Báisteach throm ag dul i bhfeidhm ar Éirinn Dé Sathairn 13 agus trí Dhomhnach 14 Nollaig

Nuashonraithe Dé Sathairn, an 13 Nollaig 2025, i bhfeidhm go dtí go bhfógrófar a mhalairt

Rachaidh báisteach throm i bhfeidhm ar Éirinn ó thráthnóna Dé Sathairn go dtí an Domhnach

Forbhreathnú

Deir an meitéareolaí Gerry Murphy:

‘Beidh ardbhaol tuilte abhann mar gheall ar an mbáisteach throm leanúnach atá tuartha, i gceantair thiar Chorcaí, Chiarraí, Luimnigh, an Chláir, na Gaillimhe, Mhaigh Eo agus Dhún na nGall ó dheireadh Dé Sathairn 13 Nollaig, tríd an Domhnach 14 Nollaig agus chomh fada le Dé Luain 15 Nollaig, mar go bhfuil na hithreacha sáithithe agus leibhéil na n-aibhneacha ard. Le seachtainí anuas tá an aimsir thar Éirinn an-athraitheach le tréimhsí báistí troma. Tá go leor aibhneacha faoi at nó gar do leibhéil a mbruach.
Ar an Satharn 13 Nollaig bogfaidh fronta aimsire soir trasna na tíre agus scaipeadh báisteach chuig gach ceantar de réir a chéile. Gluaisfidh an fronta aimsire níos moille ar fud na tíre ansin. Beidh tréimhsí báistí troma ag teacht isteach ón iardheisceart ar feadh na hoíche ar an Satharn, le linn an Domhnaigh agus ar feadh tamaill oíche Dhomhnaigh. Is dócha go mbeidh tuilte abhann mar thoradh ar an mbáisteach throm atá tuartha don deireadh seachtaine, go háirithe i ndobharcheantair atá i mbaol tuilte. Laghdóidh ithreacha báite in uisce an méid uisce a shíolraíonn isteach sa talamh agus méadóidh siad sreabhadh uisce ar dhromchla na talún. D’fhéadfadh aibhneacha móra dul thar a mbruacha, agus d’fhéadfadh craobh-aibhneacha freagairt níos tapúla agus cuir thar bruach níos luaithe. Tá ceantair chósta thiar agus sléibhtiúla go háirithe i mbaol tuilte abhann le linn na tréimhse seo. Leanfaidh an baol tuilte ar aghaidh ó thráthnóna Dé Sathairn go dtí an Domhnach agus ina dhiaidh sin, mar gheall ar bháisteach leanúnach agus draenáil mhall ó dhobharcheantair sháithithe.’

 

RABHAIDH & TIONCHAIR:

Eisíodh rabhaidh bháistí ar leibhéil bhuí agus oráiste, agus is féidir iad a sheiceáil ar Rabhaidh & Comhairle – Met Éireann – Seirbhís Meitéareolaíochta na hÉireann

Áirítear ar na Tionchair:

  • Tuilte abhann agus tuilte dromchla
  • Coinníollacha taistil contúirteacha
  • Drochléargas

Chun na sonraí is déanaí faoi na rabhaidh a fháil, féach ar Rabhaidh & Comhairle – Met Éireann – Seirbhís Meitéareolaíochta na hÉireann

Réamhaisnéis Báistí Dé Sathairn 13 go Domhnach 14 Nollaig 2025

An Scéal Meitéareolaíoch

Fíor 1: Suíomh an scairdsrutha de réir na samhla ECMWF ag 12 Dé Sathairn, 13 Nollaig

Treoraíonn scairdsruth láidir ón iarthar córais ghníomhacha aimsire trasna an Atlantaigh agus thar Éirinn, rud a thugann tréimhsí báistí agus aimsir ghaofar ó am go chéile.

 

Fíor 2: Cairt Anailíse Aermhaise 0600AUL 13 Nollaig

Tá lagrach 956hPa ó dheas den Ghraonlainn ag gluaiseacht soir. De réir mar a théann na tosaigh aimsire a bhaineann leis i dtreo na hÉireann, forbróidh lagrach atá ag doimhniú, rud a thabharfaidh báisteach throm agus gaotha láidre ar fud na tíre Dé Sathairn agus Dé Domhnaigh. Beidh na fronta aimsire ag gluaiseacht níos moille de bharr gnéithe tonnta. Dá bharr sin, leanfaidh tréimhsí báistí troma isteach thar Éirinn oíche Dé Sathairn agus i rith an Domhnaigh, sula nglanfaidh siad ó thuaidh go luath Dé Luain.

