Alternative low-bandwidth version Skip to main content

Deireadh le cur leis an samhradh meitéareolaíoch le haimsir thirim, ghrianmhar agus shocair - Déardaoin, an 26 Lúnasa 2021

Leanfar leis an réimse ardbhrú a bheidh mar bhonn le tréimhse d’aimsir shocair ag deireadh an tsamhraidh mheitéareolaíoch, agus beidh an aimsir tirim den chuid is mó agus beidh tréimhsí fada de ghrian an tsamhraidh.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag an meitéareolaí Paul Downes: “Ó tharla réimse ardbhrú a bheith os cionn na hÉireann, agus nach bhfuil aon chórais lagbhrú in aice leis an tír, tá tréimhse thirim, the agus shocair amach romhainn.”

“Is é inniu (Déardaoin, an 26 Lúnasa) an lá is teo an tseachtain seo agus beidh na teochtaí idir 21 agus 26 céim. Beidh fronta lag fuar in oirthuaisceart na hÉireann gar do chóstaí an oirthir anocht agus amárach, a bheidh mar bhonn le haershreabh beagán níos fuaire sa taobh thoir agus thoir thuaidh ar an Aoine agus i rith an deireadh seachtaine. Beidh na teochtaí fós sna déaga arda agus sna 20idí ísle go ginearálta i rith an deireadh seachtaine agus beidh tréimhsí maithe gréine ann rud a chiallóidh go mbeidh críoch deas ó thaobh na haimsire de á chur leis an samhradh.”

Bhí an méid seo a leanas le rá ag Paul freisin: “Cé go mbeidh sé tirim don chuid is mó den deireadh seachtaine, d’fhéadfadh go mbeadh roinnt scamall sa spéir mar aon le brádán agus ceathanna éadroma, go háirithe i dtuaisceart na tíre.  Beidh sé níos fuaire ar chóstaí nochta freisin.”

Leanfaidh tréimhsí fada gréine dheireadh an tsamhraidh an tseachtain seo chugainn, ach ag tús na seachtaine seo chugainn titfidh na teochtaí go leibhéal na ngnáth-theochtaí agus beidh na teochtaí ard, i lár na ndéaga agus sna ndéaga arda, mar gheall ar aermhais beagán níos fuaire a thiocfaidh inár dtreo ó Chríoch Lochlann.

 

Cairt anailíse ar a dtaispeántar brú agus aermhais ó 06 UTC Déardaoin, an 26 Lúnasa

Cén fhad a mhairfidh an tréimhse shocair?

Cé go bhfuil gach seans ann go bhféadfaí miondealú a dhéanamh ar ardbhrú ar fud na hÉireann níos déanaí sa tseachtain, baineann roinnt éiginnteachta fós le cúrsaí aimsire de bhrí go mbraitheann an méid a tharlaíonn ar an méid atá ag tarlú san Atlantach Meánchriosach.  Is féidir an nasc aimsire domhanda a nascadh go soiléir de bhrí go bhféadfadh éifeachtaí iarmhartacha a bheith ag forbairt i réigiún an Atlantaigh thrópaicigh ar na domhanleithid níos airde, cosúil le tuaisceart na hEorpa.  Ainneoin nach bhfuil aon fhianaise ann faoi láthair go mbeidh tionchar díreach ag stoirmeacha atá ag forbairt ar Éirinn an tseachtain seo chugainn, d’fhéadfadh na himpleachtaí díreacha cur isteach ar ár bpatrúin aimsire, de bhrí go dtógann córais thrópaiceacha teas ó dhromchlaí mara te na dtrópaicí, agus go scaoileann siad isteach san atmaisféar é. Cuireann sé seo isteach ar an sreabhadh agus athraíonn sé luas an scairdsrutha, a mbeadh tionchar aige ar phatrúin aimsire thuaisceart na hEorpa.

 

Íomhá satailíte ar a léirítear forbairtí aimsire san Atlantach ar an Déardaoin, an 26 Lúnasa. Foinse: NOAA

Tá an ghrian fós láidir i mí Lúnasa agus ag tús mhí Mheán Fómhair agus go ginearálta beidh na leibhéil UV measartha nó ard, rud a chiallaíonn gur cheart duit céimeanna #SunSmart Éire na Sláinte a leanúint:

 

Céimeanna SunSmart Éire na Sláinte

An Samhradh Beag é seo?

Úsáidtear an téarma Samhradh Beag uaireanta chun tagairt a dhéanamh do thréimhse d’aimsir the agus shéimh i rith mhíonna an fhómhair, idir Meán Fómhair agus Samhain de ghnáth.  De bhrí go bhfuilimid fós i lár an tsamhraidh mheitéareolaíoch, níl sa tréimhse aimsire seo ach aimsir an tsamhraidh, agus cuirtear tús leis an bhfómhar meitéareolaíoch ar an 1 Meán Fómhair.


Beag beann ar an gcineál aimsire a bheidh ann, lean an chomhairle sláinte poiblí agus cabhraigh le gach duine a choinneáil sábháilte ó COVID-19.

Má theastaíonn an réamhaisnéis 7-lá, gach uair an chloig is beaichte agus is cothroime le dáta uait le haghaidh do cheantair áitiúil ar Oileán na hÉireann tabhair cuairt ar met.ie. Tá na treoracha agus na rabhaidh aimsire is déanaí d’Éirinn le fáil ar leathanach Rabhaidh Met Éireann. Tá na seirbhísí seo agus tuilleadh seirbhísí nach iad le fáil ar ár n-aip saor in aisce – atá ar fáil ar an App store le haghaidh an iPhone, agus ar an Play store le haghaidh Android. Leann muid ar  Twitter agus Facebook má theastaíonn eolas breise uait maidir le cúrsaí aimsire agus aeráide.

You are here: