhanda ECMWF ag tuar go ngabhfar an córas i limistéar imeachta clé an Scairdsrutha, rud a ligfidh dó doimhniú go tapa. Mar sin féin, tuartar go mbeidh sé suite ar imeall an Scairdsrutha, agus dá bhrí sin d’fhéadfadh fiú athrú beag ar a shuíomh toradh an-difriúil a thabhairt.

Fíor 3 Baill aonair DINI-EPS ag taispeáint báisteach in aghaidh na huaire

Fíor 4 Carnadh báistí thar 12 uair an chloig ó DINI-EPS don Aoine
Léiríonn córas réamhaisnéise ensemble Met Éireann (DINI-EPS) raon torthaí féideartha don bháisteach a bhaineann leis an gcóras seo. Cé nach sárófar na tairseacha foláirimh i ngach áit, is dócha go mbeidh tuilte ann fós. Tá foláireamh buí báistí eisithe mar gheall ar an bhféidearthacht go mbeidh tuilleadh báistí troma agus ceathanna i gceantair a ndeachaigh tuilte suntasacha i bhfeidhm orthu cheana féin de bharr Stoirm Chandra.
An Bháisteach atá Tuartha sna laethanta amach romhainn agus an Baol Tuilte
Faoi láthair, tá foláirimh bháistí i bhfeidhm don lá inniu (Déardaoin) agus don lá amárach (Dé hAoine) do cheantair san oirdheisceart, san oirthuaisceart agus san oirthear. Tá go leor aibhneacha san oirdheisceart, san oirthear agus san oirthuaisceart ag leibhéal a mbruacha nó os a gcionn, agus tá leibhéil arda sna haibhneacha i gcoitinne i gceantair eile. Tá ithreacha sáithithe agus báite in uisce i go leor áiteanna, agus ní mheastar go mbeidh mórán feabhais ar dhálaí na hithreach sna laethanta amach romhainn. D’fhéadfadh aon bháisteach bhreise, go háirithe san oirdheisceart, san oirthuaisceart agus san oirthear, tuilleadh tuilte abhann a chruthú. Is iad na dobharcheantair a mbíonn tionchar orthu go luath, agus na dobharcheantair sléibhtiúla is mó atá i mbaol.
I bhfianaise na neamhchinnteachta maidir le Dé hAoine, tá raon leathan méideanna báistí féideartha ann. Mar sin féin, cuireann réamhaisnéisí ensemble treoir fhoriomlán ar fáil trí mheánmhéideanna báistí a mheas. Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara gur meán de bhaill ensemble iad na figiúirí thuas agus, dá bhrí sin, go bhféadfadh na méideanna báistí iarbhír a bheith níos airde nó níos ísle.

Fíor 5 Meáncharnadh báistí ensemble ECMWF ón Déardaoin go Dé Luain agus an dá lá sin san áireamh
Léiríonn na samhlacha comhartha láidir go mbeidh formhór na báistí go dtí Dé Luain san oirdheisceart agus san oirthear, na ceantair inar taifeadadh na méideanna báistí is mó le cúpla lá anuas.
Cé go bhfuiltear ag súil le tréimhsí níos tirime i rith an deireadh seachtaine, tá roinnt aibhneacha agus dobharcheantar a bhfuil tionchar níos moille orthu, agus dá bhrí sin d’fhéadfadh tionchair mhoillithe a bheith ann.
Comhairle Sábháilteachta don Phobal
- Coinnigh súil ar réamhaisnéisí Met Éireann mar d’fhéadfadh na coinníollacha athrú go tapa. Tabhair cuairt ar https://www.met.ie/ chun an t-eolas is déanaí a fháil. Tá eolas ar fáil freisin tríd an Aip Met Éireann, ar na meáin shóisialta (@meteireann) agus i bhfeasacháin Met Éireann.
- Féach ar shuíomhanna gréasáin agus ar chainéil mheán sóisialta na n-údarás áitiúil chun eolas a fháil faoi dhúnadh bóithre, nuashonruithe maidir le tuilte agus foláirimh phobail.
- Cuir moilleanna san áireamh agus tú ag taisteal. Cuir am breise ar leataobh don turas agus laghdaigh do luas.
- Cuir uisce dromchla, smionagar agus droch-infheictheacht san áireamh agus tú ar an mbóthar.
- Ná téigh thar chomharthaí Bóthar Dúnta – tá an bóthar amach romhat neamhshábháilte, d’fhéadfadh an damáiste a bheith i bhfolach faoin uisce, agus d’fhéadfá do bheatha a chur i mbaol.
- Ná tiomáin trí uisce tuilte – cas ar ais agus bain úsáid as bealach eile.
- Seiceáil le hOibreoirí Iompair agus tú ag pleanáil turais
- Fan amach ó bhruacha abhann, sruthchúrsaí agus canálacha mar d’fhéadfadh leibhéil uisce ardú go tapa.
- Coinnigh leanaí agus peataí amach ó uiscebhealaí agus ó limistéir faoi thuilte.
- Fan amach ó imeall an chósta, ó chalafoirt, ó chéanna agus ó phromanáidí ísle le linn na hardtaoide.
- Tá comhairle Gharda Cósta na hÉireann mar a bhí: “Fan Siar, Fan Ard, Fan Tirim.”
- Déan cinnte go bhfuil comharsana, daoine scothaosta agus aon duine eile a bhféadfadh cúnamh a bheith ag teastáil uathu slán, go háirithe má théann na coinníollacha in olcas.
- Tá an t-eolas is déanaí faoin bhfreagairt do Stoirm Chandra ar fáil ag https://www.gov.ie/en/department-of-the-taoiseach/news/storm-response/
Iarmhairtí Stoirm Chandra: An Scéal ar an Talamh, an Neamhchinnteacht, an Bháisteach atá Tuartha agus an Baol Tuilte

Eolas Fúinn