CONAS FANACHT SLÁN LE LINN DROCHAIMSIRE – BÍ RÉIDH DON GHEIMHREADH

  • Coinnigh suas chun dáta leis an réamhaisnéis agus leis na foláirimh do do chontae ar met.ie, ar aip Met Éireann nó ar chainéil shóisialta Met Éireann (@meteireann).
  • Seiceáil le d’údarás áitiúil agus leis na páirtithe bainistíochta éigeandála (Gardaí, Garda Cósta na hÉireann, etc) trína suíomhanna gréasáin agus a gcainéil meán sóisialta chun eolas a fháil faoin tionchar i do cheantar.
  • D’fhéadfadh tuilte suntasacha tarlú i gCúige Laighean agus i gCúige Mumhan. Fan amach ó aibhneacha atá líonta, sruthanna agus bruacha abhann faoi thuilte, mar d’fhéadfadh na bruacha titim gan rabhadh.
  • Seachain cosáin feadh aibhneacha agus canálacha le linn tuilte, mar d’fhéadfadh leibhéil agus sruthanna an uisce a bheith i bhfad níos láidre ná mar is gnách.
  • Moilligh an luas, méadaigh an fad stoptha agus bí airdeallach maidir le huisce ar an mbóthar agus do smionagar
  • Má tá an bóthar romhat faoi uisce, ná téigh isteach ann. Cas ar ais agus roghnaigh bealach eile.
  • Seachain teagmháil le huisce tuilte nuair is féidir; mar d’fhéadfadh sé a bheith truaillithe le séarachas, ceimiceáin nó smionagar géar.
  • Ná déan iarracht siúl, rothaíocht ná tiomáint trí limistéir faoi thuilte – cas ar ais agus bain úsáid as bealach eile.
  • Cuimhnigh: D’fhéadfadh is a laghad le 150mm d’uisce atá ag sreabhadh go tapa tú a chur de do chosa, agus is féidir le 300mm d’uisce atá ag sreabhadh go tapa formhór na gcarranna a bhrú den bhóthar.
  • Fan amach ó cheantair chósta. Tá Garda Cósta na hÉireann ag moladh: “Fan Siar, Fan Ard, Fan Tirim”.
  • Moltar d’fheirmeoirí i gceantair atá i mbaol, feithiclí, innealra agus beostoc a bhogadh go talamh níos airde, más féidir, sula dtagann na tuilte.
  • Cinntigh go bhfuil do ghuthán póca lánluchtaithe chun cumarsáid a éascú roimh an teagmhas, agus coinnigh uimhreacha éigeandála áitiúla i do ghuthán.
  • Coinnigh soláthar beag bia, uisce agus leigheas sa bhaile ar fhaitíos nach mbeidh sé sábháilte dul amach.
  • Tá Líonraí BSL ag cur béime ar an mbaol a bhaineann le sreanga leictreachais beo atá tite agus molann sé don phobal agus do na seirbhísí éigeandála fanacht glan uathu agus aon scéal dá leithéid a thuairisciú dó láithreach. Is féidir teagmháil a dhéanamh le Seirbhísí Éigeandála BSL ag 1800 372 999. Is féidir leis an bpobal monatóireacht a dhéanamh ar www.PowerCheck.ie chun eolas a fháil faoi amanna athsholáthair an tsoláthair leictreachais.
  • Pleanáil roimh ré do thuilte: Is féidir leat dul i gcomhairle le léarscáileanna tuilte an OOP a léiríonn ceantair a d’fhéadfadh a bheith i mbaol bunaithe ar shonraí stairiúla (féach floodinfo.ie).
  • ‘Bí réidh don Gheimhreadh’: Lean na moltaí roimh an teagmhas, lena linn, agus ina dhiaidh ag gov.ie – Bí Réidh don Gheimhreadh

 

TABHAIR FAOI DEARA:

Is dócha go ndéanfar na foláirimh a nuashonrú. Coinnigh suas chun dáta le cuntais meán sóisialta Met Éireann, www.met.ie agus aip Met Éireann chun fanacht cothrom le dáta leis an réamhaisnéis agus le haon nuashonruithe ar rabhaidh.
Is féidir le ham agus suíomh imeachtaí aimsire foircneacha tionchar suntasach a imirt ar na hiarmhairtí a bheidh acu. Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara, in aon imeacht aimsire ar leith, nach mbeidh an leibhéal céanna aimsire ag gach láthair laistigh de limistéar rabhaidh.
Nuair atá droch aimsir geallta, tá níos mó seans ann go mbeidh aimsir agus tionchar na haimsire ag na leibhéil ísle le feiceáil freisin. Is féidir leis na dálaí aimsire roimhe seo cur isteach go láidir ar chineál agus leibhéal na dtionchar. Cuireann Met Éireann san áireamh na dálaí agus na tairseacha réamhaisnéise chomh maith le dálaí aimsire roimhe seo a d’fhéadfadh cur leis an leibhéal tionchair a bhfuiltear ag súil leis i gceantair áirithe agus rabhadh á eisiúint.