Tá báisteach throm a bhaineann le Stoirm Babet fós ag dul i bhfeidhm ar Éirinn - nuashonraithe Dé Céadaoin

Tá limistéar coimpléascach ísealbhrú a bhfuil roinnt frontaí leabaithe ann, ar a dtugtar Stoirm Babet, ag bogadh suas thar an Ríocht Aontaithe inniu, Dé Céadaoin an 18ú lá, agus a fhrontaí aimsire ag tabhairt bandaí báistí troime ar fud na hÉireann

Ón íomhá shatailíte thuas is féidir linn bandaí móra scamall a fheiceáil ag síneadh ón bpríomh-lárphointe ísealbhrú díreach os cionn thuaisceart na Fraince. Thug na bandaí scamall sin go leor báistí ar fud chontaetha an deiscirt Dé Máirt agus inniu (Dé Céadaoin).
Bhí rabhaidh bháistí oráiste ag Met Éireann do Chorcaigh, do Chiarraí agus do Phort Láirge, agus tuairiscíodh carnadh suntasach báistí sna contaetha sin ó mhaidin Dé Céadaoin.

Dúirt meitéareolaí Met Éireann Mark Bowe “fuair ceantair chósta i gCorcaigh an chuid is measa den bháisteach, agus bhí tuairiscí ann faoi thuilte agus bóithre á ndúnadh.”

Lean Bowe ar aghaidh, “tá an bháisteach throm fós ag bogadh ó thuaidh, agus mar sin tá síneadh curtha againn lenár rabhadh oráiste i bPort Láirge go dtí níos déanaí tráthnóna inniu, agus chuir muid Loch Garman agus Cill Mhantáin leis na rabhaidh oráiste freisin.”

Tá báisteach throm leanúnach le bogadh thar na contaetha sin ó dheas inniu, agus is dócha go mbeidh tuilte ann is go gcuirfear isteach go mór ar chúrsaí taistil.

De réir mar a leanann na frontaí a bhaineann le Babet ag bogadh ó thuaidh ar fud na tíre, is féidir linn a bheith ag súil le báisteach throm ag amanna i ngach contae agus, leis sin, tá rabhaidh bháistí ar leibhéal buí curtha i bhfeidhm ar fud na tíre ag Met Éireann.

Leanfaidh na rabhaidh sin ar aghaidh go dtí níos déanaí tráthnóna nuair a bhogfaidh an bháisteach throm dheireanach amach ó thuaisceart na tíre anocht

Léaráid 2: Réamhaisnéis Bháistí HARMONIE

Ag féachaint chun cinn go dtí deireadh na seachtaine, luaigh Bowe, “fanfaidh an aimsir fhliuch agus luaineach linn tar éis do Babet a bheith imithe, is baolach. Fanfaidh an brú íseal i réim, agus beidh múraíl nó tréimhsí báistí ar fud na tíre díreach amach go dtí an deireadh seachtaine, agus an baol ann go bhféadfadh tuilleadh rabhadh báistí buí a bheith ann.”

Tá réamhaisnéiseoirí ag déanamh monatóireachta ar éabhlóid Stoirm Babet agus ar a héifeachtaí de réir mar a théann sí thar an tír, mar sin bí cinnte bheith sábháilte agus fanacht cothrom le dáta leis na rabhaidh is déanaí ar www.met.ie/warnings

Léaráid 3: Réamhaisnéis Mheánbhrú na Farraige & Bháistí ECMWF (Lárionad Eorpach do Réamhaisnéisí Aimsire Meánraoin)

Táimid ag coinneáil súil ghéar ar fhorbairt na n-imeachtaí sin. Fan sábháilte, agus coinnigh suas chun dáta leis na nuashonruithe breise agus na rabhaidh is déanaí ar https://www.met.ie/warnings.