Socraithe agus tirim go príomha sa tréimhse roimh Lá Nollag

Leanfaidh brú ard orainn ag coinneáil ár n-aimsire socraithe agus tirim den chuid is mó tríd an deireadh seachtaine seo agus isteach i laethanta tosaigh Sheachtain na Nollag, cé go bhfuil roinnt comharthaí ann go mbeidh aimsir níos neamhshocraithe ann ó lár na seachtaine ar aghaidh agus b’fhéidir ag éirí níos fuaire thar dheireadh seachtaine na Nollag.

Dúirt meitéareolaí Met Éireann, Deirdre Lowe: “Bainfidh an chuid is mó againn sult as aimsir thirim chiúin roimh an Nollaig, beidh sé measartha scamallach agus feicfidh roinnt spotaí ceo beag fánach nó ceochán i scamall níos doimhne. Rachaidh sé beagán níos fuaire i rith an deireadh seachtaine freisin, agus teocht an lae idir 6 agus 9 Celsius.”

“Fanfaidh sé measartha scamallach i rith na n-oícheanta agus ba cheart go gcoinneodh sé an sioc, cé nach féidir a chur as an áireamh an paiste corr sioc nuair a fhorbraíonn spéartha níos soiléire.”

Leanfaidh an aimsir shocraithe seo ar aghaidh go laethanta tosaigh na seachtaine seo chugainn, cé go bhfuil an chosúlacht ar an scéal go laghdóidh an brú ard de réir a chéile ó thart ar lár na seachtaine ar aghaidh, rud a fhágfaidh go mbeidh ár n-aimsir níos suaite agus muid ag druidim le Lá Nollag. Cé go bhfuil roinnt mhaith éiginnteachta sa réamhaisnéis, tá roinnt comharthaí ann go mbeidh aer níos fuaire á tharraingt ar fud na tíre thar dheireadh seachtaine na Nollag.

Lean an meitéareolaí Deirdre Lowe ar aghaidh: “Tá sé ró-luath fós a rá le cinnteacht cén aimsir ar féidir linn a bheith ag súil leis ar Lá Nollag. Faoi láthair tá an chuma air go gcuirfear brú íseal in ionad an ardbhrú blocála atá ann faoi láthair, rud a mhéadóidh an seans go mbeidh aimsir neamhshocraithe. Tá roinnt comharthaí luatha ann freisin go bhféadfadh tréimhse fuar a bheith ann thar thréimhse na Nollag ach tá sé fíorchinnte fós, mar sin coinnigh súil ar réamhaisnéis Met Éireann is déanaí.”


Eipeasóid ‘Nollaig Bhán’ Podchraoladh Met Éireann

Éist siar lenár gclár Nollaig Bhán  2019 de Phodchraoladh Met Éireann  áit a mbeidh Liz agus Noel ag tochailt gach rud sneachta! Cloisimid faoi cé chomh minic agus a fhaigheann muid Nollaig gheal, cé chomh minic agus a thiteann sneachta go ginearálta, agus déanaimid athbhreithniú ar chuid de na himeachtaí móra sneachta suntasacha a tharla in Éirinn agus ar fud an domhain.

Agus féach ar an eipeasóid is déanaí de phodchraoltaí atá díreach eisithe – pléann ár meitéareolaithe COP26, Stoirm Barra agus Réamhaisnéis na hAimsire Geimhridh. Liostáil le Podchraoladh Met Éireann cibé áit a bhfaigheann tú do phodchraoltaí.


Beag beann ar an gcineál aimsire a bheidh ann, lean an chomhairle sláinte poiblí agus cabhraigh le gach duine a choinneáil sábháilte ó COVID-19.

Má theastaíonn an réamhaisnéis 7-lá, gach uair an chloig is beaichte agus is cothroime le dáta uait le haghaidh do cheantair áitiúil ar Oileán na hÉireann tabhair cuairt ar met.ie. Tá na treoracha agus na rabhaidh aimsire is déanaí d’Éirinn le fáil ar leathanach Rabhaidh Met Éireann. Tá na seirbhísí seo agus tuilleadh seirbhísí nach iad le fáil ar ár n-aip saor in aisce – atá ar fáil ar an App store le haghaidh an iPhone, agus ar an Play store le haghaidh Android. Leann muid ar  Twitter agus Facebook má theastaíonn eolas breise uait maidir le cúrsaí aimsire agus aeráide.