Aimsir chodarsnachta ar fud na hEorpa – Dé Máirt 18 Iúil 2023

Tá tionchar ag teas an-mhór agus contúirteach ar go leor codanna den leathsféar thuaidh, lena n-áirítear tíortha na Meánmhara ina bhfuil teocht an aeir idir 10 agus 15 céim Celsius os cionn an mheáin. Táthar le leanúint ar aghaidh leis an dtonn teasa an tseachtain seo agus táthar ag súil go mbeidh na teochtaí sáraithe is airde riamh. I gcodarsnacht leis sin, tá aimsir chorraitheach in Éirinn agus teochtaí ar an taobh fionnuar, gar do nó faoi mheán Iúil.

 

Cén fáth go bhfuil a leithéid de difríocht ann? Míníonn meitéareolaí Met Éireann Linda Hughes “Is é an príomhfhachtóir a chuireann leis ná suíomh an scairdsruth i gcomparáid le hÉirinn. Is banna de ghaotha an-láidir é an scairdsruth suite timpeall 9 nó 10km os cionn dhromchla an domhain agus is féidir leo lúbadh ó thuaidh nó ó dheas d’Éirinn. Faoi láthair tá an scairdsruth suite ó dheas (Fíor 1), rud atá ag cur Éire in aermhaise fionnuar agus sruth aeir siar go hiarthar thuaidh den chuid is mó (Fíor 2)”.

Fig1: Jet stream at 12Z 18th July 2023 (ECMWF)

Fíor 1: Scairdsruth ag 12Z 18 Iúil 2023 (ECMWF)

 

Fig 2: Wet-bulb potential temperature at 12Z 18th July 2023 (ECMWF)

Fíor 2: Teocht fhéideartha bolgán fliuch ag 12Z 18 Iúil 2023 (ECMWF)

Tá limistéar blocála ardbhrú ag cur isteach ar dheisceart na hEorpa, rud atá ag cur bac ar fhoirmiú scamall agus ag ligean do theas tógáil ó lá go lá.  Tá tonn teasa mara ag tarlú sa Mheánmhuir agus teocht dromchla na farraige sna fichidí lár go hard fichidí (Fíor 3).  Tá teochtaí oíche fós an-ard freisin.  Eisíodh rabhaidh ardteochta dearga i roinnt tíortha sa Mheánmhuir.  Le haghaidh aon turasóirí a théann sa treo sin seiceáil www.meteoalarm.org le haghaidh gach rabhadh gníomhach.

Fig 3: Sea surface temperatures (degrees Celsius)

Fíor 3: Teocht dhromchla na farraige (céimeanna Celsius)

Leanann Linda Hughes ar aghaidh, “I gcodarsnacht leis sin, tá Éire faoi thionchar chórais brú íseal an Atlantaigh faoi láthair, rud a fhágann go mbíonn aimsir inathraithe agus báisteach throm uaireanta. Ag féachaint ar réamhaisnéis an raoin sínte, níl aon chomhartha soiléir ann maidir le haon tréimhsí socraithe fada”.